Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cácas Parlaiminte na mBan in Éirinn

Bunaíodh Cácas Parlaiminte na mBan in Éirinn in 2017. Fóram traspháirtí is ea é do bhanpharlaiminteoirí na hÉireann. Tugann sé deis dóibh plé a dhéanamh ar na saincheisteanna a théann i bhfeidhm ar mhná den chuid is mó agus dul i mbun feachtais ina leith.

Comóradh Lá Idirnáisiúnta na mBan 2024 | #SpreagaimisAnCuimsiú

LIB 2024

Comóradh Lá Idirnáisiúnta na mBan 2024 | #SpreagaimisAnCuimsiú

Iarrtar orainn, le haghaidh Lá Idirnáisiúnta na mBan, 2024 , domhan ilchineálach cothrom cuimsitheach — ina ndéantar ceiliúradh ar an éagsúlacht — a shamhlú.

Leis an lá a chomóradh, tá Tithe an Oireachtais tar éis taispeántas grianghraf d’Fheisirí Éireannacha de Pharlaimint na hEorpa, idir fheisirí reatha agus iar-fheisirí, arna gcoimisiúnú ón ngrianghrafadóir clúiteach de chuid na hEastóine, Kaupo Kikkas ag Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa in Éirinn.

f Nancy Pelosi is hosted by the Irish Women's Caucus in April 2024

In April 2024 former Speaker of the U.S. House of Representatives was hosted in Leinster House by the caucus. Take a look at more images from the event.

Féach

Lá Fhéile Bríde, 2024 | #Brigid1500

D’fhonn Lá Fhéile Bríde, 2024 a chomóradh, d’óstáil Cácas na mBan ceardlann teicstílí in TL200 in éineacht le scoláirí ó Chontae Chill Dara agus an t-ealaíontóir Aideen Cross. Rinneadh saol Bhríde, agus 1,500 bliain ó fuair sí bás, a cheiliúradh.

Amharc ar an bhfíseán

Fís Fheimineach de Chúram agus d’Éagothroime Eacnamaíoch

Léigh

Fís Fheimineach de Chúram agus d’Éagothroime Eacnamaíoch

D’óstáil an cácas seoladh tuarascála ó ActionAid agus ó Chomhairle Náisiúnta na mBan, Fís Fheimineach de Chúram agus d’Éagothroime Eacnamaíoch, i mí Feabhra 2024.

Tairiscint maidir le geilleagar cúraim atá bunaithe ar chearta

Agus í bunaithe ar mholtaí ó Chácas na mBan, a d’eascair as tréimhse de chomhairliúchán le páirtithe leasmhara, thug an an Seanadóir Fiona O’Loughlin an tairiscint seo isteach lena plé sa Seanad i mí Mheán Fómhair, 2023.

Stadtar den Stiogma

I mí Dheireadh Fómhair, 2023, d’óstáil Cácas Parlaiminte Ban na hÉireann cur i láthair in éineacht le ceardchumainn mar chuid den fheachtas #Stadtar den Stiogma, rud a dhíríonn aird ar riochtaí a bhaineann leis an meanapás agus leis an tsláinte mhíosta agus an gá le tacaíochtaí san ionad oibre.

An Bunreacht

Agus fís acu d’Éirinn ina mbeadh ionadaíocht ar bhonn cothrom ag mná agus fir san Oireachtas agus ar chomhairlí cathrach agus contae, tá leagtha amach i mbunreacht Chácas Parlaiminte Ban na hÉireann a misean, a mballraíocht agus a gcuid socruithe oibre.

Grafaicí faisnéise

Féach ar na staitisticí ar rannpháirtíocht na mban i bpolaitíocht parlaiminte in Éirinn lena n-áirítear an tionchar a bhí ag cuótaí inscne.

Téigh i dteagmháil le Cácas Parlaiminte na mBan in Éirinn

Teach Laighean

Sráid Chill Dara

Baile Átha Cliath 2

Éire

D02 XR20

An Cathaoirleach

Senator Fiona O'Loughlin

+353 (0)1 618 3101

fiona.oloughlin@oireachtas.ie

 

Barr
Roinn