Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 15 February 2024

Thursday, 15 February 2024

Ceisteanna (24)

Catherine Connolly

Ceist:

24. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceist Pharlaiminte Uimh. 97 den 5 Nollaig 2023, an dtabharfaidh sí an t-eolas is déanaí ar aon teagmháil idir a Roinn agus Údarás na Gaeltachta maidir le tithíocht a chur ar fáil ar thalamh agus réadmhaoin atá faoi úinéireacht an Údaráis; an dtabharfaidh sí na sonraí a bhaineann leis an gcur chuige a d'ullmhaigh an tÚdarás agus a bhí le cur i láthair Bhord an Údaráis ag cruinniú na Nollag 2023; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6813/24]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Bíonn teagmháil rialta idir mo Roinn agus Údarás na Gaeltachta maidir le tograí atá faoi bhráid na heagraíochta - tograí tithíochta san áireamh.

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta €250,000 in airgead caipitil ag cruinniú mhí na Nollag 2023 a bhaineann le obair chomhairleoireachta agus taighde i leith thíthíocht a fhorbairt i gceantair Gaeltachta. Mar a thuigim ón Údarás, is cead i bprionsabal atá tugtha ag an mBord don togra seo agus tá siad ag súil múnla tithíochta inacmhainne do cheantair Gaeltachta ar fud na tíre a fhorbairt mar thoradh ar an obair, a chuirfear i gcríoch i gcomhpháirtíocht le geallshealbhóirí éagsúla eile.

Tuigtear dom go bhfuil go leor oibre le déanamh go fóill ar mhaithe leis an múnla agus an cur chuige nua seo a fhorbairt. Tá curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil an eagraíocht ag lorg léirithe spéise ó údaráis áitiúla, eagraíochtaí tithíochta agus eagraíochtaí ábhartha eile chun tabhairt faoi fhorbairt an mhúnla eiseamláireach seo don trí shuíomh aitheanta. Is sa Rinn, i gContae Phort Láirge, ar an gCeathrú Rua i gContae na Gaillimhe, agus i gCarraig a'tSeiscin i nGaoth Dobhair atá na suíomhanna sin lonnaithe.

Chomh maith le teagmháil rialta idir mo Roinn agus Údarás na Gaeltachta, tá sé tugtha le fios ag an Údarás go bhfuil comhráití ar bun ag an eagraíocht le Comhairlí Contae áitiúla agus leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil, agus Oidhreachta i dtaobh feidhmiú an bheartais. Tá sé deimhnithe ag an Údarás go mbeidh aon teach inacmhainne a bheidh á thógáil ag tarraingt ar fhoinsí maoinithe reatha de chuid an stáit agus ag teacht le critéir incháilithe na scéimeanna atá in áit faoi láthair, agus go mbeidh coinníollacha docht teanga luaite leo chomh maith.

Cabhróidh an beartas tithíochta seo le daoine as cheantair Gaeltachta lonnú sa Ghaeltacht agus dul i mbun oibre inti.

Barr
Roinn