The Ceann Comhairle, Mr Séan Ó Fearghaíl TD, established a Forum on a Family Friendly and Inclusive Parliament on 23 March 2021. The Forum presented its report to the Ceann Comhairle on 2 November 2021.
Tuarascáil an Fhóraim
Chuir an Fóram um Parlaimint Ionchuimsitheach atá Báúil don Teaghlach a thuarascáil i láthair an Cheann Comhairle Seán Ó Fearghaíl TD.
Bhunaigh an Ceann Comhairle an Fóram agus d’iarr ar a bhaill teacht aníos le moltaí praiticiúla inréadaithe a dhéanfadh áit oibre níos ionchuimsithí, níos oiriúnaí do theaghlaigh agus níos íogaire ó thaobh inscne de Thithe an Oireachtais.
Is ionann na moltaí sa tuarascáil seo agus treochlár le haghaidh na chéad chéime eile den aistear do Thithe an Oireachtais i dtreo an mhéid seo a bhaint amach.
Comhaltaí den Fhóram um Parlaimint Ionchuimsitheach atá Báúil don Teaghlach
- Uruemu Adejinmi, Comhairleoir
-
Is Comhairleoir í Uruemu Adejinmi i gContae an Longfoirt. Tá sí pósta agus triúr clainne uirthi, tá Céim Bhaitsiléara sa Mhatamaitic aici, mar aon le Céim Mháistreachta sa Riarachán Gnó, iarchéim san Anailís Riosca agus Airgeadais agus tá sí deimhnithe mar Chleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta.
Tá baint ag an gComhairleoir Adejinmi le go leor grúpaí pobail, lena n-áirítear Ardeaglais San Mel agus Seirbhísí Míchumais San Críostóir, agus is í bunaitheoir Líonra na hAfraice sa Longfort í, a bunaíodh d’fhonn tacú le haontacht agus le himeascadh Afracach i bpobal an Longfoirt.
- An Dr Fiona Buckley, léachtóir sa Roinn Rialtais agus Polaitíochta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, ag speisialú i bpolaitíocht inscne
-
Is léachtóir í an Dr Fiona Buckley sa Roinn Rialtais agus Polaitíochta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, ag speisialú i bpolaitíocht inscne. Díríonn taighde Fiona ar mhná sa pholaitíocht go príomha agus go háirithe ar iniúchadh ar inscne agus rialtas comh-aireachta agus ar thionchar na gcuótaí inscne toghcháin. Tá saothair maidir le polaitíocht na hÉireann agus riarachán toghchán foilsithe aici chomh maith.
- Holly Cairns, TD
-
Is Teachta Dála í Holly Cairns do dháilcheantar Chorcaí Thiar Theas. Is í urlabhraí pháirtí na nDaonlathaithe Sóisialta í maidir le talmhaíocht, bia agus muir; ceartas sóisialta agus míchumas. Is comhalta í den Chomhchoiste Oireachtais um Leanaí, Míchumas, Comhionannas agus Lánpháirtíocht.
Bhain Holly céad onóracha amach ar MSc sa Ghairneoireacht Orgánach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Spreag a cúlra mar fheirmeoir agus mar ghníomhaí comhshaoil í dul leis an bpolaitíocht.
- Norah Casey, Bean Ghnó agus Craoltóir
-
Is pearsa raidió agus theilifíse mór le rá í an craoltóir, an fiontraí agus an feachtasóir um chearta an duine, Norah Casey. Tá sé mar aidhm ag a hardán foghlama digití, Planet Woman, mná a chumasú, agus tá cuid mhór dá saol tiomanta do mheantóireacht a dhéanamh ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus ar bhunaitheoirí mná ar fud an domhain. Tá sí ar an mBord Eorpach agus is Ambasadóir Domhanda í le haghaidh Vital Voices a bhunaigh Céadbhean na Stát Aontaithe, Hillary Clinton, agus Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe, Madeleine Albright, ag an am, in 1997. Tá sí ar dhuine de bhunaitheoirí Líonra Mhná na hÉireann atá suite i Londain agus is comhalta í den Fhóram Idirnáisiúnta um Mhná.
