Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Rannpháirtithe an tSiompóisiam

Is iad seo a leanas na trí théama a bhfuiltear ag díriú orthu i Siompóisiam na bliana seo:   

Éagsúlacht de chuid na hÉireann sa 21ú haois a thabhairt chun solais i bpainéal Phobal na Parlaiminte

Spreagchainteoir: Furkan Karayel – Údar, agus Cainteoir Éagsúlachta agus Cuimsithe

Furkan Karayel

Is cainteoir éagsúlachta agus ionchuimsitheachta í Furkan Karayel a bhfuil roinnt dámhachtainí buaite aici agus is í údar an leabhair shárdhíola “Inclusive Intelligence: How to be a Role Model for Diversity and Inclusion in the Workplace”. Tá Furkan ina léachtóir sa chlár Máistreachta Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe in Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire.

Is é an paisean atá aici ceannaireacht na mban i dteicneolaíocht agus éagsúlacht a threisiú agus bunaitheoirí ban a chumhachtú ar fud an domhain. Bhunaigh Furkan Diversein.com tar éis di 10 mbliana de thaithí ar innealtóireacht bogearraí i ngnólachtaí teicneolaíochta ilnáisiúnta in Éirinn. Bronnadh na Dámhachtainí “An Cainteoir is fearr i mBliana” uirthi chomh maith le “Rólchuspa Éagsúlachta agus Cuimsithe i nGnó” agus “Ceannródaí”.


Áisitheoir: Seanadóir Fintan Warfield

 Seanadóir Fintan Warfield

Tá páirt ag Fintan i ngníomhaíochas polaitiúil ó bhí sé 16 bliana d’aois. Nuair a bhí sé 22 bliain d’aois toghadh é chuig Comhairle Contae Átha Cliath Theas agus toghadh é mar Mhéara Chomhairle Átha Cliath Theas, rinne sé tosaíocht d’easpa dídine, de dhífhostaíocht na hóige agus de chomhionannas pósta. Anois agus é ina dhara téarma mar Sheanadóir leanann sé ar aghaidh ag obair ar reachtaíocht chomhionannais lena n-áirítear Aitheantas Inscne do dhaoine óga trasinscneacha agus neamh-dhénártha, ag cur cosc ar theiripe oiriúnaithe agus é ag obair mar bhall gníomhach den choiste Comhionannais Inscne.


An Seanadóir Eileen Flynn

An Seanadóir Eileen Flynn

D’ainmnigh an Taoiseach Micheál Martin an Seanadóir Eileen Flynn chuig an Seanad in 2020 agus is í an chéad duine den lucht siúil/Mincéir le hoibriú i dTithe an Oireachtais.

Tá cúlra aici í i bhforbairt agus i ngníomhaíochas pobail ar son Lucht Siúil na hÉireann agus i ndlúthpháirtíocht le mionlaigh eitneacha eile. Tá sí tiomanta do chúiseanna maidir le cearta na mban, cearta daonna, agus comhionannas.


Stephen Frost, Saineolaí Éagsúlachta, Cuimsithe agus Ceannaireachta

 Stephen Frost

Is saineolaí éagsúlachta, cuimsithe agus ceannaireachta é Stephen, agus bhunaigh sé Included in 2012. Tá sé i gceannas ar an bhfoireann agus oibríonn sé le ceannairí timpeall an domhain chun ceannaireacht ionchuimsitheach a leabú ina gcinnteoireacht.

Cheap, stiúir agus chuir Stephen cláir ionchuimsithe i bhfeidhm ó 2007–2012 do na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha i Londain mar Cheannasaí ar Éagsúlacht agus Cuimsiú do Choiste Eagrúcháin Londan. Bhunaigh agus reáchtáil Stephen foireann na háite oibre i mBalla na gCloch ó 2004–2007. Reáchtáil Stephen éagsúlacht agus ionchuimsitheacht in KPMG freisin agus d'oibrigh sé i bhfógraíocht agus i gcomhairliúchán.

Bhí Stephen ina Scoláire i gColáiste Hertford in Oxford agus bhí sé ina Scoláire Fulbright i Harvard. Tá sé ina Chomhalta Cuartaíochta den Chlár Ban agus Beartais Phoiblí. Tá roinnt dámhachtainí buaite aige, lena n-áirítear Dámhachtain Peter Robertson 2010 as ucht a bheith ina Sheaimpín Comhionannais agus Éagsúlachta agus Young Global Leader 2011 de chuid an Fhóraim Eacnamaíoch Domhanda chomh maith le bheith ar dhuine de ghníomhairí athraithe de chuid Management Today as ucht a chuid oibre cine agus inscne agus Dámhachtainí Winds of Change 2022 ó The Forum on Workplace Inclusion.

