Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 December 2023

Tuesday, 5 December 2023

Ceisteanna (77, 78)

Mairéad Farrell

Ceist:

77. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an ndéanfaidh sí plé ar na rátaí pá a thuilleann mná tí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. [53572/23]

Amharc ar fhreagra

Pearse Doherty

Ceist:

78. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an dtabharfaidh sí eolas ar íocaíochtaí do na mná tí. [53574/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I propose to take Questions Nos. 77 and 78 together.

Tacaíonn mo Roinn le hearnáil na gcoláistí Gaeilge, éarnáil a bhíonn ag feidhmiú ar bhonn tráchtála go príomha, trí dheontais laethúla a chur ar fáil do theaghlaigh cáilithe Gaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí a bhíonn ag freastal ar na coláistí. Is ioncam é seo atá saor ó cháin ioncaim agus atá sa bhreis ar an ioncam a fhaigheann na teaghlaigh ó na coláistí féin. Go ginearálta, is é an cóimheas oibre don íocaíocht seo ná do gach euro a íocann mo Roinn le teaghlaigh atá aitheanta faoin scéim, íocann na coláistí timpeall €1.20. Is iad na coláistí féin a shocraíonn na rátaí seo agus níl aon ról ag mo Roinn ann. Tháinig méadú de 20% ó €10 go €12 ar an deontas laethúil atá iníoctha ag mo Roinn le teaghlaigh aitheanta na scéime a chuireann lóistín ar fáil ó thús na bliana 2022.Anuas air seo, ardaíodh an deontas tosaithe aonuaire do theaghlaigh nua atá ag lorg aitheantais faoin scéim faoi 300% in 2022 ó €2,000 go €6,000. Leathnaíodh scóip an deontais freisin chun costais tosaithe riachtanacha breise a chlúdach ann.Ní gá a lua go leanfar ag breathnú ar bhealaí breise le cabhrú tuilleadh leis an earnáil amach anseo.

Question No. 78 answered with Question No. 77.
Barr
Roinn