Mar a dúirt mé i mo fhreagra ar Cheist Dála 3699/23 ar 26ú Eanáir 2023, tá an próiseas mar a bhaineann sé le ceapadh an Choimisinéara Teanga leagtha amach in Alt 20(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, áit a bhfuil ráite:
“Is é an tUachtarán ar chomhairle an Rialtais a dhéanfaidh duine a cheapadh chun bheith ina C(h)oimisinéir tar éis rún a ritheadh i nDáil Éireann agus i Seanad Éireann ag moladh cheapacháin an duine.”
Tuigim go bhfuil oifigigh mo Roinne ag obair ar an leabhrán comórtais faoi láthair. Fógrófar an post ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí. Mar atá ráite agam cheana, meastar go dtógfaidh sé suas le trí mhí ó dháta an fhógra chun iarrthóir a roghnú.
Ag an bpointe seo, níl dáta cinnte socraithe le haghaidh an post a fhógairt.