Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Acht na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 15 February 2024

Thursday, 15 February 2024

Ceisteanna (17)

Catherine Connolly

Ceist:

17. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceist Pharlaiminte Uimh. 284 den 5 Nollaig 2023; cén dul chun cinn atá déanta ar an obair athbhreithniúcháin ar na chéad 10 bplean teanga a ceadaíodh faoi Acht na Gaeltachta, 2012; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6815/24]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ar 28 Meitheamh 2023, d'fhógair mé go raibh conradh bronnta ar an gcomhlacht, Barr Feabhais Teo., chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéad 10 bplean teanga a ceadaíodh faoi réir Acht na Gaeltachta 2012. 

Cinnteoidh an tionscnamh seo, a bhfuil buiséad suas le €92,500 á chur ar fáil ina leith, go ndéanfar athbhreithniú neamhspleách ar fheidhmiú na bpleananna teanga seo. Cuirfear aiseolas maidir le feidhmiú na bpleananna ar fáil agus, bunaithe ar an méid a aithnítear san athbhreithniú, beifear in ann céimeanna a ghlacadh chun cur i bhfeidhm an phróisis phleanála teanga a fheabhsú.

Is iad seo a leanas an 10 Limistéir Pleanála Teanga atá i gceist:

• Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach & Machaire Rabhartaigh;

• Ná Déise;

• Ciarraí Theas;

• Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir;

• Ciarraí Thiar;

• Conamara Láir;

• An Cheathrú Rua;

• Maigh Eo Thuaidh;

• Ráth Chairn & Baile Ghib; agus,

• Árainn Mhór.

Tá curtha in iúl ag Barr Feabhais Teo. go bhfuil teagmháil ghníomhach déanta ag an gcomhlacht le páirtithe leasmhara éagsúla i leith an athbhreithnithe ó cuireadh tús leis. Tuigtear dom go bhfuil an comhairliúchán uile déanta mar a bhaineann sé leis an athbhreithniú agus go bhfuil tús curtha le dréachtú na tuarascála. Tá deimhnithe ag Barr Feabhais go bhfuil i gceist acu go mbeidh an cháipéis chríochnúil curtha faoi bhráid na Roinne ag deireadh mhí an Mhárta, an spriocdháta a bhí aontaithe leo.

Is léir go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag Barr Feabhas san obair atá ar bun acu. Tá deimhnithe arís ag Barr Feabhas le hoifigigh mo Roinne go leanfaidh siad ar aghaidh go dícheallach lena gcuid oibre chun a chinntiú go gcuirfí tuarascáil chuimsitheach ar fáil de réir na dtéarmaí tagartha agus na spriocdhátaí a aontaíodh.

Nuair a bheidh deis ag mo Roinn leagan críochnúil den tuarascáil a bhreithniú, beifear in ann breathnú chun cinn ar an gcéad bhaisc eile de phleananna a mbeidh athbhreithniú le déanamh orthu.

Question No. 18 answered with Question No. 15.
Barr
Roinn