Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 May 2024

Tuesday, 14 May 2024

Ceisteanna (349, 350)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

349. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil aon aitheantas ar leith tugtha i mbeartas an Rialtais maidir leis na hoileáin i gceantair Ghaeltachta a bhfuil pobail ina gcónaí iontu, chun ní hamháin an pobal a láidriú agus chun go bhfásfaidh sé, ach chun saol oileánda a éascú dóibh. [20925/24]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

350. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil aon aitheantas ar leith, aon tacaíocht ar leith aici, le haghaidh na n-oileán Gaeltachta agus an bhfuil aon obair déanta aici leis an Aire Caitríona Ní Mháirtín chun straitéis ar leith a mhúnlú le haghaidh na n-oileán agus na bpobal sin a labhraíonn Gaeilge sna hoileáin Ghaeltachta a thagann faoina stiúir mar an tAire a bhfuil cúram na n-oileán uirthi. [20926/24]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is polasaí uile-Rialtais é Ár nOileáin Bheo a foilsíodh anuraidh do na hoileáin amach ón gcósta - na hoileáin Ghaeltachta san áireamh. Bhí an Roinn Forbairt Tuaithe agus Pobail freagrach as an bpolasaí agus an plean gníomhaíochta a chur le chéile ach mo Roinn féin lán-pháirteach ann ó tharla gur oileáin Ghaeltachta iad roinnt mhaith acu.

Bhí ionadaíocht ag mo Roinn ar an gCoiste Idir-Rannach, a rinne maoirsiú ar fhorbairt an pholasaí agus a chuir ionchur luachmhar ar fáil. D’eascair plean gníomhaíochta as na cuspóirí agus éilimh a tháinig chun cinn le linn an phróisis sin ar fad.

Tá ionadaithe ag na hoileáin Ghaeltachta agus ag Údarás na Gaeltachta ar an gCoiste Monatóireachta a bunaíodh chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Ár nOileáin Bheo.

Aithnítear in Ár nOileáin Bheo gurb ionann an próiseas pleanála teanga agus polasaí an Stáit i leith na Gaeilge sna limistéir phleanála teanga Gaeltachta, na hoileáin Ghaeltachta san áireamh.

Tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina n-ullmhaítear pleananna teanga leibhéal an phobail i gceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh faoin Acht mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta nó mar Líonraí Gaeilge. Tá 4 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta ann a chlúdaíonn na 6 oileán Gaeltachta.

Tugtar tréimhse ama don phobal chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú. Le linn de na pleananna teanga a bheith á n-ullmhú, tugtar mianta an phobail san áireamh agus leagtar amach bearta agus gníomhaíochtaí i réimsí mar an córas oideachais, an teaghlach, an óige agus seirbhísí sóisialta agus caitheamh aimsire. Táthar ag súil go gcuirfidh na bearta agus na gníomhaíochtaí atá leagtha amach sna pleananna le húsáid na Gaeilge agus le saol na bpobail éagsúla sin.

Cuirtear allúntas bliantúil d’idir €120,000 - €180,000 ar fáil do na Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta chun Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú agus chun bearta an phlean teanga a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse 7 mbliana.

Is é seo a leanas hallúntais bliantúla a chuirtear ar fáil do na 6 oileán Gaeltachta tríd an bpróiseas pleanála teanga:

Limistéar Pleanála Teanga

Dáta ar ceadaíodh an plean

Allúntas Bliantúil

Toraigh

04/12/2020

€120,000

Árainn Mhór

13/09/2018

€120,000

Árainn (Inis Mór)

11/04/2022

€120,000

Árainn (Inis Oírr)

11/04/2022

€120,000

Árainn (Inis Meáin)

11/04/2022

€120,000

Cléire

13/08/2021

€120,000

Chomh maith leis sin, maoinítear trí eagraíocht ar leith trí allúntas pleanála teanga na Roinne. Is iad sin Comhar Naíonraí na Gaeltachta a dhíríonn ar sheirbhísí cúraim leanaí go príomha, Tuismitheoirí na Gaeltachta a reáchtálann imeachtaí sóisialta agus cultúrtha do theaghlaigh agus an clár Cuisle de chuid Ealaín na Gaeltachta a chuireann na healaíona chun cinn i measc an aosa óig. Is féidir le pobail na n-oileán tarraingt ar imeachtaí agus ar sheirbhísí na n-eagraíochtaí seo chomh maith.