Mhúin sé Ceannaireacht Ionchuimsitheach i Scoil Ghnó Harvard, in Ollscoil Bhainistíochta Singeapór agus i Sciences Po sa Fhrainc agus chuir sé comhairle ar Rialtas na Breataine, ar an Aerfhórsa Ríoga agus ar an Teach Bán. Is é údar na leabhar The Inclusion Imperative (2014), Inclusive Talent Management (2016) agus Building an Inclusive Organization (2019), agus rinne sé eagarthóireacht ar The Key to Inclusion (Iúil 2022).


Shairoze Akram, Ambasadóir Éagsúlachta CLG

 Shairoze Akram

Tá Shairoze Akram ar son ionchuimsitheachta agus éagsúlachta. Tar éis dó bogadh go hÉirinn agus é an-óg, bhí deacrachtaí go leor ag Shairoze a bhíonn ag go leor daoine ó chúlraí mionlaigh. Bhain Shairoze úsáid as spórt chun cuidiú leis é féin a imeascadh isteach i sochaí agus i spórt na hÉireann mar chnámh droma a shaoil go dtí an lá inniu.

Rinne Shairoze ionadaíocht ar Mhaigh Eo ó fhoirne faoi bhun aoise suas go dtí na foirne sinsearacha, chomh maith le Bonn Chraobh na hÉireann faoi 21 a bhuachan le Maigh Eo in 2016. Rinne sé ionadaíocht ar fhoireann a choláiste Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath freisin ag leibhéal na bhFreisear agus Sigerson agus bhuaigh sé Craobhacha na hÉireann sa dá cheann acu. Baineann Shairoze úsáid as an méid atá bainte amach aige ar an bpáirc chomh maith lena scéal pearsanta chun GAA a dhéanamh níos ionchuimsithí mar spórt do gach duine. Rinne Shairoze obair le Páirc an Chrócaigh chun cainteanna a sheachadadh faoi ionchuimsitheacht agus éagsúlacht do chlubanna. Bhí baint ag Shairoze le clár faisnéise ar RTÉ darb ainm New Gaels inar chuir sé a thuras pearsanta i láthair. Ba ambasadóir é freisin le haghaidh feachtas Bringiton de chuid Supervalu le haghaidh na bliana 2021. 


Nicola Kelly, Oibrí Forbartha, Líonra Eagraíochtaí Ionchathrach 

Nicola Kelly

Oibríonn Nicola le cónaitheoirí in ionaid árasán údarás áitiúil den chuid is mó maidir le réimse deacrachtaí, in éineacht le grúpaí cónaitheoirí agus le daoine aonair. Tá sí ar fáil le hoibriú le haon ghrúpa nua nó téigh i dteagmháil léi má tá fadhb agat maidir le cúrsaí cothabhála nó maidir le do dhálaí maireachtála.

Is líonra pobail é ICON atá bunaithe sa cheantar ionchathrach thoir thuaidh, atá tiomanta aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste agus chun a chinntiú go gcloistear guth an phobail.

Is eagraíocht dheonach ina bhfuil tionscadail phobail, grúpaí tionónta áitiúla, chomh maith le daoine aonair ag obair agus ag maireachtáil sa cheantar. Tá sé de rún ag ICON a chinntiú go bhfuil ról gníomhach ag an bpobal i bhforbairtí áitiúla chomh maith le rochtain ar thacaíocht, traenáil, oideachas, agus dífhostaíocht.


An painéal a dhéanann ionadaíocht ar leasanna leanaí agus daoine óga

Príomhchainteoir – Harry McCann Bunaitheoir Chomhairle Dhigiteach na nÓg

Harry McCann

Cé nach bhfuil Harry McCann ach trí bliana fiche d’aois, is fear gnó agus iriseoir é a bhfuil duaiseanna buaite aige a bhunaigh é féin mar cheannaire smaointeoireachta agus mar ghuth cumhachtach don dream óg ar fud an domhain.

