Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Na Meáin Chumarsáide

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 July 2023

Thursday, 13 July 2023

Ceisteanna (60)

Aindrias Moynihan

Ceist:

60. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén plean atá aici chun muinín an phobail in RTÉ a atógáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34726/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (6 píosaí cainte)

Léiríonn gach rud a bhí le cloisteáil faoi RTÉ le roinnt seachtainí anuas an láimhseáil ainnis agus míchothrom agus an chaimiléireacht fiú a bhí ar siúl in RTÉ. Tá daoine feargach mar gheall air. Braitheann an fhoireann atá thíos leis nach raibh cothrom na féinne á fháil. Tá an-díobháil déanta. Cén plean atá ag an Aire chun athchóiriú a dhéanamh agus chun muinín a atógáil in RTÉ?

Is cuid ríthábhachtach dár ndaonlathas é craoltóir seirbhíse poiblí iontaofa. I bhfianaise na gceisteanna faoi RTÉ a tháinig chun solais le déanaí, ní mór an mhuinín sin a atógáil. Ní féidir é seo a bhaint amach ach trí scrúdú leathan cuimsitheach a dhéanamh ar na fadhbanna in RTÉ agus trí bhealaí nua a chur i bhfeidhm chun gnó a dhéanamh chun nach dtarlóidh siad arís.

Dé Máirt seo caite, an 4 Iúil, d'aontaigh an Rialtas le moltaí a thug mé chun tosaigh chun tús a chur le scrúdú cuimsitheach ar RTÉ ina mbeadh dhá ghné: athbhreithniú neamhspleách chun scrúdú a dhéanamh ar struchtúir rialachais agus ar chultúr eagraíochtúil RTÉ, a ndéanfaidh sainchoiste comhairleach um rialachas maoirseacht air; agus athbhreithniú neamhspleách chun scrúdú a dhéanamh ar na meicníochtaí trína bhfostaítear conraitheoirí seachtracha, na táillí a íoctar, úsáid gníomhairí agus ábhair eile acmhainní daonna in RTÉ, a ndéanfaidh coiste comhairleach saineolaithe ar tháillí conraitheoirí agus cúrsaí acmhainní daonna maoirseacht air. Is é cuspóir an scrúdaithe seo tacú le muinín an phobail as RTÉ a atógáil.

Ina theannta sin, tá cumhachtaí á bhfeidhmiú agam faoi Alt 109(7)(a) den Acht Craolacháin chun cuntasóir fóiréinseach a cheapadh a dhíreoidh sa chéad ásc ar na cuntais bhabhtála agus ar aon chuntais eile lasmuigh den chlár comhardaithe a d'fhéadfaí a aithint. Ceapadh an cuntasóir fóiréinseach inné agus cuirfear tús leis an obair gan mhoill. Mar a leagadh amach i mo ráiteas tar éis chruinniú an Rialtais ar an 4 Iúil, táim ag súil leis na tuarascálacha deiridh a fháil laistigh de shé mhí ó thús an scrúdaithe agus tuarascálacha eatramhacha a fháil de réir mar is gá.

De réir mar a théann na hathbhreithnithe ar aghaidh, d'fhéadfadh go spreagfar torthaí, faoi mo rogha féin, raon feidhme an scrúdaithe a leathnú, a d'fhéadfadh tionchar a bheith aige ar amscálaí, lena n-áirítear na torthaí sin a eascraíonn as tuarascálacha Grant Thornton ina dhiaidh sin, obair Choiste na gCuntas Poiblí agus an Chomhchoiste Oireachtais um Thurasóireacht, Chultúr, na hEalaíona, Spórt agus na Meáin, agus ceisteanna a eascraíonn óna bplé.

Gabhaim buíochas leis an Aire. Tá ról craolacháin sheirbhísí pobail lárnach ag RTÉ agus tá muinín an phobail bunúsach ansin. Glacaim leis go bhfuil foireann bhainistíochta nua le teacht i bhfeidhm agus cabhróidh na fiosrúcháin sin atá luaite ag an Aire. Maidir leis na fiosrúcháin, ar an gcéad dul síos, ní fheadar an mbeidh siad in ann torthaí a thabhairt tapa go leor agus tuairisc a thabhairt tapa go leor. Pé tréimhse ama a bheidh i gceist, beidh bearna ama ann agus líonfar an bhearna sin, is baolach, le scamall agus comharthaí ceiste. An mbeidh siad riamh ábalta teacht tapa go leor agus an féidir an próiseas sin a bhrostú?

