Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil sé mar sprioc ag an eagraíocht, bunaithe ar na hacmhainní atá ar fáil di faoi láthair, go mbeidh tús curtha le feidhmiú an Scéim Tacaíochta Forbartha Gaeilge i 2024 le suas le 10 gcliant páirteach inti faoi dheireadh na bliana.
Tuigim go bhfuil obair ar siúl ag an eagraíocht chun sonraí na scéime a aontú agus go bhfuil ábhar tacaíochta chomh maith le critéir agus córas mheasúnaithe á bhforbairt don scéim phíolóta faoi láthair.
Díreofar sa scéim ar chomhoibriú le cliaint ar leith le fostaithe sa ghnó a aithint a bheadh sásta agus oilte feidhmiú mar Áisitheoirí Teanga ar feadh roinnt uaireanta an chloig gach seachtain. Beidh na fostaithe seo ag comhoibriú leis an Údarás le Plean Forbartha Gaeilge a fheidhmiú sa ghnó thar tréimhse trí bliana.
De réir an Údaráis, beidh gá leis na hAisitheoirí Teanga a chumasú sa réimse seo trí chlár oiliúna a sheachadadh dírithe ar spriocanna an Phlean Forbartha Gaeilge a bhaint amach. Díreoidh an Plean Forbartha Gaeilge ar réimse leathan gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm bunaithe ar riachtanais an ghnó féin, riachtanais na bhfostaithe ar an láthair oibre chomh maith lena riachtanais teanga sa mbaile nó sa phobal agus cultúr inmheánach an ghnólachta. Tuigim go mbeidh ceangail, caidrimh agus comhoibriú le heagrais eile a dhéanann seachadadh ar sheirbhísí trí Ghaeilge i réimsí áirithe sa phobal mar chuid den phlean seo.
Tá curtha in iúl go bhfuil sé i gceist go mbeidh tús á chur le haontú agus feidhmiú na scéime i líon cliaint aitheanta faoi thús an Fhómhair 2024.