Bhí Harry go mór sa nuacht ar fud an domhain nuair a bhunaigh sé a chéad ghnó, Kid Tech roinnt míonna tar éis a chúigiú breithlá déag, chun an chaoi le códú a dhéanamh a mhúineadh do pháistí. Mar thoradh ar an rath a bhí air go luath ina shaol tugadh an leasainm “Bill Gates na hÉireann” air agus fuair sé tacaíocht ó dhaoine cáiliúla idirnáisiúnta ar nós Stephen Fry dá réir. Agus é ag cur leis an rath luath seo, chuir Harry a phaisean do ETIM agus a thaithí ar thionscal na teicneolaíochta le chéile chun an chéad Chomhairle Dhigiteach na nÓg (DYC) a bhunú ar domhan. Thug an chomhairle óg cúnamh do dhaoine óga guth a bheith acu ar feadh sé bliana i ETIM agus in Oideachas. Agus an chomhairle faoina cheannaireacht, rinne sí comhpháirtíochtaí le Accenture, Twitter, Facebook, agus le ceannairí tionscail eile, lena n-áirítear Rialtas na hÉireann agus Coimisiún na hEorpa. Chaith Harry na blianta ag forbairt na samhla nuálaí seo, agus rinneadh í a mhacasamhlú sa Ríocht Aontaithe faoi cheannaireacht an Virgin Group.

Ag teacht lena chuid oibre mar fhiontraí, bhí Harry mar ghuth mór le rá i gcúrsaí óige. Agus é mar chomhairleoir don Aontas Eorpach agus do Rialtas na hÉireann, thug Harry cúnamh chun go leor straitéisí digiteacha tábhachtacha agus beartais a mhúnlú ar fud na hEorpa. Bronnadh roinnt dámhachtainí air mar aitheantas ar a chuid oibre, lena n-áirítear Dámhachtain JCI do Dhaoine Óga Sármhaithe (JCI Outstanding Young Persons Award).

Mar iriseoir, thuill sé cáil mar cheann de na guthanna is aitheanta i meáin na hÉireann. Cuireann sé le roinnt clár teilifíse agus raidió náisiúnta agus scríobhann sé colúin ar an taobh eile den leathanach eagarthóireachta le haghaidh an Irish Independent agus do thejournal.ie. Agus ó tharla gurb é duine den dáréag iriseoirí roghnaithe ag an gCoimisiún Eorpach, tá Harry mar bhall de bhuíon Eorpach d’Iriseoirí Óga.

Agus Harry ag díriú ar roinnt spéiseanna gnó agus iriseoireachta, bhain Harry céim ard-dhara honóracha i nDaonnachtaí Digiteacha agus Teicneolaíocht Faisnéise i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, áit ar bronnadh scoláireacht iomlán air as ucht a chuid oibre i bhfiontraíocht agus nuálaíocht. Chomh maith leis sin, chuir sé céim mháistreachta i gcrích le déanaí i gCumarsáid Pholaitiúil in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.


Áisitheoir – an Teachta James O’Connor

[image src="/assets/Uploads/Images/Symposium-2022/Deputy-James-OConnor.jpg" id="27190" width="171" height="201" class="leftAlone ss-htmleditorfield-file image" alt=”Teachta James O'Connor"]

Toghadh James O’Connor TD (Fianna Fáil) chuig Dáil Éireann do dháilcheantar Oirthear Chorcaí le linn Olltoghchán 2020.

Agus é 22 bliain d’aois, bhí James ar dhuine de na daoine b’óige a toghadh chuig an Dáil riamh.

Sular toghadh chuig an Oireachtas é, bhí James ina intéirneach i dTeach Laighean leis an Taoiseach, Micheál Martin TD, Jim O’Callaghan TD agus Mary Mitchell O’Connor TD.

Thosaigh slí bheatha James mar ionadaí tofa i gComhairle Contae Chorcaí áit inar sheas sé i dToghchán Áitiúil 2019 i Limistéar Cathrach Oirthear Chorcaí agus é 21 bliain d’aois.

Ó ghlac sé páirt sa pholaitíocht náisiúnta, bhí an Teachta O’Connor dícheallach sa limistéar infheistíochta i mbonneagar caipitiúil sna limistéir iompair, oideachais, agus thithíochta.
Tá James mar bhall de Choiste um Chuntais Phoiblí, den Choiste um Iompar agus Cumarsáid agus den Choiste um Fhiontar, Trádáil agus Fostaíocht.


