Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Pleanáil Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 18 April 2024

Thursday, 18 April 2024

Ceisteanna (18)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

18. Deputy Éamon Ó Cuív asked the Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media cé na pleananna nua atá aici agus na beartais nua atá i gceist aici a chur i bhfeidhm maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta don tréimhse atá fágtha i dtéarma an Rialtais seo; and if she will make a statement on the matter. [16942/24]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ba gné ríthábhachtach d’fhócas an Rialtais i gcónaí cur chun cinn agus caomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Léiríonn na pleananna agus na bearta atá leagtha amach ag mo Roinn don tréimhse atá fágtha de théarma an Rialtais seo agus ina dhiaidh sin go bhfuil cur chuige réamhghníomhach nuálach ar bun. Sna míonna amach romhainn cuirfear i bhfeidhm agus tógfar ar na straitéisí cuimsitheacha atá forbartha ag mo Roinnse atá dírithe ar fhás agus ar bheocht phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chothú.

Ina measc sin tá:

• cur i bhfeidhm na bpleananna gníomhaíochta a bhaineann leis an Straitéis do na hEalaíona Teangabhunaithe, a foilsíodh i mí an Mhárta. Tá €9 milliún euro geallta ag mo Roinn chun na pleananna seo a chur i bhfeidhm sna míonna agus sna blianta amach romhainn.

• beidh grúpa stiúrtha le bunú sna míonna amach romham a mbeidh de chúram air feidhmiú an Phlean Dhigitigh don Ghaeilge as seo go ceann cúig bliana a leagan amach.

• príomhghné den obair a bheidh ar bun agam sa téarma seo is ea feidhmiú iomlán agus rathúil Achtanna na dTeangacha Oifigiúla a chinntiú. Bunaíodh an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge i Meitheamh 2022 agus beidh an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge á chur faoi mo bhráid roimh an spriocdháta de 19 Meitheamh 2024.

• tá mé tiomanta do leanúint le cur i bhfeidhm na mbearta atá leagtha amach sa i dtaca leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a bheidh ag teacht chun críche in 2030. Cuireadh bliain bhreise le saolré an Phlean Gníomhaíochta 2018-2023  go deireadh 2023 ionas go mbeadh deis chuí ag páirtithe leasmhara cúram a dhéanamh d’fheidhmiú na mbearta agus dul i ngleic le pé moill a d’eascair as an bpaindéim. Beidh tuairisc bhliantúil eile le hullmhú don bhliain 2023 dá bharr seo.  Idir an dá linn, tá athbhreithniú le déanamh ar Phlean Gníomhaíochta 2018-2023 agus beidh Plean Gníomhaíochta nua á ullmhú don tréimhse atá fágtha den Straitéis ag tógáil san áireamh toradh an athbhreithnithe sin.

• ar 28 Meitheamh 2023, fógraíodh go mbeidh athbhreithniú á dhéanamh ar an gcéad 10 bplean teanga a ceadaíodh faoi réir Acht na Gaeltachta 2012. Tuigtear dom go bhfuil an comhairliúchán uile déanta de réir mar a bhaineann sé leis an athbhreithniú agus go bhfuil tús curtha le dréachtú na tuarascála a bheas curtha faoi bhráid mo Roinne go ríghairid.

• beidh athbhreithniú le déanamh ag mo Roinn ar an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge go luath, le cinntiú go mbeidh sé oiriúnach i bhfianaise achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Tá mé ag súil go gcuirfear an t-athbhreithniú sin i gcrích faoin bhfómhar i mbliana.

• tá mo Roinn ag obair faoi láthair ar scéim phíolótach a bhfuil sé mar aidhm léi cumas Gaeilge múinteoirí scoile agus oibrithe in earnáil an oideachais luathbhlianta a fheabhsú. Tá mionsonraí na scéime seo le haontú fós. Táim ag dréim leis go mbeidh an obair seo curtha i gcrích san fhómhar.

• tá cinneadh glactha anois ag an Rialtas an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) agus Forálacha Ilghnéitheacha 2024 a dhréachtú, mar thosaíocht. Is í príomhaidhm an Bhille ná an próiseas ainmniúcháin agus roghnúcháin reatha a rialaíonn ceapacháin ar bhord Údarás na Gaeltachta a athrú go próiseas nua toghcháin agus roghnúcháin. Beidh mé ag tabhairt ardthosaíocht d'achtú an Bhille seo sna míonna amach romhainn.

• Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a cheadaíonn na buiséid do na Forais Trasteorann uile, An Foras Teanga san áireamh, agus dá réir, buiséad Fhoras na Gaeilge. Le Feidhmeannas an Tuaiscirt ar ais anois, tá teagmháil leanúnach ag oifigigh mo Roinne le hoifigigh Roinn Pobail Tuaisceart Éireann maidir le buiséad 2024.  Tá suim de €700,000 curtha ar leataobh i mo Roinn don obair seo i mbliana.

• Táim tiomanta chomh maith d'fhorbairt shuíom Choláiste Lurgan i nGaeltacht Chonamara agus Cheanncheathrú Chonradh na Gaeilge mar lárionad Gaeilge do phobal na hardchathrach.

Question No. 19 answered orally.
Question No. 20 answered with Question No. 8.
Barr
Roinn