I propose to take Questions Nos. 106 and 107 together.
Baineann Acht na dTeangacha Oifigiúla le comhlachtaí poiblí, lena n-áirítear ranna agus oifigí rialtais; Údaráis Áitiúla; Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS); ollscoileanna; na Boird Oideachais agus Oiliúna agus institiúidí tríú leibhéal eile; gníomhaireachtaí, boird agus cuideachtaí stáit (tráchtála agus neamhthráchtála). Níl Re-Turn, ar eintiteas neamhbrábúis é arna bhunú ag tionscal deochanna na hÉireann, faoi réir an Achta.
Tá an fhaisnéis uile atá ar fáil ar an Scéim Éarlais agus Tabhair Ar Ais (DRS) ar www.gov.ie ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Tá mo Roinn tiomanta do bheith ag obair le Re-turn chun a chinntiú go bhfuil a gcuid cumarsáide poiblí chomh inrochtana do chainteoirí Gaeilge agus is féidir.
Níl áirítear aon cheanglas conarthach ar Re-turn ina bhformheas faoi rialacháin DRS. Ina ainneoin sin, tá an cuideachta ag déanamh socrú chun go n-aistreofar a bpríomhthreoir do chustaiméirí agus do ghnólachtaí go 10 dteanga, lena n-áirítear Gaeilge. Tá sé seo ar fáil anois.
Is ceist don mhiondioltóir a rinne infheistíocht sa mheaisín é teanga comheádain Meaisíní Díolacháin Ar Ais. Tá an Roinn sásta a bheith obair le chéile le Re-Turn chun infhaighteacht agus infheictheacht na Gaeilge a fheabhsú i ngach gné den Scéim amach anseo.