Beidh an Teachta ar an eolas gur fhógair mé i mí an Mhárta 2022 clár oibre uaillmhianach do Shraith Shinsearach oideachais athshamhlaithe ina bhfuil an scoláire mar chroílár eispéireas a S(h)raithe Sinsearaí. I m’fhógra, leag mé amach fís shoiléir don tSraith Shinsearach. Tá dul chun cinn suntasach déanta go dtí seo leis an bhfís a chur i bhfeidhm a bhí leagtha amach agam mí an Mhárta seo caite, agus tá an obair seo ag leanúint ar aghaidh.
B’fhéidir go bhfuil an Teachta ar an eolas gur fhógair mé i mí an Mhárta 2023 gur cuireadh siar an plean eatramhach go mbeadh an chéad pháipéar den dá pháipéar i scrúduithe Béarla agus Gaeilge na hArdteistiméireachta déanta sa Chúigiú Bliain. Bhí sé i gceist go mbogfaí Páipéar 1 mar bheart eatramhach chun ualach an mheasúnaithe a roinnt agus folláine na scoláirí a fheabhsú. Bhí sé i gceist freisin go bhféadfadh oiread scoláirí agus is féidir éifeacht áirithe a mhothú maidir leis an gclár leasaithe sula dtugtar isteach an príomchlár leasaithe.
Le cúpla mí anuas, bhí m’oifigigh agus mé féin i dteagmháil leis na páirtithe leasmhara éagsúla chun tuiscint a fháil ar na hábhair imní atá orthu faoin athrú seo.
Tar éis machnamh a dhéanamh ar na tuairimí a chuir na páirtithe leasmhara ar fáil, chinn mé an t-athrú pleanáilte seo a chur siar ionas go ndéanfaidh na scoláirí sin atá ag teacht isteach sa chúigiú bliain mí Mheán Fómhair seo chugainn an dá pháipéar i ngach ceann d’ábhair na Gaeilge agus an Bhéarla sa séú bliain.