Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Gníomhú ar son na hAeráide

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 February 2023

Tuesday, 21 February 2023

Ceisteanna (69)

Marc Ó Cathasaigh

Ceist:

69. D'fhiafraigh Deputy Marc Ó Cathasaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán conas a thacófar le hathrú aeráide agus le hoiriúnú aeráide sna réigiúin Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8501/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (8 píosaí cainte)

I have to mention that there is a Waterford film at the Oscars as well and not only one from Achill. Beidh a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil dúshlán faoi leith do mhuintir na tuaithe, do mhuintir na Gaeltachta agus do mhuintir na n-oileán maidir lena gcuid astaíochtaí a laghdú. Conas a thacófar le hathrú aeráide agus le hoiriúnú aeráide sna réigiúin Ghaeltachta chun na deacrachtaí áirithe seo a leigheas?

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tá curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil sé ag ullmhú plean gníomhaíochta don aeráid i láthair na huaire don Ghaeltacht trí chéile agus don eagraíocht féin. Is é an rud a bheidh i gceist leis an bplean seo, dár dteideal An Ghaeltacht Ghlas, ná gníomhaíochtaí a bhaineann le cúrsaí aeráide ó thaobh forbartha pobail sa Ghaeltacht, ó thaobh chliantchomhlachtaí an údaráis agus ó thaobh an údaráis féin mar eagraíocht.

Ó fógraíodh An Ghaeltacht Ghlas mar chuid de straitéis Údarás na Gaeltachta 2021-26, tuairiscítear go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh. Tá tús curtha ag an údarás le forbairtí fótavoltacha pobail i nGaoth Dobhair, ar An gCeathrú Rua agus ar pháirceanna gnó na heagraíochta. Tá béim níos mó á cur in 2023 ar thacaíochtaí do chliantchomhlachtaí Gaeltachta chun céimeanna a thógáil ó thaobh cúrsaí fuinnimh in-athnuaite agus gníomhaíochtaí athraithe aeráide de. Tá ráite ag an údarás go leanfar freisin ag tacú le Calafort Ros an Mhíl i nGaeltacht na Gaillimhe a fhorbairt mar láthair straitéiseach chun freastal ar earnáil an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta. Aithníonn an t-údarás go bhféadfadh Calafort Ros an Mhíl a bheith ina acmhainn luachmhar don Stát agus foinsí fuinnimh in-athnuaite á bhforbairt san Atlantach ar bhonn eischósta.

Anuas air sin, tá athbhreithniú á dhéanamh ag an údarás ar a stoc maoine chun an stoc sin a thabhairt suas chun caighdeáin i dtaobh ghnóthaí fuinnimh agus chun pointí luchtaithe do charranna leictreacha á gcur in áit ar pháirceanna gnó de chuid na heagraíochta. Tá tograí bithéagsúlachta agus bitheacnamaíochta á mbeartú ag an údarás chomh maith i gcomhar le heagrais forbartha pobail i gceantair éagsúla Gaeltachta, in éindí le bheith rannpháirteach i dtograí éagsúla a bhaineann leis an gclár dar teideal LIFE de chuid an Aontais Eorpaigh. Críochnóidh mé an freagra i gceann tamaillín.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Aontaím go bhfuil deis ollmhór i gceantair Ghaeltachta ó thaobh fuinnimh in-athnuaite ach tá a fhios againn go léir go mbeidh an próiseas dícharbónaithe níos dúshlánaí ar cheantair áirithe. Ag féachaint ar na ceantair Ghaeltachta, mar gheall ar nádúr scaipthe na tithíochta atá ann, beidh dúshlán faoi leith ag baint le dícharbónú córas iompair. Tá dea-shampla againn i nGaeltacht na nDéise sa Local Link atá ann. Tá seirbhís beagnach gach uair an chloig ansin. Ar na hoileáin, is bac ollmhór atá ann ó thaobh an dícharbónaithe ná an costas breise a bhaineann le tithe ar na hoileáin a iarfheistiú. Bhí an Teachta Christopher O'Sullivan ann nuair a bhí muintir na n-oileán istigh linn san audiovisual room le déanaí. Tá costas breise ag baint leis an rud sin ar na hoileáin. Conas a rachaimid i ngleic leis an gcostas sin?

