Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 18 April 2024

Thursday, 18 April 2024

Ceisteanna (27)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

27. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil sé fós mar sprioc aici Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais, mar a gheall an iar-Aire Stáit Patrick O’Donovan, agus má tá, cathain. [17071/24]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tháinig deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge in 2011. Faoin scéim d’íoctaí deontas, arbh fhiú suas le €260 in aghaidh na bliana le theaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a bhí in ann a léiriú don Roinn gurbh í an Ghaeilge príomhtheanga labhartha bhunadh an tí acu. Sa scoilbhliain deireadh dá riar 2010/2011, ba €660,660 an caiteachas a bhain leis an scéim. 

Ó cuireadh deireadh leis an scéim tá raon leathan de bhearta curtha i bhfeidhm ag mo Roinn faoi scáth an phróisis pleanála teanga - a tháinig i bhfeidhm ó shin - chun cabhrú le teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhian leo é sin a dhéanamh. 

I measc na bpríomhrudaí atá ar bun: 

• Tá cistíocht shuntasach á cur ar fáil ag an Roinn don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta ar fiú breis agus €5m é thar tréimhse trí bliana. Baintear leas as an gciste sin chun clár leathan tacaíochtaí praiticiúla a chur ar fáil atá dírithe ar thacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhian leo é sin a dhéanamh.

• Comhthreomhar leis an gciste sin, tá ciste faoi leith ar fiú €3.7 é i leith an tréimhse 2023 go 2026 ar fáil don eagraíocht Comhar Naíonraí na Gaeltachta chun tacú tuilleadh le soláthar seirbhísí sa réimse luathbhlianta sa Ghaeltacht . Ní áirítear sa chiste seo an ciste faoi leith a chuireann Údarás na Gaeltachta ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta arbh fiú €619,500 é i leith 2023.

• Mar a bhaineann sé le tacú le teaghlaigh Ghaeltachta tríd an ngréasán bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna Gaeltachta, luafainn an chistíocht ardaithe thar tréimhse de bhlianta beaga anuas atá á cur ar fáil ag mo Roinn chun deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil do lucht freastail scoileanna Gaeltachta. Cuimsítear sa tacaíocht sin na cistí faoi leith a chuirtear ar fáil faoi Scéim na gCúntóirí Teanga; Clár na gCluichí Gaelacha agus Clár na nEalaíon Teangabhunaithe. 

Tugtar léargas níos iomláine faoina bhfuil ar bun sa tuairisc bhliantúil is deireanaí maidir le feidhmiú Phlean Gníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge a bhfuil fáil air ar shuíomh mo Roinne. 

I bhfianaise an tábhacht faoi leith, áfach, a bhaineann le tacú tuilleadh fós le cur chun cinn na teanga ar bhonn teaghlaigh sa Ghaeltacht agus go deimhin sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga, tá i gceist ag feidhmeannaigh mo Roinne bualadh go luath le páirtithe leasmhara chun breathnú ar bhearta breise thairis an méid atá ar bun cheana a d’fhéadfaí a chur sa tsiúil chun tacú tuilleadh le cur chun cinn na Gaeilge ag leibhéal an teaghlaigh.

Barr
Roinn