Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Pleanáil Teanga

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 3 May 2023

Wednesday, 3 May 2023

Ceisteanna (193)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

193. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad daoine a bhfuil cónaí orthu sa chuid de Limistéar Pleanála Teanga Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh atá laistigh de Chontae Mhaigh Eo, agus cé mhéad acu a bhfuil cónaí orthu i gContae na Gaillimhe. [20538/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ní choinníonn an Roinn na staitisticí atá iarrtha ag an Teachta. Tá fáil ar shonraí Daonáireamh ar bhonn Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta chomh maith le sonraí ábhartha eile maidir leis an bpróiseas pleanála teanga ar an amharcóir mapa a rinne an Roinn a fhorbairt i gcomhar leis an bPríomh-Oifig Staidrimh:

dahg.maps.arcgis.com/apps/webappviewer/index.html?id=7090794ee2ca4b53bb785b84c2bd9ad8

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar ndóigh ón bPríomh-Oifig féin maidir le gnóthaí Gaeilge trí chéile.

Barr
Roinn