Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 14 December 2023

Thursday, 14 December 2023

Ceisteanna (240)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

240. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56021/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is mian liom a chur in iúl don Teachta Dála go n-eiseofar freagra iarchurtha dó maidir leis an gCeist Pharlaiminteach seo, i gcomhréir le Buanordú 51(1)(b).

Barr
Roinn