Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 29 February 2024

Thursday, 29 February 2024

Ceisteanna (215)

Mairéad Farrell

Ceist:

215. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i dtaobh Scéim Cothabhála na mBád Seoil a bhí á riaradh ag Údarás na Gaeltachta, cad é iomlán na ndeontas a bronnadh in aghaidh na bliana faoin scéim seo sa chúig bliana deireannacha a raibh sí á feidhmiú lena linn; an bhfuil measúnú déanta ar an éifeacht a bhí le deireadh a chur leis an scéim; agus an bhfuil machnamh déanta ar an scéim a athbhunú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [9869/24]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá curtha in iúl dom ag Údarás na Gaeltachta gur cuireadh deireadh le Scéim Cothabhála na mBád Seoil roinnt blianta ó shin agus nach bhfuil na taifid a bhaineann leis an scéim ar fáil san eagraíocht a thuilleadh, dá bharr.

Níl aon mheasúnú déanta ar an éifeacht a bhí le deireadh a chur leis an scéim agus níl sé i gceist an scéim a athbhunú.

Barr
Roinn