Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 March 2023

Tuesday, 21 March 2023

Ceisteanna (471)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

471. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cé mhéad teach sóisialta a tugadh do chainteoirí Gaeilge, de réir údarás áitiúil, gach uile bhliain in imeacht na 10 mbliana seo a d’imigh tharainn. [13300/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Níl an t-eolas atá á lorg sa Cheist i seilbh mo roinne. Is faoin údarás áitiúil lena mbaineann tithe cónaithe a leithdháileadh de réir a scéime leithdháilte arna déanamh faoi alt 22 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2009, agus na Rialacháin ghaolmhara.

D'fhéadfadh an t-eolas atá á lorg ag an Teachta a bheith ar fáil go díreach ó na húdaráis áitiúla.

Barr
Roinn