Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 9 March 2023

Thursday, 9 March 2023

Ceisteanna (369)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

369. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a thosófar an obair ar Chéim a Trí den obair ar mhuiríne Ros an Mhíl; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12130/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

De réir mar a cuireadh in iúl don Teachta i mí Eanáir, tá toilithe de dhíth le haghaidh forbairt Chaladh na mBád ag Ionad Iascaigh Cuain Ros an Mhíl agus táthar á lorg faoi láthair.

Idir an dá linn, táim cinnte go bhfuil an Teachta ar aon tuairim liom gur iontach an rud é go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh ar thionscadal na Cé Doimhne. Is cuid de leithdháileadh infheistíochta caipitil €17.36 milliún i Ros an Mhíl ó Chlár Forbartha Iascaigh Cuain agus Bonneagar Cósta 2023 é an tionscadal seo. Tá sonraí faoi na hoibreacha forbartha atá á ndéanamh ag Ros An Mhíl, agus in áiteanna eile faoin gClár, ar fáil ar líne ag www.gov.ie/en/press-release/bbd0b-minister-mcconalogue-announces-investment-of-373million-in-capital-projects-in-irelands-six-fishery-harbour-centres/

Barr
Roinn