Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Fostaíochta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 16 November 2023

Thursday, 16 November 2023

Ceisteanna (147, 149)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

147. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an mbeidh íocaíocht á déanamh le bunscoileanna as pá a d’íoc siad le rúnaithe ar threoir na Roinne do Shamhradh 2023 sular ghlac an Roinn freagracht as pá na rúnaithe bunscoile ar fad i Meán Fómhair 2023; agus más rud é go mbeidh, cén uair a dhéanfar an íocaíocht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [50429/23]

Amharc ar fhreagra

Éamon Ó Cuív

Ceist:

149. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an mbeidh deontas coimhdeach á íoc le bunscoileanna don scoilbhliain 2023/2024 chun íoc as rúnaithe suas go Meán Fómhair agus as glantóirí; cé mhéad a bheidh á íoc le gach scoil don scoilbhliain 2023/2024; cén uair a íocfar é; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [50431/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I propose to take Questions Nos. 147 and 149 together.

Tá an Roinn seo tiomanta do chistiú a sholáthar do bhunscoileanna aitheanta agus iar-bhunscoileanna aitheanta sa scéim saoroideachais trí dheontais per capita. Is iad an dá phríomhdheontas ná an deontas Caipitíochta, a sholáthraítear chun freastal ar ghnáthchostais reatha laethúla, amhail téamh, soilsiú, glantachán, árachas agus cothabháil ghinearálta, etc., agus an deontas Coimhdeach, a sholáthraítear chun freastal ar an gcostas a bhaineann le baill foirne seirbhísí coimhdeacha a fhostú. Maidir le cistiú caipitíochta a thugtar le haghaidh costais reatha ghinearálta agus le cistiú coimhdeach a thugtar le haghaidh seirbhísí airíochais agus rúnaíochta, is féidir le scoileanna úsáid a bhaint astu mar dheontas coiteann a fhéadfaidh an Bord Bainistíochta a leithdháileadh de réir a thosaíochtaí féin.

De bhreis ar na deontais sin, soláthraíodh cistiú ab fhiú €20 milliún le linn an tsosa lár téarma chun tacú le gach bunscoil aitheanta agus iar-bhunscoil aitheanta sa Scéim Saoroideachais. Is é atá sa chistiú sin ná an chéad tráinse de chistiú breise ab fhiú €60 milliún san iomlán agus a fógraíodh mar chuid de bhearta Bhuiséad 2024 atá ceaptha chun cabhrú le scoileanna na costais reatha laethúla mhéadaithe, amhail costais téimh agus leictreachais, a sheasamh. Soláthrófar cistiú breise ab fhiú €40 milliún sa bhliain 2024.

Ag teacht sna sála ar ghlacadh Fórsa leis an gcomhaontú ón gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre i ndáil le tuarastail agus teidlíochtaí éagsúla saoire do rúnaithe scoile a bhfaightear cistiú deontais ina leith, is amhlaidh, maidir leis na rúnaithe sin a ghlac le téarmaí an chomhaontaithe seo, a cuireadh iad ar phárolla a n-oibríonn an Roinn seo é. Ós rud é nach mbeidh freagracht ar scoileanna as tuarastail na rúnaithe sin a íoc a thuilleadh, dá bhrí sin, is gá an cistiú deontais choimhdigh a leasú. Tá sé mar thosaíocht ag an Roinn go dtí seo a chinntiú go bhféadfaí rúnaithe a shocrú suas ar phárolla Roinne ag an bpointe ceart den scála pá ó mhí Mheán Fómhair 2023 i leith. I bhfianaise an lín rúnaithe atá i gceist, ba é a bhí ansin ná méid an-suntasach oibre.

Fuair scoileanna dhá thrian den Deontas Coimhdeach atá iníoctha sa bhliain 2023, agus tá an Roinn ag obair chun a chinntiú go dtabharfar chun críche na socruithe le haghaidh an cistiú deontais choimhdigh atá fágtha a íoc le scoileanna ionas gur féidir na cistí atá dlite do scoileanna a íoc a luaithe is féidir.

Is ionann an ráta caighdeánach don Deontas Seirbhísí Coimhdeacha agus €173 in aghaidh an dalta i mbunscoileanna agus €224.50 in aghaidh an scoláire in iar-bhunscoileanna.

Maidir le bunscoileanna a bhfuil níos lú ná 60 dalta acu, íoctar an deontas Caipitíochta agus an deontas Coimhdeach leo ar bhonn 60 dalta a bheith acu. Ar an leibhéal iar-bhunscoile, faigheann scoileanna a bhfuil níos lú ná 200 scoláire acu deontais a bhaineann le seirbhísí coimhdeacha ar bhonn 200 scoláire a bheith acu.

Barr
Roinn