Mar aitheantas ar an ardú sa chostas maireachtála agus ar mhaithe le tuilleadh teaghlaigh a mhealladh isteach sa scéim, cuireadh ardaithe éagsúla anuraidh leis na tacaíochtaí a íoctar faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Geailge. San áireamh anseo:
• Tháinig ardú 20% ó €10 go €12 ar an bhfóirdheontas a íoctar le lucht lóistín na hearnála faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne;
• Ardaíodh an t-uaslíon scoláirí gur féidir le teaghlach a choinneáil ar íostas leo ó 12 go 16;
• Ardaíodh an fóirdheontas a íoctar le lucht brúnna agus coláistí cónaithe ó €5 go €7;
• Ardaíodh an fóirdheontas a chuirtear ar fáil do na teaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil do lucht ERASMUS Gaeltachta
ó €17 go €21;
• Ardaíodh an fóirdheontas a chuirtear ar fáil do lucht lóistín na scéime ÁRAINN Gaeltachta ó €27 go €33; agus,
• Ardaíodh an deontas do theaghlaigh nua a chláraíonn faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus do theaghlach atá ag iarraidh teacht ar ais sa chóras tar éis dóibh a bheith imithe as le chúig bliana nó níos mó ó €2,000 go dtí €6,000.
Ar ndóigh, tá an tionscnamh scoláireachtaí DEIS Gaeltachta méadaithe go €400,000 in aghaidh na bliana chomh maith ar mhaithe le deiseanna faoi leith a chur ar fáil do lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS na tíre freastal ar choláiste samhraidh sa Ghaeltacht.
Anuas air sin, cuirfear €500,000 breise ar fáil i 2024 chun tuilleadh deiseanna a chruthú do dhaoine óga ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste freastal ar choláistí samhraidh sa Ghaeltacht. Ciallóidh sé seo uile go mbeidh níos mó scoláirí ná riamh ó chúlraí éagsúla in ann freastal ar chúrsa samhraidh.
Ar ndóigh, bíonn mo Roinn i gcónaí ag faire amach ar bhealaí nua le cabhrú tuilleadh le hearnáil na gColáistí Gaeilge.