Agata Walczak, Speisialtóir Clár, Próisis agus Institiúidí Ionchuimsitheacha, na Náisiúin Aontaithe

 Agata Walczak

Is speisialtóir maidir le Próisis agus Institiúidí Ionchuimsitheacha í Agata Walczak agus tá sí i gcroílár forbairt parlaiminte ag Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe. Agus i dteannta phunann Rialachais domhanda Chlár Forbartha na Náisiún Aontaithe, bhainistigh agus tacaigh sí le roinnt tionscnamh ó 2016 ar aghaidh, i lárionad de rannpháirtíocht ionchuimsitheach polaitiúil, forbairt inbhuanaithe an duine agus de chothú na síochána, lena n-áirítear clár domhanda ar ghné pharlaiminte na mban, na síochána agus na sábháilteachta.

Sular ghlac sí páirt i gClár Forbartha na Náisiún Aontaithe, bhí roinnt ról aici i dTeach na dTiarnaí na Ríochta Aontaithe, i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, i bParlaimint Aeráide líonra parlaimintigh, agus i bhFondúireacht Aeráide na hEorpa.

Tá Máistir Dlíthe aici i nDlí Poiblí Idirnáisiúnta le speisialtóireacht sa timpeallacht agus i gcearta an duine ó Ollscoil Utrecht (an Ísiltír) chomh maith le Baitsiléir Ealaíon sna Saorealaíona agus sna hEolaíochtaí ó Ollscoil Utrecht agus Monash (an Astráil).


An Comhairleoir Céitinn – Sinn Féin (SF)

 Daniel Céitinn

Tá Daniel Céitinn mar bhall Shinn Féin de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath d’Ionchathrach Oirdheiscirt ó 2020, ghlac sé páirt sa Chomhairle nuair a bhí sé 24 bliain d’aois. Déanann sé ionadaíocht ar phobail i gcroílár na cathrach, i nDroichead na Carraige agus sa Bhaile Gaelach.

Agus é ag tabhairt faoina chuid oibre, is minic a thugann Daniel cúnamh i gcásanna a bhaineann le deacrachtaí tithíochta, rochtain ar chúram sláinte, agus freagraí pobal-stiúrtha ar iompraíocht fhrithshóisialta.

Tá Máistreacht san Eolaíocht bainte amach ag Daniel i ngnóthaí poiblí agus dlí na hEorpa ó Scoil na Polaitíochta i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus i gCaidreamh Idirnáisiúnta, chomh maith le B.A. (Onór.) i Stair agus in Eolaíocht na Polaitíochta ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.


Israel Olatunde, Lúthchleasaí Éireannach Gairmiúil Raoin is Faiche

Israel Olatunde

Is é Israel Olatunde an t-ainm atá orm. Tá mé 20 bliain d’aois agus is as Dún Dealgan mé, Contae Lú. Is scoláire fochéime mé i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus tá mé i mbliain na céime ag déanamh staidéar ar Ríomheolaíocht le hEolaíocht Sonraí.

Tá mé san iomaíocht i lúthchleasaíocht, ina rithim na rásaí 60 méadar agus 100 méadar. Thosaigh mé lúthchleasaíocht nuair a bhí mé 15 bliana d’aois, trí mo mheánscoil agus i mo chlub áitiúil. Ó shin ar aghaidh, rinne mé ionadaíocht ar Éirinn i gCraobhacha na hEorpa agus an domhain ag na leibhéil faoi bhun 18, faoi bhun 20 agus ag leibhéal na Sinsearach. Chuaigh mé san iomaíocht i gcraobhacha na hEorpa i mí Lúnasa i München, sa Ghearmáin. D’éirigh liom dul chomh fada leis an gcluiche ceannais, agus bhain mé an 6ú háit amach. Sháraigh mé an Churiarracht Náisiúnta do 100 méadar, lena linn agus mé ar an Éireannach ba thapúla a bhí ann riamh. San am atá le teacht, tá sé de rún agam dul san iomaíocht sna Cluichí Oilimpeacha i bPáras agus i Los Angeles.


Noah Halpin, Oifigeach Cúraim Sláinte TENI

 Noah Halpin

Is Oifigeach Cúraim Sláinte TENI é Noah. Cuimsítear lena chuid oibre ag cur tacaíocht agus comhairle don duine aonair ar fáil sa phobal trasinscne ag dul tríd an gcóras sláinte; sna réimsí cúram sláinte dearbhaithe inscne, sláinte ghnéis agus tacaíochtaí meabhairshláinte go hairithe. Áirítear leis seo an tseirbhís sláinte poiblí, an tseirbhís sláinte príobháideach agus seirbhísí sláinte lasmuigh d’Éirinn.

