Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 May 2023

Tuesday, 23 May 2023

Ceisteanna (347)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

347. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad é an meastachán ar chostais a bhainfeadh le maoiniú caipitil Údarás na Gaeltachta a mhéadú faoi 10%, 20%, 25% agus 35%. [24521/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is soláthar caipitil de €14,454,000 atá ar fáil d'Údarás na Gaeltachta i 2023. Bheadh 10%, 20%, 25% agus 35% den tsuim sin cothrom le €1,445,400, €2,890,800, €3,613,500 agus €5,058,900 faoi sheach.

Mar is eol don Teachta, tá méaduithe ar an soláthar ag brath ar na hacmhainní atá ar fáil don Roinn. Déanfar cinneadh maidir le soláthar 2024 mar chuid den phróiseas Meastachán don bhliain sin.

Question No. 348 answered with Question No. 345.
Barr
Roinn