I propose to take Questions Nos. 576 and 577 together.
Seoladh Creatchuraclam na Bunscoile ar an 9 Márta 2023. Leagtar amach ann an fhís; na prionsabail; na príomhinniúlachtaí; an struchtúr; na cuir chuige i leith foghlama, teagaisc agus measúnaithe; agus leithdháiltí ama do churaclam athfhorbartha. Chomh maith leis sin, soláthraíonn an creat an treoirphlean chun treoir a thabhairt d’fheabhsú an oideachais bunscoile agus speisialta do na blianta seo amach romhainn. Léiríonn sé tuiscint chomhroinnte ar mhórán gnéithe dearfacha inár mbunscoileanna agus inár scoileanna speisialta chomh maith le muinín astu agus tacaíonn sé le boird bhainistíochta ina ndualgais reachtúla a chinntiú go ndéantar oideachas cuí a sholáthar do gach leanbh inár scoileanna.
Is í an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) a d’fhorbair Creatchuraclam na Bunscoile thar ceann mo Roinnese, trí chur chuige i gcomhar ina ndeachthas i mbun plé le páirtithe leasmhara ar fud an chórais agus ar chuir taighde, obair leanúnach le pobail scoile, comhairliúchán forleathan agus dianmhachnamh bonn eolais faoi. I mí Feabhra 2020, foilsíodh Dréacht-Chreatchuraclam na Bunscoile i gcomhair comhairliúcháin, ina raibh moltaí maidir le leithdháiltí ama i gcuraclam athfhorbartha na bunscoile. Rinneadh an comhairliúchán in dhá chéim idir mí Feabhra 2020 agus deireadh mhí an Mhárta 2022. Bhí sé mar aidhm ag an gcomhairliúchán a chinntiú go mbeadh ar chumas duine ar bith nó eagraíocht ar bith a bhí ag iarraidh a gcuid tuairimí a léiriú i dtaca leis na moltaí sa dréachtchreat sin a dhéanamh agus baineadh é sin amach trí réimse modhanna chun aiseolas a sholáthar agus dearadh taighde docht.
Faoi mar is eol don Teachta, tá an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), ar cheann de chomhlachtaí ainmnithe CNCM mar atá leagtha amach san Acht Oideachais, 1998. Dá réir sin, bíonn teagmháil rialta idir an dá eagraíocht faoi ghnéithe ábhartha d’fhorbairtí curaclaim agus measúnachta. Le blianta beaga anuas, ar leibhéal na bunscoile, bhí ionadaíocht ag COGG ar Mheitheal Forbartha CNCM. Bhí ról lárnach ag an ngrúpa forbartha sin in obair CNCM ar Churaclam Teanga na Bunscoile (CTB). Ó 2018 i leith, d'fhreastail ionadaithe ó COGG freisin ar shraith leanúnach de sheimineáir churaclaim a bhí dírithe ar athfhorbairt a dhéanamh ar Churaclam na Bunscoile agus chuir siad leo. Ar an mbealach céanna, tá ionadaíocht ag CNCM ar Chomhairle COGG, rud a chumasaigh uasdátú ardleibhéil ar ghnéithe ábhartha d’obair CNCM a sholáthar ar bhonn leanúnach.
Le linn an chomhairliúcháin ar Dhréacht-Chreatchuraclam na Bunscoile, bhí cruinniú déthaobhach ag CNCM agus ag COGG maidir leis na moltaí i leith curaclam bunscoile athfhorbartha. Tionóladh an cruinniú sin i mí Dheireadh Fómhair 2020 agus ina dhiaidh sin fuarthas aighneacht i scríbhinn ó COGG i dtaca leis na moltaí i mí Aibreáin 2021. Tá an aighneacht sin, in éineacht le haighneachtaí eile, foilsithe ar shuíomh gréasáin CNCM.
Chomh maith le 147 aighneacht i scríbhinn a fhoilsiú, d'fhoilsigh CNCM Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar Dhréacht-Chreatchuraclam na Bunscoile, tuarascáil theicniúil a bhí ag gabháil léi ina raibh mionsonraí na bhfreagraí focal ar fhocal ar na ceistneoirí, agus Tuarascáil ar an gComhairliúchán le Leanaí ar Dhréacht-Chreatchuraclam na Bunscoile. Bhí an t-aiseolas a fuarthas le linn an chomhairliúcháin, lena n-áirítear an t-aiseolas ó COGG, lárnach in obair CNCM maidir le Creatchuraclam na Bunscoile a thabhairt chun críche. Is féidir teacht ar na tuarascálacha comhairliúcháin chomh maith leis na haighneachtaí atá foilsithe agus ar thuilleadh eolais ag www.ncca.ie.
Tá súil agam go ndearbhaíonn an t-eolas seo don Teachta go rabhthas i mbun plé le COGG le linn na forbartha ar Chreatchuraclam na Bunscoile, lena n-áirítear athruithe ar bith ar theagasc na Gaeilge inár mbunscoileanna agus inár scoileanna speisialta.