Is Íocaíocht mhíosúil é an Sochar Leanaí a thacaíonn le tuismitheoirí agus caomhnóirí. Íoctar é do gach leanbh.
• a ghnáthchónaíonn leat agus a bhfuil tacaíocht iomlán á tabhairt agat dóibh
• atá níos óige ná 16 bliana d’aois atá in oideachas lánaimseartha nó atá ag tabhairt faoi oiliúint lánaimseartha nó atá faoi mhíchumas agus nach féidir leo tacú leo féin.
Is féidir éileamh a dhéanamh ar Shochar Linbh freisin do leanaí 16 agus 17 mbliana d’aois má tá siad in oideachas lánaimseartha nó in oiliúint lánaimseartha nó má tá míchumas orthu agus nach féidir leo tacú leo féin.
San am atá I Láthair ní íoctar Sochar Linbh thar ceann leanaí atá 18 mbliana d’aois nó níos sine, fiú má bhíonn siad in oideachas nó faoi oiliúint ach ó Mhí Mhean an Fhómhair 2024 beidh Sochar Linbh a leathnú chuig daoine atá 18 mbliana d’aois in oideachas lánaimseartha.
Eiseofar íocaíocht dhúbailte de shochar leanaí chun tacú le gach teaghlach i mí na Nollag 2023.
Tá súil agam go soiléiríonn é seo an t-ábhar don Teachta.
Bliain
|
Caiteachas (€ milliún)
|
Faighteoirí
|
Líon na bPáistí
|
2018
|
2,097.96
|
628,354
|
1,202,925
|
2019
|
2,102.33
|
637,007
|
1,216,475
|
2020
|
2,102.33
|
633,456
|
1,206,848
|
2021
|
2,090.45
|
630,632
|
1,197,794
|
2022
|
2,284.58
|
648,053
|
1,220,978
|