Rinne an Coimisiún um Thodhchaí na Meán, ar foilsíodh a dtuarascáil i mí Iúil 2022, moltaí maidir le leibhéil mhaoinithe poiblí do TG4 agus RTÉ araon. Ghlac an Rialtas i bprionsabal le 49 as 50 moladh a rinneadh, agus tá siad ag leanúint ar aghaidh ag tabhairt éifeachta dóibh lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le leibhéil mhaoinithe poiblí.
Maidir le TG4, mhol an Coimisiún leibhéal maoinithe iomlán €48.7m do 2023. Tar éis an leithdháileadh méadaithe a daingníodh i mBuiséad 2023, sáraíodh an maoiniú seo agus leithdháileadh €52m ar TG4 i mbliana. Ina theannta sin, i mBuiséad 2024, fuair mé ardú breise 9% ar mhaoiniú TG4 a thabharfaidh leithdháileadh na bliana seo chugainn don chraoltóir suas go €57m. Is ionann é sin agus méadú €19.8m sa tréimhse ó ceapadh mé i m’Aire.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil straitéis nua TG4 fós le hathbhreithniú ag Coimisiún na Meán a dhéanfaidh moltaí, de réir mar a cheanglaítear faoin reachtaíocht, maidir le leibhéil mhaoinithe amach anseo.
Maidir le maoiniú eatramhach do RTÉ, tá sé seo bunaithe ar mholtaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán agus ar mheasúnú breise NewERA ag cur san áireamh an laghdú ar ioncam ó cheadúnais teilifíse i mbliana. Tá TG4, trí chonradh, maoinithe go díreach ag an Státchiste.
Maidir le maoiniú breise féideartha do TG4 sa bhliain reatha, tá an cheist seo á meas agam faoi láthair, ag cur san áireamh na cistí atá ar fáil.