Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 February 2023

Tuesday, 21 February 2023

Ceisteanna (64)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

64. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad chuige nach mbeadh na ceanneagraíochtaí Gaeilge nó Foras na Gaeilge thíos leis ó thaobh maoinithe de má leanann an DUP ar aghaidh ag cur moill ar an bhFeidhmeannas ó Thuaidh a chur ar bun agus, ós rud é go bhfuil moill freisin dá réir ar an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas, arb éard atá inti an chomhairle a dhéanann na cinntí deiridh maidir le buiséid an Fhorais agus na gceanneagraíochtaí Gaeilge, an bhfuil straitéis ann chun teacht timpeall ar an tsáinn sin ar mhaithe le sláinte na gceanneagraíochtaí agus cad iad na pleananna meántéarmacha nó fadtéarmacha. [8403/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (6 píosaí cainte)

Conas is féidir linn déanamh cinnte de nach bhfuil na ceanneagraíochtaí Gaeilge nó Foras na Gaeilge thíos leis ó thaobh maoinithe de tosc an bealach ina bhfuil an DUP ag caitheamh leis an bhFeidhmeannas ó Thuaidh, agus gach rud a bheith gafa sa phróiseas sin ionas nach féidir le árdú nó airgead breise a chur i dtreo na ceanneagraíochtaí?

Is áisíneacht de chuid an Fhoras Teanga Thuaidh-Theas é Foras na Gaeilge. Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas, CATT, a cheadaíonn na buiséid do na forais tras-Teorann uile, an Foras Teanga san Áireamh. I mbliana, tá soláthar iomlán de €18.5 milliún i Meastacháin mo Roinne do chomhoibriú tras-Teorann agus formhór an airgid sin ar fail chun tacú le hobair an Fhorais Teanga. Mar gheall ar chúinsí polaitiúla i dTuaisceart éireann, áfach, níltear in ann cruinnithe CATT a eagrú faoi láthair. Dá réir, ní féidir aon mhéadú nó athrú a dhéanamh ar bhunmhaoiniú an Fhorais Teanga. Beag beann air sin, tá maoiniú breise curtha ar fáil ag mo Roinn do thionscadail agus cláir nach dtagann faoi scáth an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Mar shampla, cuireadh €300,000 breise ar fáil do chlár na leabhar Gaeilge mar chuid de bhuiséad 2023 agus d'fhógair mé €300,000 breise d'Fhoras na Gaeilge an tseachtain seo caite chun tacú le hearnáil na foilsitheoireachta. Chomh maith leis sin, d'fhógair mé go raibh €300,000 eile curtha ar fáil ag mo Roinn don tionscadal foclóireachta de chuid an fhorais.

Ní miste a lua go bhfuil mo Roinn an-ghníomhach maidir leis na hiarrachtaí atá ar bun aici teacht aníos le bealaí eile chun tacú tuilleadh le pobal na Gaeilge ar fud na tíre, i gcomhar le ceanneagraíochtaí Fhoras na Gaeilge, chun go mbeidh ar a gcumas an teanga a chur chun cinn agus a threisiú.

Chuir mo Roinn €150,000 ar fáil do Chonradh na Gaeilge anuraidh mar chiste spreagtha i gcomhar le Seachtain na Gaeilge, agus tá €200,000 eile ceadaithe agam le déanaí mar chiste 2023.

Aithním na soláthairtí breise atá déanta ag an Aire Stáit le cúpla seachtain anuas agus is maith é sin a fheiscint. Tá géarghá le teacht timpeall ar an sáinn ina bhfuilimid ó thaobh na gceanneagraíochtaí de go háirithe toisc go bhfuil an caiteachas ag ardú ó thaobh foirne, trealaimh, leictreachais agus gach rud eile. Gan CATT ag bualadh tá seans ann go mbeidh na ceanneagraíochtaí thíos leis. Tá sé deacair don Aire Stáit agus do gach duine ach caithfimid féachaint conas is féidir linn teacht timpeall air agus déanamh cinnte de go bhfuil an t-airgead atá ann don Ghaeilge á caitheamh ar an nGaeilge agus nach bhfuil an t-airgead i sparán in áit éigin agus go scaoiltear é leis na tograí atá ann cheana féin - tograí aonuaire don chuid is mó – ionas gur féidir linn teacht timpeall ar an sáinn atá ann.

Maidir le cúrsaí CATT, is léir go bhfuil go leor dul chun cinn déanta agus idirbheartaíocht maidir le prótacal Thuaisceart Éireann faoi láthair. Tá mé féin agus gach Teachta sa Teach dóchasach go mbunófar an Feidhmeannas in athuair de bharr na gcainteanna seo agus go mbeidh cruinniú don CATT chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin. Idir an dá linn, tá sé ar intinn agam cuairt a thabhairt ar an Tuaisceart, mar a dúirt mé leis an Teachta, chomh luath agus is féidir chun léargas a fháil ar an obair atá déanta go dtí seo ag an bhForas Teanga agus na grúpaí pobail ar son na Gaeilge agus ar son na hUltaise go deimhin.

Is maith an rud é go bhfuil sé fógartha ag an Aire Stáit go mbeidh cúpla turas aige, nó ar a laghad turas amháin go luath, ó Thuaidh chun gur féidir leis aitheantas a thabhairt do na heagraíochtaí agus grúpaí atá ag obair ó thaobh na Gaeilge. Idir an dá linn, caithfimid déanamh cinnte de go bhfuil bealach éigin inar féidir linn cuidiú leis na ceanneagraíochtaí má tá boilsciú ag tarlú sa buiséad acu. Ní hé an buiséad ach an méid atá á chaitheamh acu ar ghnáthleictreachas, cúrsaí foirne agus a leithéid.

Tá bealach againn maidir leis na fadhbanna atá sa CATT. Chomh maith leis na rudaí atá ráite agam go dtí seo, tá suas le €580,000 ar fáil do Chonradh na Gaeilge chun feachtas gluaiseacht a reáchtáil le dhá bhliain anuas leis an aidhm daoine óga a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus eolas a thabhairt dóibh faoi dheiseanna fostaíochta leis an teanga san Eoraip agus anseo in Éirinn, rud a bhfuil an-tábhachtach don Teachta. Ina dhiaidh sin, tá maoiniú de €325,000 ceadaithe don togra Baile Átha Cliath le Gaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge don tréimhse 2021 go 2024. Chomh maith leis sin, tá €290,000 eile curtha ar fáil d'Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonnacha agus don scéim teanga tí atá á reáchtáil ag na ceanneagraíochtaí Glór na nGael agus Gaeloideachas Teoranta. Beidh mé in ann na sonraí maidir leis sin a sheoladh chuig an Teachta tar éis na gceisteanna.

Barr
Roinn