Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Ghaeltacht

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 February 2023

Tuesday, 21 February 2023

Ceisteanna (111)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

111. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén beartas atá ag a Roinn agus cén maoiniú atá ar fáil aici lena chinntiú go bhfuil bunstruchtúr maith fisiciúil ag an nGaeltacht, idir bhunstruchtúr eacnamaíochta agus bhunstruchtúr sóisialta; cén laincisí atá ar an Roinn faoi láthair, le hais mar a bhí san am atá caite, maidir le fónamh ar na riachtanais sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8518/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Baintear leas ar bhonn leanúnach as cláir faoi leith de chuid na Roinne agus Údarás na Gaeltachta faoi seach - de réir mar a bhaineann - chun cabhrú le bonneagar pobail, teanga, caitheamh aimsire agus fiontraíochta a fhorbairt fud fad na Gaeltachta.

Is faoi réir na mbearta ábhartha atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge agus i straitéis cúig bliana an Údaráis a ndéantar é sin.

Ar ndóigh tá ról lárnach ag Ranna agus forais eile stáit as gnéithe eile de bhonneagar na Gaeltachta. I measc na Ranna agus na bhforas sin, luafainn, mar shampla, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Roinn Iompair, an Roinn Talamhaíochta, Bia agus Mara, gan dearmad go deimhin ar na húdaráis ábhartha áitiúla.

Tá cistíocht shuntasach curtha ar fáil ag mo Roinn d’Údarás na Gaeltachta don bhliain reatha atá á chur chun fónaimh acu i rith an ama chun clár oibre na heagraíoctha a fheidhmiú. Cuimsítear sa chlár sin an infheistíocht a ndéantar sa bhonneagar fiontraíochta agus pobalbhunaithe atá faoina gcúram.

Comhthreomhar leis an gciste sin, baineann mo Roinn féin leas as an gciste atá ar fáil faoi Chlár Tacaíochtaí agus Pobail na Roinne chun bonneagar pobail, teanga agus caitheamh aimsire a fhorbairt tuilleadh ar leas phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Leis an gcistíocht shuntasach seo trí chéile, atá á n-árdú go céimiúil le tamall de bhlianta anuas, táim sásta mar Aire Stáit don Ghaeltacht go bhfuil cúram mar is cuí á dhéanamh den chuid sin de bhonneagar na Gaeltachta atá ábhartha do mo Roinn agus d'Údarás na Gaeltachta araon.

Barr
Roinn