Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 14 December 2023

Thursday, 14 December 2023

Ceisteanna (503)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

503. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Sláinte cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana seo an céatadán 20% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56054/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Toisc go mbaineann an cheist seo go díreach le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, d'iarr mé orthu freagra díreach a thabhairt don Teachta, chomh luath agus is féidir.

Baineann faisnéis ar na comhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth mo Roinne le cúrsaí oibríochtúla na gcomhlachtaí atá i gceist agus mholfainn go dtéann an Teachta go díreach i dteagmháil leis an Stiúrthóir/bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin/gCláraitheoir cuí.

Barr
Roinn