Éamon Ó Cuív
Ceist:264. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais briseadh síos a thabhairt ar an líon daoine a raibh díolúine acu ó fhoghlaim na Gaeilge sna blianta acadúla 2017-18, 2018-19, 2019-20, 2020-21, 2021-22 agus 2022-23 de réir rang sa bhunscoil agus de réir bliain san iar-bhunscoil, i.e. an líon daoine a raibh díolúine acu i Rang a 1, Rang a 2, Rang a 3, Rang a 4, Rang a 5 agus Rang a 6 sa bhunscoil agus an líon daoine a raibh díolúine acu sa 1ú Bhliain, sa 2ú Bliain, sa 3ú Bliain, san Idirbhliain, sa 5ú Bliain agus sa 6ú Bliain san iar-bhunscoil; chomh maith leis na cúiseanna ar bronnadh na díolúintí sin de réir rang sa bhunscoil agus de réir bliain san iar-bhunscoil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53827/23]
Amharc ar fhreagra