Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Dátheangacha

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 April 2024

Tuesday, 16 April 2024

Ceisteanna (90)

Pearse Doherty

Ceist:

90. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Oideachais cén fáth nach bhfuil múinteoirí in ann clárú i nGaeilge leis an gComhairle Mhúinteoireachta ar líne sa bhealach céanna ar féidir é a dhéanamh i mBéarla, mar atá tagartha i gCeist Pharlaiminte Uimh. 128 den 29 Meitheamh 2023, agus an gcinnteoidh sí go mbeidh comhionannas ann do Ghaeilgeoirí go luath. [16372/24]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Faoi na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015 is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht ag a bhfuil an t-údarás reachtúil agus atá freagrach as gairm na múinteoireachta a rialú in Éirinn lena n-áirítear clárú múinteoirí sa Stát.

Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht um chaighdeáin ghairmiúla do ghairm na múinteoireachta, a chuireann chun cinn agus a rialaíonn caighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht. Cláraíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta múinteoirí faoin Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001-2015 agus i gcomhréir le Rialacháin Chlárúcháin na Comhairle Múinteoireachta, 2016. Cláraíonn an Chomhairle múinteoirí faoi chúig bhealach clárúcháin: Bealach 1 - Bunscoil, Bealach 2 - Iar-bhunscoil, Bealach 3 - Breisoideachas, Bealach 4 - Eile agus Bealach 5 - Múinteoir faoi oiliúint. Tá na híoscheanglais clárúcháin do gach bealach leagtha amach i Sceideal na Rialachán.

Tá sé deimhnithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta go ndeachaigh an leagan Gaeilge dá tairseach ar líne beo i mí Iúil 2023 agus go raibh formhór mór na tairsí ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Tá sé curtha in iúl ag an gComhairle Mhúinteoireachta dom go bhfuil bearta réamhghníomhacha á ghlacadh, agus leantar leis seo, chun a chinntiú gur féidir an próiseas athnuachana clárúcháin ar líne a chur i gcrích go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Mar atá faoi láthair, tá nach mór gach cuid den tairseach ar líne ar fáil i nGaeilge.

Ar chúiseanna feidhmiúlachta, tá líon an-bheag réimsí ar an bpróiseas athnuachana ar líne nach bhfuil ar fáil i nGaeilge agus a thaispeántar i mBéarla faoi láthair. Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta ag obair go gníomhach, áfach, lena soláthraí tríú páirtí chun é seo a chur ina cheart a luaithe is féidir.

Tá sé ina ardtosaíocht i gcónaí ag an gComhairle Mhúinteoireachta an leagan Gaeilge den tairseach Mo Chlárúchán a chur i bhfeidhm go hiomlán agus tá sé dearbhaithe dom go bhfuil sé meáite an tairseach ar líne a bheith ar fáil go hiomlán trí mheán na Gaeilge a luaithe is féidir.

Idir an dá linn, is féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta tacú le hathnuachan an chlárúcháin go hiomlán trí mheán na Gaeilge ar an nguthán nó trí rogha páipéar-bhunaithe a sholáthar.

Barr
Roinn