I bpost Noah, oibríonn sé le hinstitiúidí stáit chun seirbhísí cúraim sláinte níos sásúla a chur chun cinn chomh maith le conairí chuig cúram sláinte do dhaoine trasinscneacha in Éirinn. Cuireann sé traenáil oideachais ar fáil do ghairmithe cúraim sláinte agus cúraim sóisialta, d'ospidéil, do chlinicí d’ollscoileanna agus d’institiúidí ábhartha eile.

Bhí baint ag Noah leis an réimse cúram sláinte dearbhaithe inscne ar feadh roinnt blianta. Agus é ag déanamh cúram sláinte dea-chleachtais atá sábháilte, dírithe ar an duine a chur chun cinn don phobal. Shuigh sé ar Choiste Stiúrtha Cúram Sláinte Trasinscne an Rialtais, do pháistí agus d’ógánaigh go háirithe, mar Ionadaí Aire agus tá sé ar Choiste Sláinte gbMSM (gay and bisexual men who have sex with men) an FSS faoi láthair agus tá suim ar leith aige i sláinte ghnéis, sláinte dearbhaithe inscne agus cúram VEID (víreas easpa imdhíonachta daonna).


Rannpháirtíocht na mBan a chur chun cinn i bPobal na Parlaiminte

Príomhchainteoir - Rachael Rollins, Aturnae SAM le haghaidh Cheantar Massachusetts

Rachael S Rollins

Is aturnae SAM í Rachael S. Rollins le haghaidh Cheantar Massachusetts. D’ainmnigh an tUachtarán Joseph R. Biden Rollins, Uasal ar an 26 Iúil 2021 agus dearbhaíodh ansin í i Seanad na Stát Aontaithe ar an 8 Nollaig 2021, agus is í príomhoifigeach um fhorfheidhmiú an dlí feidearálaigh le haghaidh Cheantar Massachusetts agus is í an chéad bhean Ghorm a bhfuil an post sin aici.

Sular dearbhaíodh í, d’oibrigh Rollins, Uasal mar Aturnae Ceantair Contae Suffolk ar feadh trí bliana. Ba í an chéad bhean a toghadh mar Aturnae Ceantair i gContae Suffolk agus an chéad bhean ghorm a bhí ina hAturnae Ceantair i gComhlathas Massachusetts.
D’oibrigh Rollins, Uasal mar Phríomhchomhairleoir Dlíthiúil d’Údarás Chalafort Massachusetts. Roimhe sin, d’oibrigh sé mar Ard-Abhcóide do Roinn Iompair Massachusetts agus d’Údarás Iompair Bhá Massachusetts. Ba Aturnae Cúnta SAM í ó 2007 go dtí 2011 le haghaidh Cheantar Massachusetts agus í ag obair sna Rannáin Shibhialta agus Choirpeach.

Ba aturnae í Rollins, Uasal níos luaithe ina slí bheatha i gComhpháirtíocht faoi Dhliteanas Teoranta Bingham McCutchen agus ba aturnae allamuigh í do Bhord na gCaidreamh Oibre Náisiúnta ó 1999 go dtí 2002. Chuir Rollins, Uasal tús lena slí bheatha dhlíthiúil mar chléireach don Bhreitheamh Comhlachaithe Frederick L. Brown de chuid Chúirt Achomhairc Massachusetts.

Bhain Rollins, Uasal a Dochtúireacht dlí-eolaíochta amach ó Northeastern University School of Law agus bhain sí a máistreacht amach i nDlí ó Georgetown University Law Center. Bhain sí a céim Baitsiléir Ealaíon amach i Léann Oideachais agus Afrai-Mheiriceánach ó University of Massachusetts Amherst.


Áisitheoir – an Teachta Jennifer Carroll McNeill

Deputy Jennifer Carroll MacNeill

Toghadh An Dr. Jennifer Carr MacNeill go dtí Parlaimint na hÉireann i mí Feabhra 2020. Is í Leaschathaoirleach Pháirtí Parlaiminteach Fine Gael agus an tUrlabhraí le haghaidh Comhionannais. Is Leaschathaoirleach í freisin ar an gCoiste um Dhlí agus Ceart agus tá sí mar bhall den Choiste um Chuntais Phoiblí, den Choiste Pribhléidí Parlaiminteacha agus Formhaoirsiú, den Choiste Comhaontú Aoine an Chéasta a Chur i bhFeidhm, den Choiste ar Uathachas agus den Choiste ar Chomhionannas Inscne.