Anuas air sin, nó b’fhéidir chun cabhrú é a bhrostú ar aghaidh, an mbeadh aon tuairiscí a bhí déanta go hinmheánach ag RTÉ cheana féin, mar risk analysis a bheadh déanta ag an mbainistíocht, mar shampla, ar fáil don fhiosrúchán? Chabhródh sé dá bhfoilseofaí a leithéid. Braithim go mba chóir go mbeadh sé sin ar fáil mar léireodh sé ar shiúil RTÉ isteach ansin lena shúile oscailte, agus cén fiosrúchán a bhí déanta acu féin cheana féin.

Sílim go bhfuil trí cheist ansin. San am atá agam, déanfaidh mé iarracht iad a fhreagairt. Is maith an scéalaí an aimsir ach creidim gur thóg ard-stiúrthóir nua RTÉ, Kevin Bakhurst, roinnt céimeanna tábhachtacha chun tosaigh. Ina measc seo tá na gníomhartha seo a leanas: ar an gcéad lá, rinne sé an bord feidhmiúcháin a lánscor; agus d’fhógair sé grúpa comhairliúcháin foirne agus suirbhé fostaithe agus go bhfuil athbhreithniú á phleanáil aige ar róil agus gráid, pá agus comhionannas inscne agus tá clár leasaithe á chur i bhfeidhm aige. Gheall sé freisin a chomhoibriú iomlán leis an scrúdú seachtrach agus leis an gcuntasóir fóiréinseach atá á chur ar bun agam. Bhí an-áthas orm a chloisteáil i ráiteas an ard-stiúrthóra nua go bhfuil i gceist aige casadh le Nuacht TG4, Raidió na Gaeltachta agus Nuacht RTÉ gan mhoill. Feicim go leor athruithe agus is tús maith é sin.

Ceapadh an cuntasóir fóiréinseach Mazars cheana féin agus tá siad ag bualadh le hoifigigh mo Roinne inniu. Tá an dá choiste saineolaithe i bhfeidhm le haghaidh an athbhreithnithe agus táim ag súil go mbeidh na seirbhísí comhairleacha gairmiúla i bhfeidhm chun tacú leis seo go luath i mí Lúnasa. Táim ag súil leis an tuarascáil dheiridh ó na seanchoistí comhairleacha laistigh de shé mhí ach beidh tuarascálacha eatramhacha ann freisin. Tá rudaí ag bogadh go tapa ach tá sé tábhachtach go ndéanfar iad i gceart agus go gcuirfí réitigh fadtéarmacha i bhfeidhm.

Ag an am céanna leis na fiosrúcháin faoi chúrsaí airgeadais, an mbeidh fiosrúchán ann mar gheall ar chomhionannas sa tslí ina bhfeidhmíonn an eagraíocht? An leathnófaí é sin amach go dtí Raidió na Gaeltachta, TG4 agus go leor eile? Mar shampla, tá foireann an-bheag ag Raidió na Gaeltachta ag cur clár i láthair agus tá foireann i bhfad níos mó ag RTÉ Radio 1 chun clár comhchosúil a chur ar fáil. Tá sé soiléir nach bhfuil an t-ualach céanna ar gach aon duine. Tá sé tábhachtach go mbeadh comhionannas ann laistigh den eagraíocht.

Chomh maith leis sin, gach seachtain ar fud na tíre, bíonn ceadúnais le n-athnuachan ag daoine. Beidh siad ag féachaint ar RTÉ agus ar an mbille sin maidir leis an athnuachan. Cad a déarfaidh RTÉ leo? Conas a mheallfadh an tAire iad chun athnuachan a dhéanamh ar an gceadúnas?

Mar a dúirt mé cheana, bhí an-áthas orm a chloisteáil i ráiteas an ard-stiúrthóra nua go bhfuil i gceist aige casadh le Nuacht TG4, le Raidió na Gaeltachta agus le Nuacht RTÉ. Sin tús an-mhaith. Leagtar amach go soiléir i gcónaí an tairbhe a eascraíonn ón táille cheadúnais teilifíse a íoc. Cé go dtuigim an fhearg atá ar dhaoine, is é an seasamh atá agamsa ná go mba chóir do dhaoine an táille a íoc. Dliteanas reachtúil é an ceadúnas teilifíse agus tá sé ríthábhachtach chun an tseirbhís craolacháin phoiblí a chosaint mar thairbhe phoiblí atá ar leas an phobail i gcoitinne. Tugaim faoi deara go bhfuil ráite ag an ard-stiúrthóir inniu go spreagfaidh sé daoine leis an táille cheadúnais a íoc ar mhaithe le seirbhís craolacháin phoiblí a chosaint.

Question No. 61 taken with Written Answers.
Barr
Roinn