Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coláistí Samhraidh

Dáil Éireann Debate, Thursday - 16 November 2023

Thursday, 16 November 2023

Ceisteanna (156)

Pearse Doherty

Ceist:

156. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén fáth nár íocadh go fóill na táillí atá ag dul do mhná tí i dtaca le mic léinn a d’fhan leo i mí Lúnasa, céard is cúis leis an moill, agus cathain a íocfar iad; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [50435/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ag an tráth seo, tá gach éileamh íocaíochta atá ar chumas mo Roinne a íoc i leith cúrsaí a reáchtáladh sna Coláistí Gaeilge i samhradh 2023 próiseáilte ag Rannóg na gColáistí Gaeilge agus seolta chuig Rannóg Airgeadais na Roinne. Déanfar na híocaíochtaí seo leis na teaghlaigh gan mhoill.Níor mhiste a lua leis an Teachta go bhfuil líon áirithe cásanna nach bhfuil ar chumas mo Roinne íocaíochtaí a dhéanamh ina leith go fóill de bharr páipéarachas gan a bheith in ord ag roinnt teaghlach, mar shampla Teastais Glanta Cánach. Bíonn an Roinn i dteagmháil leis na teaghlaigh áirithe seo ar bhonn leanúnach le cabhrú leo é seo a chur ina cheart ionas gur féidir na híocaíochtaí a phróiseáil chomh luath agus is féidir.Is ann do líon beag eile coláistí nach bhfuil eilimh ar íocaíochtaí faighte uathu go fóill. Tá an rannóg i dteagmháil leis na coláistí seo ar mhaithe len iad a spreagadh éilimh a sheoladh chuig an Roinn chomh luath agus is féidir. Den chuid is mó, is coláistí iad seo a bhaineann leas as brúanna chun lóistín a chur ar fáil seachas lóistín teaghlaigh.

Barr
Roinn