Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Teachta Ó Snodaigh as a cheist.
Tá obair ar bun i mo Roinn faoi láthair maidir le polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhorbairt. Tá sé mar cheann de na spriocanna atá ag mo Roinn breathnú ar na deiseanna chun níos mó Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a bhunú mar chuid den phróiseas pátrúnachta.
Chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt an pholasaí, cuireadh próiseas comhairliúcháin poiblí ar bun. Bhailigh sé seo tuairimí pháirtithe leasmhara – daoine óga, tuismitheoirí, múinteoirí, páirtithe leasmhara oideachais agus eagraíochta Gaeilge ina measc. Bhí trí thréimhse sa chomhairliúchán seo – ceistneoir ar líne agus glao ar aighneachtaí scríofa, grúpaí fócais, agus cruinnithe déthaobhacha idir mo Roinn agus páirtithe leasmhara.
Chomh maith leis sin, ghlac mo Roinn réimse gníomhartha chun a chinntiú go mbeadh an polasaí nua bunaithe ar thaighde reatha. Tá athbhreithniú ar an litríocht déanta dúinn ag Sealbhú, DCU. D’fhoilsigh mo Roinn tuarascáil ar sholáthar don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá taighde maidir le haonaid agus sruthanna lán-Ghaeilge i scoileanna meán-Bhéarla ar bun.
Tá sé i gceist ag mo Roinn go mbeidh deis againn treo an pholasaí a phlé le páirtithe leasmhara sula bhfoilseofar é. Tá sé ar intinn go gcuirfear tús le cur i bhfeidhm gníomhartha ón bpolasaí sa scoilbhliain 2024-25.
Aithním an tábhacht a bhaineann leis an oideachas lán-Ghaeilge a neartú. Táim ag súil leis an obair thábhachtach seo a thabhairt chun cinn, chun tógáil ar na torthaí dearfacha ón bPolasaí don Oideachas Gaeltachta.
Maidir le ceist an Teachta faoi dheisceart Bhaile Átha Cliath, is féidir liom a dheimhniú go bhfuil obair ar bun i mo Roinn maidir leis an athbhreithniú ar spásanna scoile lán-Ghaeilge i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.
Mar is eol don Teachta, níl an bhliain bhunaithe, an múnla pátrúnachta nó teanga an teagaisc socraithe go fóill do na hiar-bhunscoileanna nua a fógraíodh chun freastal ar an dá limistéar pleanála scoile i ndeisceart Bhaile Átha Cliath (Baile Átha Cliath 2_Baile Átha Cliath 4 agus An Naigín_Cill Iníon Léinín_Dún Laoghaire-Ráth an Dúin/Coill na Silíní).
Agus pleanáil ar siúl maidir le soláthar spásanna iar-bhunscoile lán-Ghaeilge, tá mo Roinn ag breathnú ar rollúcháin reatha agus ar rollúcháin pleanáilte i nGaelscoileanna sa cheantar. Táthar ag breathnú chomh maith ar cé mhéad spásanna iar-bhunscoile lán-Ghaeilge atá ar fáil sa cheantar cheana féin.
Tá an obair seo á déanamh chun an t-éileamh don soláthar iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge amach anseo a aithint nach féidir leis na Gaelcholáistí reatha sa cheantar freastal air.
Tá mo Roinn ag súil go mbeidh dóthain spásanna scoile ag na Gaelcholáistí atá ann cheana féin i gceantar ginearálta Bhaile Átha Cliath Theas chun freastal ar an éileamh sa ghearrthéarma.
Mar sin féin, i bhfianaise líon na ngaelscoileanna nua atá oscailte sa cheantar le blianta beaga anuas, táimid ag breathnú go gníomhach ar an scéal de réir mar a fhásann na Gaelscoileanna agus de réir mar a thagann méadú ar líon na ndaltaí i rang a sé sna Gaelscoileanna. Tá an staid á choinneáil faoi athbhreithniú againn.