Bhunaigh an Ceann Comhairle, an Teachta Séan Ó Fearghaíl, agus an Cathaoirleach, an Seanadóir Jerry Buttimer, an Tascfhórsa um Rannpháirtíocht Shábháilte sa Pholaitíocht i mí na Bealtaine 2023.
Tá ionadaíocht chothrom agus éagsúil den riachtanas ar mhaithe leis an daonlathas. Maidir leo siúd a bhíonn ag gabháil don pholaitíocht, tugtar le fios i dtuairiscí sna meáin agus i dtorthaí suirbhé go bhfuil anrud drochíde, lena n-áirítear drochíde ar líne, á fáil acu agus go bhfuil ciapadh á dhéanamh orthu.
Tá an Tascfhórsa tar éis a mbreithniú ar an ábhar seo a chur i gcrích agus tá moltaí déanta aige faoin gcaoi a bhféadfaí rannpháirtíocht a chosaint agus tacú léi agus dioscúrsa sibhialta a chur chun cinn sa pholaitíocht.
Tuarascáil an Tascfhórsa
Cuimsíonn an tuarascáil 16 mholadh inghníomhaithe a bhaineann le riachtanais taighde, slándáil agus sábháilteacht, comhordú straitéise chun dul i ngleic leis na spreagthóirí atá taobh thiar den drochíde, ról na bpáirtithe polaitíochta agus na meáin shóisialta.
Suirbhé an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Rinneadh torthaí ó shuirbhé acadúil an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ar Chomhaltaí agus ar a bhfoirne a fhoilsiú i gcomhthráth le tuarascáil an Tascfhórsa.
Plean Gníomhaíochta
Croí-bhearta agus amlínte le haghaidh moltaí atá tar éis eascairt as an tuarascáil a thagann faoi shainchúram Thithe an Oireachtais
Comhaltas agus téarmaí tagartha
- Comhaltas
-
- Ann-Marie O’Sullivan – bunaitheoir agus príomhfheidhmeannach, AM O’Sullivan PR
- Caitríona Gleeson – Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Women for Election
- An Teachta Cathal Berry
- Ciara Phelan – iriseoir, Irish Examiner [comhalta den ghrúpa idir an 25 Bealtaine 2023 agus an 11 Aibreán 2024]
- An Seanadóir Fiona O’Loughlin
- An Seanadóir Frances Black
- Gabrielle McFadden – iarSheanadóir
- An Teachta Ivana Bacik
- An Teachta Jennifer Carroll MacNeill – Aire Stáit
- An Teachta Jennifer Murnane O’Connor
- John-Kingsley Onwumereh – Comhairleoir Contae Fhine Gall
- An Seanadóir Lisa Chambers
- An Seanadóir Micheál Carrigy
- Nicola Kelly – oibrí forbartha, Líonra Eagraíochtaí Ionchathrach (ICON)
- Nóirín O’Sullivan – (Cathaoirleach) iar-Choimisinéir an Gharda Síochána agus Ard-Rúnaí Cúnta na Náisiún Aontaithe um Shábháilteacht agus Slándáil
- Sinéad McSweeney – iar-Leas-Uachtarán Domhanda, Polasaí Poiblí, Twitter
- An Teachta Sorca Clarke
- Téarmaí tagartha
-
Déanfaidh an Tascfhórsa na nithe seo a leanas:
- Déanfaidh sé breithniú ar chineál agus ar thionchar na drochíde, lena n-áirítear drochíde ar líne, a thugtar dóibh siúd a bhíonn ag gabháil don pholaitíocht agus ar chineál agus ar thionchar an chiaptha a dhéantar orthu. Lena chois sin, déanfaidh sé breithniú ar a fhorleithne atá an drochíde agus an ciapadh sin.
- Déanfaidh sé breithniú ar bhearta trína dtabharfar aghaidh ar fhadhb na drochíde agus an chiaptha sa pholaitíocht, amhail:
- aird a tharraingt — tríd an oideachas, tríd an oiliúint agus trí bhealaí eile — ar a luachmhaire is atá rannpháirtíocht sa pholaitíocht agus freastal ar an bpobal, agus ar an gcaoi a ndíspreagann drochíde, lena n-áirítear drochíde ar líne, agus ciapadh, rannpháirtíocht sa pholaitíocht ar fud shochaí na hÉireann;
- beartas poiblí, lena n-áirítear reachtaíocht, chun tacaíocht a thabhairt dóibh siúd a bhíonn ag gabháil don pholaitíocht agus chun iad a chosaint;
- freagairt na n-ardán meán sóisialta chun aghaidh a thabhairt ar dhrochíde agus ar chiapadh;
- freagairt Thithe an Oireachtais agus na bPáirtithe Polaitiúla maidir le ceannaireacht a léiriú ó thaobh chur chun cinn an dioscúrsa shibhialta sa pholaitíocht.
- Déanfaidh sé breithniú ar an gcaoi a bhféadfaí monatóireacht a dhéanamh ar raon na faidhbe i rith an ama agus ar éifeachtacht na mbeart arna gcur i bhfeidhm chun an fhadhb a mhaolú.
Socróidh an Tascfhórsa a chuid nósanna imeachta oibriúcháin féin agus éistfidh agus/nó breithneoidh sé cibé aighneachtaí is cuí leis, ó bhéal nó i scríbhinn, a bhaineann lena shainchúram.
Cuirfidh Seirbhís Thithe an Oireachtais seirbhísí riaracháin, dlí agus taighde ar fáil don Tascfhórsa.
Tabharfaidh an Tascfhórsa tuarascáil deiridh don Cheann Comhairle agus don Chathaoirleach, lena leagan faoi bhráid Choimisiún Thithe an Oireachtais, roimh an 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí. Más gá an spriocdháta chun an tuarascáil deiridh a chur isteach a shíneadh, is iad an Ceann Comhairle agus an Cathaoirleach a cheadóidh é.
- Fógra príobháideachta
-
Tá fógra príobháideachta foilsithe ag an Tascfhórsa, ina bhfuil cur síos ar an gcaoi a mbaileoidh, a bpróiseálfaidh agus a gcosnóidh sé sonraí pearsanta. Tá an tSeirbhís ag eisiúint an fhógra príobháideachta seo de thairbhe na ndualgas dá bhfuil uirthi faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018.
Foilseacháin agus aighneachtaí
Fuair an Tascfhórsa aighneachtaí agus foilseacháin a bhaineann lena chuid oibre ó pháirtithe leasmhara éagsúla.
Teagmháil
An Rúnaí: Bríd Dunne
An Tascfhórsa um Rannpháirtíocht Shábháilte sa Pholaitíocht
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath
D02 XR20
taskforcesp@oireachtas.ie
Teagmhálaí preasa
Verona Ní Bhroinn
(01) 618 3881
(087) 262 4132
verona.nibhroinn@oireachtas.ie