Ó toghadh ina TD í, lean Jennifer ar aghaidh ag obair ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta, ag baint úsáid as deich mbliana de thaithí ar bheith ag obair sa Rialtas ar chúrsaí beartais agus reachtaíochta. Díol suntais a bhí ann nuair a bhí Jennifer ar son Coiste ar Chomhionannas inscne a bhunú le déanaí a raibh a chéad chruinniú aige i mí na Nollag 2020.

Bhuaigh Jennifer Duais Basil Chubb as ucht an tráchtais PhD Éireannach i gcúrsaí polaitiúla ab fhearr a dhéanamh, agus foilsíodh a cuid oibre i leabhar acadúil “The Politics of Judicial Selection in Ireland” agus ainmníodh é do Leabhar Dlí na Bliana 2017.


An Ró-Onórach Patricia Torsney, Breathnadóir Buan do na Náisiúin Aontaithe – Aontas Idirpharlaiminteach

Paddy Torsney

Breathnadóir Buan an Aontais Idirpharlaimintigh do na Náisiúin Aontaithe ó 2014, d'oibrigh an Ró-Onórach, Paddy Torsney mar Theachta Parlaiminte do Burlington, Ontario, Ceanada ó 1993–2006.

An tAontas Idirpharlaiminteach, an t-údarás ar chéatadán na mban i bparlaimintí náisiúnta, lena n-áirítear anailísithe comparáideacha idir tíortha agus staidéir bhliantúla ina mbreathnaítear ar threochtaí stairiúla le blianta fada.  D’fhoilsigh an tAontas Idirpharlaiminteach tuarascálacha suntasacha ar ghnéasachas agus ar fhoréigean ar bhonn inscne sa pharlaimint, ag déanamh scrúdú ar na Teachtaí Parlaiminte baineannacha agus ar bhaill bhaineannacha foirne na parlaiminte, féach an tuarascáil ar pharlaimintí na hEorpa 2018.  Agus chruthaigh sé treoirlínte chun fáil réidh leis an sciúirse seo.

Ba í an Rúnaí Parlaiminte don Aire Comhshaoil (1998–2000) freisin agus ba í an Rúnaí Parlaiminte don Aire Comhoibrithe Idirnáisiúnta (2004–2006). Bhí Paddy ar an gcéad chathaoirleach ar Chácas Liobrálach na mBan ar feadh dhá bhliain sa pharlaimint nua. D’oibrigh sí ar roinnt coistí mar Theachta Parlaiminte lena n-áirítear an Coiste um Dhlí agus Ceart, Airgeadais, Timpeallachta, Eolaíochta agus Teicneolaíochta Tionscail, Stádas na mBan, Forbairt Idirnáisiúnta agus Cearta an Duine. Bhí sí mar chathaoirleach ar an gcoiste speisialta ar Úsáid na nDrugaí Neamhliachta a chuir moltaí comhdhearcaidh ar fáil chun feabhas a chur ar bheartas drugaí i gCeanada. Ní hamháin go raibh sí ina hUachtarán de Ghrúpa Ceanadach an Aontais Idirpharlaimintigh, ach ‘d’oibrigh sí ar an gcoiste feidhmiúcháin den ghrúpa Idirpharlaiminteach Ceanada-SAM.

Bhí Torsney, Uasal ina sainchomhairleoir gnóthaí poiblí agus caidreamh poiblí agus bhí Torsney, Uasal páirteach in eagraíochtaí áitiúla agus náisiúnta, agus leanann sí ar aghaidh ag obair mar Leasuachtarán d’Fhondúireacht Cheanadach Mianach Talún. Bhain sí céim amach in Ollscoil McGill i Montréal le Céim Tráchtála i nGnó Idirnáisiúnta agus Margaíochta agus ba bhall foirne polaitiúil í in oifig Phríomh-Aire Ontario.


Comhairleoir Yemi Adenuga, Polaiteoir Fine Gael (FG) Nigéarach-Éireannach

Yemi Adenuga 

Tá an Comhairleoir Yemi Adenuga, ina Comhairleoir Fine Gael tofa agus tugtar "Energy in Motion” uirthi go minic, déanann sí ionadaíocht ar Cheantar Bardasach na hUaimhe, agus tá go leor cumhachta ag baint léi. Forbraíonn sí Daoine. Tá Pearsa theilifíse aici agus bhuaigh sí roinnt dámhachtainí, is óstach cláir cainte í, údar a scríobh dhá leabhar; chomh maith leis sin is Cainteoir Domhanda í a imríonn tionchar mór, Straitéisí a bhfuil an-taithí aici ar dhaoine a fhorbairt, saineolaí dána meantóireachta agus is Fiontraí í.

