Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Rannach

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 February 2023

Tuesday, 14 February 2023

Ceisteanna (220)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

220. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéid iarratas atá faighte ó theaghlaigh nua atá ag iarraidh scoláirí a choinneáil faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge do 2023, briste síos de réir contae; cén uair a dhéanfar scrúdú ar na tithe sin le gur féidir le na Coláistí Gaeilge pleanáil don séasur Coláistí Gaeilge i 2023; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6630/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá an t-eolas atá iarrtha ag an Teachta tugtha i bhfoirm tábla thíos. Áirítear anseo an líon iarratas ar aitheantas atá seolta isteach ag teaghlaigh ag an bpointe ama seo (lár Feabhra).

Níor mhiste a lua gur cláraíodh 39 teach nua faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne in 2022 i gcomparáid le 34 in 2019.

Contae

Líon Iarratas 2023

Gaillimh

2

Dún na nGall

4

Maigh Eo

2

Ciarraí

1

Corcaí

-

Port Láirge

-

-

Ós rud é go mbíonn iarratais á ndéanamh ar bhonn leanúnach ag an tráth seo bliana, táthar ag súil le tuilleadh iarratas idir seo agus tús shéasúr na gcoláistí mar is iondúil. Déanfar iad a mheas de réir a chéile idir seo agus samhraidh 2023.

Táim sásta go bhfuil an chistíocht bhreise atá ceadaithe le bliain anuas mar thaca breise do na coláistí ag cabhrú le coláistí tuilleadh teaghlaigh a mhealladh le lóistín a chur ar fáil dóibh.

Barr
Roinn