D’fhógair mé le déanaí, ar an 9ú lá den mhí seo, go bhfuil sé beartaithe plean teanga cuimsitheach a ullmhú agus a fheidhmiú do Bhéal an Mhuirthead. Mar thoradh ar an bhfógra sin, tá Údarás na Gaeltachta ag glacadh le hiarratais ó eagraíochtaí áitiúla gur mian leo ról a ghlacadh mar cheanneagraíocht phleanála teanga sa bhaile sin. Tá go dtí an 30ú Meitheamh 2023 ag eagraíochtaí iarratas a dhéanamh agus roghnófar ceanneagraíocht don bhaile i ndiaidh sin.
Is tréimhse suas le dhá bhliain a thugtar do Cheanneagraíochtaí pleananna teanga a ullmhú de ghnáth, rud a chiallaíonn go mbeifí ag súil go gcuirfí an plean teanga faoi bhráid mo Roinne i samhradh 2025. Beidh maoiniú suas le €20,000 ar fáil d’ullmhú an phlean. Uair amháin go gceadaítear an plean, cuirfear maoiniú suas le €100,000 in aghaidh na bliana ar fáil thar thréimhse 7 mbliana chun é a chur i bhfeidhm.