Is Stiúrthóir na gClár í Yemi in INSTITIÚID MIB forbartha daoine i measc post eile. Cheap sí agus sheachaid sí roinnt clár traenála a raibh tionchar mór orthu, ba cheann acu é an clár traenála ceannaireachta polaitíochta ar éirigh leis mná agus imircigh a fhorbairt a bhfuil páirt acu i gcúrsaí polaitíochta anois ina bpobail agus chuir siad a suim in iúl rith sa chéad toghchán áitiúil eile.

Is saineolaí meantóireachta í Yemi, agus ina Clár meantóireachta Domhanda - Clár Meantóireachta agus Ceannaireachta Yemi Adenuga (Clár YAMAL), rinne Yemi meantóireacht ar os cionn 20,000 bean agus duine óg in áiteanna éagsúla ar domhan le 26 bliain anuas. Is í bunaitheoir agus uachtarán SHEROES GLOBAL, fiontar sóisialta agus thugann spreagadh agus cumhacht do mhná agus daoine óga, agus a imríonn tionchar orthu le feabhsú sa saol trína gcláir éagsúla athraithe saol. Is í bunaitheoir an chláir BOYS TO MEN PROJECT, a bhfuil sé de rún aige glúin d’fhir mhaithe a thógáil, trí rólchuspaí agus mheantóireacht sa phobal.

Is alumnas de chuid Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath í Yemi, a bhain Staidéar Gnó Onóracha amach, chomh maith le Sruth Fiontraíochta (2010), agus Teastas Iarchéime i Nuálaíocht, Fiontraíocht agus Tionscnaíocht (2016). Tá Máistir le Riarachán Gnó bainte amach aici i sruth Bainistíochta Tionscadail ó Ollscoil John Moores, Learpholl, Ríocht Aontaithe (2011).

Is duine í Yemi a dhéanann éachtaí agus is í an chéad Bhean Ghorm atá ina hIonadaí Poiblí a toghadh i bPoblacht na hÉireann, agus an chéad Imirceach a bhí ina Comhairleoir le bheith tofa chuig Comhairle Contae na Mí, an chéad Imirceach scríofa i téacsleabhar scoile Éireannach, (téacsleabhar Tíreolaíochta/Eolaíochta rang a sé arna fhoilsiú ag Folens), an chéad Imirceach a bhí ina FEIDHMEANNACH SÍOCHÁNA le haghaidh Chontae na Mí, agus tá a muintir ‘ADENUGAS’ ar an gcéad teaghlach le bheith ar "Gogglebox Ireland” an clár teilifís réaltachta is mó in Éirinn.

Liostaíodh í mar bhean Éireannach ba mhó tionchair san iris Irish Tatler, thug an Irish Independent Weekend Magazine “Game-Changer in Irish politics” uirthi agus liostaíodh í ar bhean de na 100 bean Éireannacha a dhéanann difríocht, bróicéirí cumhachta agus seaimpíní de dhaonnacht atá ag athrú an domhain, i The Irish Examiner.


Ombudsman Emily O’Reilly

Emily O Reilly

Toghadh Emily O’Reilly mar Ombudsman na hEorpa i mí Iúil 2013. I ndiaidh toghcháin Pharlaimint na hEorpa, toghadh arís í go ceann mandáid cúig bliana i mí na Nollag 2014 agus arís i mí na Nollag 2019. Mar Ombudsman na hEorpa déanann sí iniúchadh ar dhrochriarachán sna hinstitiúidí agus i gcomhlachtaí an Aontais Eorpaigh. Bhí O’Reilly, Uasal ar liosta ban de chuid Politico a dhéanann múnlú ar an mBruiséil in 2016. Bronnadh dámhachtain Schwarzkopf na hEorpa uirthi in 2017, chomh maith le Fís Cruinnithe Mullaigh Prág don Eoraip in 2018, agus ‘duais na hEorpa’ de chuid Flensburg in 2020 mar aitheantas ar a cuid oibre.

