Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 February 2023

Tuesday, 21 February 2023

Ceisteanna (93)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

93. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil aon ról aici maidir le hobair an ghrúpa trasRialtais maidir le lipéadú earraí bia in Éirinn sa todhchaí i dtaobh cén teangacha oifigiúla a bheidh riachtanach ar lipéid de réir na rialacha nua ón gCoimisiún Eorpach; ar ardaigh sí ceist an dátheangachais leis an ngrúpa sin de réir mar atá á lorg ag feachtas pobail le déanaí toisc gurb ise atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge sa Stát; agus an dtabharfaidh sí ráiteas maidir leis an bhfeachtas chun a shocrú go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil riachtanach i gcás pacáistiú agus lipéadú ar tháirgí. [8400/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá an dlí a bhaineann le lipéadú bia faoi chúram na Roinne Sláinte agus Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann. Tuigim gur bunaíodh grúpa oibre trasrialtais in 2022, faoi scáth na Roinne Sláinte, agus é mar aidhm ag an ngrúpa plé a dhéanamh ar Rialachán an Aontais Eorpaigh maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí. Níl aon ról agamsa ná ag mo Roinn leis na rialacháin sin ná obair an ghrúpa.

Mar sin féin, i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla, (Leasú) 2021, agus aidhmeanna an Achta, tá sé i gceist agam scríobh chuig an ngrúpa sin leis an gceist a bhaineann le lipeadú dátheangach a phlé.

Tá roinnt plé déanta ag mo Roinn le lucht eagair feachtais atá ar bun leis an lipéadú dátheangach ar phacáistí a chur chun cinn agus táthar ag féachaint ar an ábhar i gcomhar leis an obair a dhéanann Foras na Gaeilge agus eagraíochtaí eile chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa réimse ghnó.

Question No. 94 answered orally.
Barr
Roinn