Is ar an údarás atá an fhreagracht maidir leis na ceisteanna sin. Tá an t-údarás i mbun athbhreithniú a dhéanamh ar a chuid maoine chun caighdeáin éifeachtacha a chinntiú. Tá sé curtha in iúl ag an eagraíocht freisin go bhfuil sé ag ullmhú plean gníomhaíochta don aeráid i láthair na huaire don Ghaeltacht trí chéile, na hoileáin Ghaeltachta san áireamh, agus don eagraíocht féin. Is é an rud a bheidh i gceist leis an bplean seo, dár dteideal An Ghaeltacht Ghlas, mar a dúirt mé, ná gníomhaíochtaí a bhaineann le cúrsaí aeráide ó thaobh forbairtí pobail ar na hoileáin agus sna Gaeltachtaí ar fad agus ó thaobh chliantchomhlachtaí an údaráis.

Is cinnte go bhfuil ról faoi leith ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh na ndúshlán seo ach ní féidir linn a bheith siloed laistigh de na Ranna éagsúla. Bheadh sé oiriúnach dúinn labhairt leis an Aire, an Teachta Eamon Ryan, agus a rá leis go bhfuil sé níos costasaí a leithéid d'iarfheistiú a dhéanamh ar na hoileáin agus go bhfuil sé níos dúshlánaí seirbhísí iompair phoiblí a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta toisc go bhfuil an tithíocht atá ann scaipthe. Caithfimid níos mó infheistíochta a dhéanamh sna seirbhísí sin sna ceantair. Dúirt mé go bhfuil eiseamláir mhaith againn i nGaeltacht na nDéise. Caithfimid an sórt infheistíochta sin a dhéanamh i gCiarraí, i nGaillimh, i nDún na nGall agus i ngach uile áit a bhfuil Gaeltacht ann.

I would like to back up Deputy Ó Cathasaigh with regard to the experience on Cléire, especially with regard to housing. It is a big issue on Cape Clear and on all of our islands. We need innovative bespoke solutions for housing on the islands. A very innovative approach was used on the western islands of Scotland. It is referred to as gateway housing. It is essentially a type of social housing that gave people, perhaps young families, the opportunity to experience island life and to give them a taste of it so that they could find out whether it was for them. They then had the opportunity to rent or purchase on the island. It is a very innovative approach. It led to a repopulation of many of the western islands off Scotland. It is something we need to look at.

Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Cathasaigh as an ábhar seo a ardú. Tá rud amháin a chaithfidh mé a rá. Nuair atá mise ag déileáil leis na hoileáin agus cúrsaí tithíochta sna hoileáin, tá sé dochreidte cé chomh dona is atá sé faoi láthair, ach go háirithe i dtéarmaí cúrsaí pleanála. Is minic a fheicim ar na hoileáin go ndeirtear linn nach bhfuil daoine in ann pleanáil a fháil mar nach bhfuil nasc acu leis an áit, cé go bhfuil siad ina gcónaí ann an t-am ar fad agus ag obair ann. Tá fadhb mhór againn. Ansin tá na tithe folmha atá ar na hoileáin mar go bhfuil daoine ina gcónaí thar lear. Is leo na tithe seo agus níl na daoine áitiúla in ann teacht ar thithíocht. Is fadhb atá i gcúrsaí tithíochta ar na hoileáin freisin.

Maidir leis an bplean dar teideal An Ghaeltacht Ghlas, beidh seans ag an údarás labhairt le gach Roinn a bhfuil suim aici san ábhar sin ach freisin leis an bpobal agus iad ag plé an phlean. Returning to Deputy Christopher O'Sullivan's question, housing policy on the islands is not just an issue specific to the Gaeltacht islands, but to the islands in general. Officials in the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media have recently had discussions with officials in the Department of Housing, Local Government and Heritage on the wider issue of housing policy. I can update the Deputy on it later.

Question No. 70 taken with Written Answers.
Barr
Roinn