Ó 2003 go dtí 2013, bhí O’Reilly, Uasal ar an gcéad Ombudsman agus Coimisinéir Faisnéise in Éirinn agus ceapadh mar Choimisinéir le haghaidh Eolas Timpeallachta í chomh maith in 2007.

Mar Ombudsman náisiúnta, bhronn Ollscoil Náisiúnta na hÉireann Dochtúireacht Onórach i nDlí ar O’Reilly, Uasal in 2008 as ucht a cuid oibre agus í ag cur cearta an duine chun cinn ar feadh a gníomhréime. Bhronn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Dochtúireacht Onórach i nDlí uirthi in 2014 as ucht a tiomantas a mhair ar feadh deich mbliana mar Ombudsman Éireannach.

Mar iar-iriseoir, údar agus eagarthóir polaitíochta, shaothraigh O’Reilly, Uasal aitheantas intíre agus idirnáisiúnta suntasach, lena n-áirítear Comhaltacht Ollscoil Harvard in 1988 agus roinnt dámhachtainí náisiúnta. Scríobh sí trí leabhar a bhfuil moladh faighte acu ó na léirmheastóirí faoi pholaitíocht agus meáin na hÉireann agus tá sí ina ball reatha de Bhord Comhairleach Idirnáisiúnta d’Fhondúireacht Nieman Harvard le haghaidh Iriseoireachta.
Bhuaigh sí dhá dhámhachtain le linn a gníomhréime: Iriseoir Mná na Bliana in 1986 agus Iriseoir na Bliana in 1994.
Tá O’Reilly, Uasal pósta agus tá cúigear clainne aici.


Rachel Weston Eschenbacher – Saineolaí Beartais Réigiúnaigh ar Rannpháirtíocht agus Rialachas Polaitiúil, Mná na NA san Eoraip agus Oifig Réigiúnach na hÁise Láir

Rachel Weston Eschenbacher 

Is Saineolaí Beartais Réigiúnaigh í Rachel Weston Eschenbacher ar Rannpháirtíocht agus Rialachas Polaitiúil, Mná na NA san Eoraip agus Oifig Réigiúnach na hÁise Láir. D’oibrigh sí i sa réimse oibre, comhionannas inscne agus rialachas ar feadh os cionn 15 bliana chun deiseanna do mhná a chur chun cinn le bheith ina gceannairí in institiúidí daonlathacha.

D’oibrigh sí ar feadh trí théarma mar bhall tofa de Theach na nIonadaithe Vermont ina raibh aitheantas uirthi mar sheaimpín comhionannais inscne, seaimpín daonlathais agus seaimpín na timpeallachta. Cuimsítear lena cuid éachtaí; reachtaíocht a rith maidir le comhionannas pósta, féiniúlacht inscne, an vóta is coitianta, gáinneáil ar dhaoine, fuinneamh glas, mná sa fórsa saothair, agus baint amach tocsainí as earraí an chustaiméara. Tá os cionn deich mbliana de thaithí ag Rachael ar bheith ag obair san Eoraip agus san Áise Láir ar chothromas inscne, daonlathas, rannpháirtíocht pholaitiúil na mban agus rialachas.

Sular chuir sí isteach ar Mhná na NA d'oibrigh sí le NDI, UNFPA, OSCE, agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta. Bronnadh B.A. uirthi in Ollscoil Massachusetts ag Amherst agus bronnadh Máistreacht i Riarachán Poiblí uirthi in Ollscoil Vermont. Tá sí ag cur Máistir Dlíthe i gcrích faoi láthair i nDlí Bunreachtúil agus Cearta an Duine ó London School of Economics and Political Science.


Alison Cowzer, Cathaoirleach Women for Election

Alison Cowser

Is fiontraí í Alison agus tá sí ina cathaoirleach ar Women for Election, eagraíocht náisiúnta a éascaíonn cláir shaincheaptha traenála, imeachtaí agus tacaíochtaí meantóireachta a thug cúnamh do na céadta bean a bheith tofa chuig rialtas áitiúil agus náisiúnta in Éirinn.

D’oibrigh sí ar Fhóram um Parlaimint Ionchuimsitheach atá Báúil don Teaghlach de chuid an Chinn Comhairle agus ar Thascfhórsa Náisiúnta FBM. Is comhalta Boird í de GOAL an ghníomhaireacht dhaonnúil idirnáisiúnta agus comhalta boird Ronald McDonald House Charity agus Cathaoirleach ar Rough Magic Theatre Company. 

Barr
Roinn