Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 July 2023

Thursday, 13 July 2023

Ceisteanna (55)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

55. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil sí buartha mar an tAire atá freagrach as cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 go bhfuil teip ar alt 7 sa chomhthéacs nach bhfuil leagan Gaeilge foilsithe seachas i gcás 21% den 511 Acht a bhí le cur ar fáil i nGaeilge faoi 2024 de réir chinneadh na hArd-Chúirte i 2019, agus an bhfuil sé i gceist aici dul i mbun comhrá leis an Roinn Dlí agus Cirt, Rannóg an Aistriúchán, nó Seirbhís Thithe an Oireachtais chun a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm an alt seo go luath. [34777/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (6 píosaí cainte)

Cuirim an cheist seo ar an Aire atá freagrach as Acht na dTeangacha Oifigiúla. An bhfuil sí buartha go bhfuil an chuma ar an scéal nach bhfuil ag éirí leis an Stát cloí le rialú na hArd-Chúirte le déileáil le riaráistí de breis is 500 Acht gan leagan Gaeilge a bheith orthu?

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tar éis dul i gcomhar le Seirbhís Thithe an Oireachtais, tuigtear dom go bhfuil riaráistí ar thiontuithe oifigiúla ann agus go bhfuil an tseirbhís ag obair chun na riaráistí sin a fhoilsiú ar bhonn sceidealta. Is léir nach mbaineann alt 7 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 leis na riaráistí sin go léir, áfach, ós rud é nár tháinig an t-alt i bhfeidhm go dtí mí Iúil 2006. Tá curtha in iúl dom go bhfuil na hAchtanna riaráiste sin go léir aistrithe anois agus go bhfuil siad ag céimeanna éagsúla den phróiseas. Sa chomhthéacs sin, tá 25% den 511 Acht foilsithe anois agus tá 33% eile idir profáil agus seiceáil deiridh. Sa chomhthéacs sin, in ainneoin deacrachtaí earcaíochta agus foirne a bhfuil fianaise tugtha ina leith ina tuarascálacha bliantúla agus eile, tá an tseirbhís fós ag obair i dtreo na sprice a leagadh síos i gcinneadh na hArd-Chúirte in 2019 a bhaint amach faoi 2024.

Tuigtear dom go bhfuil an tseirbhís ag breathnú ar na próisis earcaíochta atá in úsáid faoi láthair le feiceáil an bhfuil bealach le barrfheabhas a chur orthu agus tuilleadh daoine a mhealladh isteach. Ni aon iontas é go bhfuil deacrachtaí ag an tseirbhís cur le líon na mball foirne le Gaeilge le tabhairt faoin obair seo. Is fadhb choitianta í trasna na tíre i ngach earnáil tráth a bhfuil lán-fhostaíocht sa Stát i gcoitinne. Is léiriú é chomh maith ar an méadú thar chuimse atá tagtha ar líon na ndeiseanna fostaíochta atá ar fáil do phobal labhartha na Gaeilge de bharr thionchar Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus Acht na Gaeltachta, 2012. San áireamh anseo, dár ndóigh, tá poist mar phleanálaithe teanga, poist mar sheirbhísí phoiblí, agus poist in earnáil na fógraíochta ó cuireadh tús feidhme leis an bhforáil sin den Acht Teanga anuraidh.

Go ginearálta, tuigfidh an Teachta áfach gur gnó é d'Oifig an Choimisinéara Teanga monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta agus nach bhfuil aon ról agam mar Aire ann. Is gnó é chomh maith do chomhlachtaí poiblí iad féin a gcuid dualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh. Tá tiomantas na seirbhíse don teanga le léiriú go soiléir chomh maith ina plean straitéiseach 2022-24 ina mbaineann toradh straitéiseach a cúig go sonrach leis an nGaeilge agus an obair i dtreo Oireachtas dátheangach. Tuigtear dom chomh maith gur reáchtáil sí Collóiciam an Oireachtais ar Pharlaimintí Dátheangacha le déanaí chun breathnú ar dhea-chleachtais i dtíortha eile, eadhon, an Bhreatain Bheag agus Málta sa chomhthéacs seo.

Go raibh maith agat a Aire. De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, alt 7, "A luaithe is féidir tar éis aon Acht den Oireachtas a achtú, déanfar an téacs den chéanna a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla." Níl sé sin tarlaithe. In ainneoin an méid atá ráite ag an Aire agus obair na gcapall atá á dhéanamh ag an gcóras aistriúcháin sna Tithe, tá fadhb bhunúsach ann nach bhfuil Achtanna ar fáil i nGaeilge láithreach bonn. Caithfimid déileáil le sin. In ainneoin go bhfuil dul chun cinn déanta, níl muid ag cloí leis an rialú a tháinig ón Ard-Chúirt in 2019 agus tá Achtanna a ritheadh anseo ó shin. In ainneoin na ndeacrachtaí, an bhfuil an tAire sásta go mbeimid ag cloí leis na coinníollacha a leag an Ard-Chúirt ar an Stát na hAchtanna ar fad a bheith ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla roimh an bhliain seo chugainn?

Mar a dúirt mé cheana, is gnó é chomh maith do sheirbhís Thithe an Oireachtais féin a cuid dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh. Tuigfidh an Teachta chomh maith gur ghnó é d’Oifig an Choimisinéara Teanga monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta agus nach bhfuil aon ról agamsa mar Aire dá réir.

An aontódh an tAire liom gurb é réiteach na faidhbe seo ná na Billí a fhoilsiú cosúil le Ceanada go dhá-theangach ar an gcéad dul síos agus déileáil leis seo ó thús? Ansin bheadh muid in ann na hAchtanna, nuair atá siad rite, a bheith sínithe ag an Uachtarán i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna agus go ndéileáilfeadh sin leis an bhfadhb. B'fhéidir go gcothódh sé fadhbanna ar feadh tamall ó thaobh seirbhísí aistriúcháin anseo. Chomh maith le sin, tá ról ag an Aire mar an t-Aire atá bainteach le hAcht na dTeangacha Oifigiúla chun déanamh cinnte de go bhfuil na forálacha ar fad comhlíonta. Tá obair ar leith le déanamh ag Tithe an Oireachtais agus tá obair ar leith, dár ndóigh, ag an Aire Dlí agus Cirt. Sa deireadh thiar thall, caithfimid cinnte a dhéanamh de nach bhfuil masla a thabhairt againne don teanga náisiúnta agus nach bhfuilimid ag maslú iad siúd atá ag iarraidh cásanna cúirte a thógáil nó an dlí a scrúdú i nGaeilge nó i mBéarla.

Aithním an imní atá ar an Teachta Ó Snodaigh maidir leis an gceist áirithe seo. Tá sé le feiceáil go minic agam go bhfuil Tithe an Oireachtais tiomanta dhá-theangachas a chruthú sna Tithe seo. Mar a dúirt mé cheana, tuigfidh an Teachta gur ghnó é d’Oifig an Choimisinéara Teanga monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta agus nach bhfuil aon ról agam mar Aire ann. Is gnó é chomh maith do chomhlachtaí poiblí iad féin a gcuid dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh. Tuigtear dom go maith gur reachtaíodh Collóiciam an Oireachtais ar Pharlaimintí Dátheangacha le déanaí chun breathnú ar dhea-chleachtais i dtíortha eile a dhéanann tíortha cosúil leis an mBreatain Bheag agus Málta sa chomhthéacs sin.

Questions Nos. 56 and 57 taken with Written Answers.
Barr
Roinn