Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 14 December 2023

Thursday, 14 December 2023

Ceisteanna (323, 325)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

323. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56001/23]

Amharc ar fhreagra

Éamon Ó Cuív

Ceist:

325. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 20% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56037/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I propose to take Questions Nos. 323 and 325 together.

Ó tugadh isteach Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, tá mo Roinn tiomanta do na bearta a bhaineann le spriocanna fógraíochta a chur i bhfeidhm.

I ngach feachtas a rinneadh ó tugadh isteach na rialacha nua, tá iarracht déanta againn a chinntiú go bhfuil 20% dár n-ábhar fógraíochta á reáchtáil i nGaeilge agus go bhfuil 5% de bhuiséad gach feachtais caite ar fhógraíocht sna meáin Ghaeilge.

Tiomsófar tuilleadh faisnéise faoinár gcomhlíontacht leis na spriocanna Fógraíochta Gaeilge de réir na ndualgas tuairiscithe don Choimisinéir Teanga i R1 2024.

Barr
Roinn