Tá an tOireachtas ar cheann den 41% de pharlaimintí ar fud an domhain a bhfuil dhá sheomra acu. Córas an dá sheomra a thugtar ar an gcóras ina mbíonn dhá sheomra ag parlaimint. Tá Éire ag plé le córas an dá sheomra le fada an lá.

Parlaimint Mhór na hÉireann, a toghadh in 1790 / Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Roimh 1800
Bhí Teach na dTeachtaí agus Teach na dTiarnaí ag Parlaimint na hÉireann, ar cuireadh deireadh le hAcht an Aontais léi in 1800.
Córas an dá sheomra ar fud an domhain
As 193 thír ar domhan, tá córas an dá sheomra i bhfeidhm ag 79 acu agus córas an aon seomra amháin ag 113 acu, 272 dhlísheomra parlaiminte ar an iomlán, le níos mó ná 46,000 comhaltaí parlaiminte.
Léitheoireacht bhreise
Léigh tuilleadh faoin gcaoi a bhfuil Seanad Éireann mar chuid de theaghlach domhanda an dara seomra sa Spotsolas seo ón tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde.