Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 29 June 2023

Thursday, 29 June 2023

Ceisteanna (128)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

128. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais cén uair a bheidh múinteoirí in ann clárú i nGaeilge leis an gComhairle Mhúinteoireachta ar líne sa bhealach céanna ar féidir é a dhéanamh i mBéarla, agus cén fáth nach raibh sé in ann é seo a dhéanamh ó thús agus cad é an mhoill le rogha Ghaeilge a bheith ar fáil dóibh súid atá ag clárú nó ag athchlárú ós rud é go bhfuil sé riachtanach orthu chun dul ag múineadh sa Stáit. [26650/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá Chomhairle na Mhúinteoireachta tar éis comhairle a thabhairt gur chuir siad tús le tairseach clárúcháin nua, My Registration/MoChlarú, a chuirfidh réitigh ceann go ceann ar fáil i dtaobh próisis chlárúcháin. Tá an obair sin ag céim forbartha um an dtaca seo, agus tá i gceist go n-oscófaí an tairseach i mí Iúil.

Bhí tionchar ag dúshláin earcaíochta laistigh den earnáil TF dá conraitheoir ar obair forbartha ar an tairseach.

Idir an dá linn, tá bearta eatramhacha i bhfeidhm ag an gComhairle le gur féidir le múinteoirí cláraithe athnuachan a dhéanamh ar a gclárú nó iarratas a chur isteach ar ghrinnfhiosrúchán i nGaeilge.

Is fíor ardtosaíocht don Chomhairle Mhúinteoireachta é leagan Gaeilge den tairseach, My Registration/Mo Chlárú, a chur i bhfeidhm. Tá eolas ar fhorbairt na tairsí, MyRegistration/Mo Chlarú, as Gaeilge agus eolas ar na bearta eatramhacha maidir le clárú a athnuachan agus iarratas a chur isteach ar ghrinnfhiosrúchán i nGaeilge ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta.

Barr
Roinn