Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Soláthar Iompar Scoile

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 22 March 2023

Wednesday, 22 March 2023

Ceisteanna (113)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

113. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil iarratas faighte ó eagraíocht (sonraí tugtha) ar mhionbhus a cheannach; má tá, cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14169/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta is tríd an gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga de chuid mo Roinne a chuirtear cúnamh caipitil airgid ar fáil do choistí agus eagraíochtaí cáilithe Gaeltachta chun áiseanna pobail, teanga agus caitheamh aimsire a fhorbairt nó a athchóiriú sna ceantair Ghaeltachta.

Cé nach bhfuil aon iarratas faighte go dáta ón eagraíocht atá luaite ag an Teachta ina cheist, ní gá a rá - i gcás go bhfaightear, go scrúdófaí an t-iarratas sin faoi réir gnáthchritéir an chláir agus go mbeidh feidhmeannaigh na Roinne ar fáil chun pé comhairle agus treoir is gá a chur ar fáil don iarratasóir maidir leis an ábhar seo.

Barr
Roinn