Tá an dara heagrán dá leabhar Spark!, a d’fhoilsigh Penguin, ar fáil anois agus áirítear lena cainteanna TEDx The Cure for Grief agus The Courage to Leave (a léiriú féin ar fhoréigean baile). Is féidir breathnú ar a cuid oibre ar norahcasey.com. - Lisa Chambers, Seanadóir
-
Is Seanadóir de chuid Fhianna Fáil í an Seanadóir Lisa Chambers agus is as Maigh Eo í. D’oibrigh sí mar Theachta Dála do Mhaigh Eo sa 32ú Dáil. Is abhcóide cáilithe í ó thaobh gairme de agus is í an leas-cheannaire reatha ar Sheanad Éireann í agus ceannaire grúpa Fhianna Fáil sa Seanad.
- Jim Clarken, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Oxfam Ireland, Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Oxfam International agus Coimisinéir de chuid Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas
-
Is é Jim Clarken Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Oxfam Ireland, tá sé ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Oxfam International agus is Coimisinéir de chuid Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas é. Is mórthráchtaire é ar shaincheisteanna domhanda maidir le cearta an duine agus neamhionannas, agus oibríonn sé go dúthrachtach ar son chearta na mban. Spreag sé béim ar cheart inscne ag Oxfam agus é ag obair ar son chumasú eacnamaíochta agus rannpháirtíocht na mban i gceannasaíocht pholaitíochta agus ghnó, agus bhí sé i gceannas ar Chuibhreannas na hÉireann maidir le Foréigean ar bhonn Inscne.
- Alison Cowzer, Cathaoirleach, Women for Election
-
Is fiontraí agus bean ghnó í Alison Cowzer, agus is comhbhunaitheoir í de East Coast Bakehouse. Mar infheisteoir agus mar Dhragan, ar shraith RTÉ, Dragon’s Den, d’infheistigh sí airgead i roinnt fiontraíochtaí nuathionscanta agus feidhmíonn sí mar mheantóir dóibh.
Tá dúspéis ag Alison i líon na mban atá páirteach i gcúrsaí polaitíochta na hÉireann a mhéadú agus tá sí ina Cathaoirleach ar Women for Election, eagraíocht neamh-chlaonpháirteach a chuireann oiliúint, meantóireacht agus tacaíocht ar fáil do mhná atá ag cur tús le gairm pholaitíochta. Is comhalta boird í de roinnt eagraíochtaí neamhrialtasacha freisin, lena n-áirítear GOAL, Ronald McDonald House Charity, agus Rough Magic Theatre Company.
- Roisin Deery, Oifigeach Comhionannais, Éagsúlachta agus Ionchuimsitheachta, Seirbhís Thithe an Oireachtais
-
Is í Roisin Deery an tOifigeach Comhionannais, Éagsúlachta agus Ionchuimsitheachta i Seirbhís Thithe an Oireachtais. Is ról nua é seo i Seirbhís Thithe an Oireachtais, a bhí ag Roisin ó mhí an Mhárta 2020. Cuimsíonn an ról forbairt comhionannais, éagsúlachta agus ionchuimsitheachta chun cur le hobair Sheirbhís Thithe an Oireachtais maidir le heagraíocht ionchuimsitheach a thógáil agus lucht saothair ilghnéitheach a chruthú. Tá bunchéim san Eolaíocht Shóisialta ag Roisin mar aon le Céim Mháistreachta sa Bheartas Sóisialta ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus d’oibrigh sí le breis agus 15 bliana ag cur seirbhísí tacaíochta ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas.
- Tom Mallon, Abhcóide
-
Tá Tom Mallon ag cleachtadh ag an mBarra ó 1987 agus bíonn sé ag speisialú sa dlí fostaíochta. Is idirghabhálaí creidiúnaithe é, is léachtóir le dlí fostaíochta é in Óstaí an Rí agus in institiúidí eile agus is comhúdar é leis an Dr Mary Redmond nach maireann, ar Strikes: An Essential Guide to Industrial Action and the Law (2010).
Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann an Bharra Fostaíochta agus ina chéad chathaoirleach ar an gCumann, agus is comhalta de Chomhairle Óstaí an Rí é le roinnt blianta anuas. Toghadh mar Bhinseoir Óstaí an Rí é in 2015. Mhol Comhairle an Bharra é le déanaí mar chomhalta de Bhinse Smachta na gCleachtóirí Dlí.
- Ronan Murphy, Cléireach d’Oifig na gCeisteanna Parlaiminte, Seirbhís Thithe an Oireachtais
-
Is eolaí polaitiúil é Ronan Murphy a bhfuil a chúlra in athchóiriú na seirbhíse poiblí agus i mbainistíocht athruithe. Is é an Cléireach d’Oifig na gCeisteanna Parlaiminte i Seirbhís Thithe an Oireachtais é.
- Cáit NicAmhlaoibh, Comhairleoir agus Riarthóir Beartais Polaitíochta
-
Tá Cáit ina riarthóir agus comhairleoir beartais le grúpa Teachtaí Dála Neamhspleácha sa 33ú Dáil. Le breis agus deich mbliana tá sí ag obair le Comhaltaí den Oireachtas i Seanad Éireann agus i nDáil Éireann araon. Roimhe sin, d’oibrigh sí mar cheann acmhainní daonna san earnáil mhiondíola. Tá Céim Mháistreachta ag Cáit sa Léann Leabharlainne agus Faisnéise, mar aon le Dioplóma sa Chaidreamh Poiblí agus is idirghabhálaí deimhnithe í.
- Fiona O’Loughlin, Cathaoirleach Chácas Parlaiminte na mBan in Éirinn
-
Is Seanadóir de chuid Fhianna Fáil í Fiona O’Loughlin agus is as Cill Dara í. D’oibrigh sí mar Theachta Dála do dháilcheantar Chill Dara Theas sa 32ú Dáil, agus bhí sí ina Cathaoirleach ar an gComhchoiste um Oideachas agus Scileanna. Is í Fiona Cathaoirleach reatha Chácas Parlaiminte na mBan in Éirinn, a bunaíodh in 2017 mar fhóram traspháirtí do bhanpharlaiminteoirí na hÉireann a thugann deis dóibh plé a dhéanamh ar na saincheisteanna a théann i bhfeidhm ar mhná den chuid is mó agus dul i mbun feachtais ina leith.
- Neale Richmond, TD
-
Sular toghadh chun na Dála é in 2020, d’oibrigh Neale mar Sheanadóir, mar Chomhalta de Choiste na Réigiún de chuid an Aontais Eorpaigh agus mar Chomhairleoir Contae. Is céimí den Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath é Neale, agus d’oibrigh sé mar chúntóir parlaiminte i bParlaimint na hEorpa agus sa Dáil araon agus mar bhainisteoir tionscadal san earnáil neamhbhrabúis. Tá Neale ina chónaí sa Chéim lena bhean chéile agus lena mbeirt pháistí óga.
- Mary Upton, Cathaoirleach an Fhóraim um Parlaimint Ionchuimsitheach atá Báúil don Teaghlach
-
Toghadh Mary Upton chun Dáil Éireann i bhfothoghchán in 1999. Bhí sí ina hionadaí ar dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas-Lár mar Theachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre sula ndeachaigh sí ar scor in 2011. Tá PhD aici sa Mhicribhitheolaíocht Thionsclaíoch agus sular toghadh í ba léachtóir le micribhitheolaíocht bia í sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
- Fintan Warfield, Seanadóir
-
Is Seanadóir agus ionadaí de chuid Shinn Féin é Fintan Warfield. Tá a dhara téarma sa Seanad ar bun aige faoi láthair tar éis dó a bheith atofa in 2020. Is ceoltóir agus gníomhaí LADT é.
Téarmaí tagartha
Léigh Téarmaí Tagartha an Fhóraim um Parlaimint Ionchuimsitheach atá Báúil don Teaghlach.
Preaseisiúint
Léigh an phreaseisiúint inar fhógair an Ceann Comhairle bunú an Fhóraim um Parlaimint Ionchuimsitheach atá Báúil don Teaghlach.