Cuireann an Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga mo Roinne cúnamh caipitil agus reatha ar fáil chun tacú le pobail Ghaeltachta fás agus forbairt. Baintear leas as na cistí seo chun an teanga a neartú agus a chaomhnú agus chun cabhrú le háiseanna pobail, teanga agus caitheamh aimsire a uasghrádú nó a fhorbairt fud fad na Gaeltachta, na hoileáin Ghaeltachta san áireamh.

Tá maoiniú caipitil de €2.7m ar fáil faoin gclár in 2024 móide €500,000 a tugadh ar aghaidh ó 2023. Tá an maoiniú seo dírithe ar eagraíochtaí/coistí pobalbhunaithe ar mhaithe le bonneagar teanga agus pobail na Gaeltachta a threisiú. Cuirtear suas le 80% den chostas ar fáil de ghnáth do choistí Gaeltachta má éiríonn leo deontas a fháil ach ceadaítear suas le 90% a do thograí ar na hoileáin Ghaeltachta agus suas le 95% d’áiseanna luathbhlianta.

Tá maoiniú reatha €10.5m ar fáil faoin gclár in 2024. Tá trí mhórscéim faoi leith maoinithe faoin chlár seo agus bíonn siad seo ar fáil ar na hoileáin chomh maith agus is iad sin:

• Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

• Scéim na gCúntóirí Teanga

• Scéim na gCampaí Samhraidh

Tá mo Roinn tiomanta tacú leis na pobail oileánda Ghaeltachta trí chinntiú go bhfuil an rochtain chéanna acu ar chúrsaí maoinithe agus atá ag tograí ar an mórthír agus cuirimid ráta deontais níos airde ar fáil do thograí caipitil ar oileáin mar go dtuigimid go bhfuil costas níos airde ag baint leis na tograí seo.

Bhí Údarás na Gaeltachta rannpháirteach in ullmhú stráitéis náisiúnta na noileán, Ár nOileáin Bheo, i gcomhthéacs na n-oileán Gaeltachta a thagann faoi chúram na heagraíochta.

Cuireann an tÚdarás maoiniú ar fáil do sheacht n-eagras forbartha pobail i dtaobh forbairtí a dhéanamh ar na oileáin Ghaeltachta. Is iad sin:

• Comharchumann Chléire

• Comharchumann Oileán Árainn Mhór

• Comharchumann Thoraí

• Comharchumann na nOileán Beag

• Comharchumann Forbartha Árann

• Comhlacht Forbartha Inis Meáin

• Comhar Chaomhán (Inis Oirr)

Tá tacaíocht curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do na heagrais forbartha pobail seo i n-ullmhú pleananna gnímh cúig bliana dá limistéir, agus maoiniú breise curtha ar fáil chun cuidiú le tús feidhmiú na bpleananna sin. Cuireann an tÚdarás deontais reáchtála bliantúil ar fáil do na heagrais seo ar mhaithe lena gclár oibre bliantúil a bhaint amach.

Tá na hoileáin Ghaeltachta lárnach i bhfeidhmiú straitéis Údarás na Gaeltachta don Ghaeltacht trí chéile freisin, le maoiniú curthaar fáil do sé cinn de na heagrais forbartha pobail i dtaobh feidhmiú an Phróiseas Pleanála Teanga; gteiceanna ag feidhmiú ar cúig cinn de na hoileáin i láthair na huaire; agus an tÚdarás ag obair in éineacht le áisinteachtaí eile Stát eile ar nós Fáilte Éireann i bhforbairt tograí turasóireachta agus tograí caipitil eile dá leithid.

Question No. 350 answered with Question No. 349.
Barr
Roinn