Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhaltaí an Chéad Seanaid: Beathaisnéisí

Foghlaim tuilleadh faoi Chomhaltaí an Chéad Seanaid Thionóil an Seanad a chéad chruinniú poiblí ar an 11 Nollaig 1922.

Bagwell, John Philip

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

Ba é an t-aon mhac den staraí Richard Bagwell agus a bhean Harriet, as Marlfield, Cluain Meala, Co. Thiobraid Árann, cuireadh oideachas ar John Philip Bagwell in Oxford agus Harrow. D’oibrigh sé don Midland Railway i Sasana go dtí 1909 sular fhill sé ar Éirinn mar cheannfort de sheirbhísí paisinéirí agus níos déanaí ina bhainisteoir ginearálta ar an Great Northern Railway. Goineadh é agus a bhean i gcroslámhach le linn Éirí Amach na Cásca. Bhí sé ar fheidhmeannas Chomhaontas Aontachtach na hÉireann agus ghlac sé le hainmniúchán don chéad Sheanad in 1922, ag oibriú mar chomhalta Neamhspleách go dtí cuireadh deireadh leis in 1936. Le linn an Chogaidh Chathartha, dódh teach a mhuintire. Fuadaíodh é ag fórsaí frith-chonartha freisin ach d’éalaigh sé tar éis roinnt laethanta i ngéibheann. Fuair sé bás ag Marlfield atógtha i 1946.


Barniville, Henry

Cumann na nGaedheal | Tofa ag Dáil Éireann

Máinlia agus Seanadóir ab ea Barniville a rugadh i mBéal Feirste é sa bhliain 1887. Fuair sé sároideachas, rinne Barniville staidéar in Éirinn agus sa Ghearmáin. In 1925, ceapadh é ina mháinlia sinsearach agus ina rúnaí ar an mbord leighis sa Mater Misericordiae, Baile Átha Cliath, an t-ospidéal ginearálta ba mhó in Éirinn ag an am. Bhí raon leathan róil leighis aige i rith a ghairme bheatha agus ar deireadh ceapadh é ina chomhalta oinigh saoil de Chumann Idirnáisiúnta na Máinlianna. Mháinlia torthúil ab ea Barniville, a raibh aithne aige ar a dhaonnacht, ag cur cóir leighis ar othair nach raibh sé d’acmhainn acu táillí comhairleora a íoc. Idir 1919 agus 1921 chuir Barniville cóir leighis ar an bhaill loite den IRA, ag ceilt a bhféiniúlachta ó fhórsaí na Breataine. Bhí Barniville ina chomhalta tofa den chéad Sheanad agus bhí an suíochán sin aige go dtí 1936. Chuaigh sé ar aghaidh le bheith ina chomhalta tofa d’Ollscoil na hÉireann sa Seanad athbhunaithe ó Mhárta 1938 go dtí a bhás in 1960.


Barrington, William

Neamhspleách | Tofa ag Dáil Éireann

Rugadh mac aturnae, Barrington i Luimneach sa bhliain 1857. Oileadh mar innealtóir sibhialta é i Londain agus chuaigh sé ag obair do Sheirbhís Suirbhéireachta Aimiréalachta na Breataine. Bhí sé freagrach as roinnt iarnród éadrom a thóg Rialtas na Breataine in Éirinn. Toghadh comhaltaí Dála chun an tSeanaid é in 1922, labhair sé go rialta ar go leor ábhar, ach bhí an-suim aige i ndíospóireachtaí ar scéimeanna hidrileictreacha. Atoghadh é in 1925 agus 1928, ach chaill sé a shuíochán i dtoghchán 1931 Fuair sé bás in 1937.


Bennett, Thomas Westropp

Cumann na nGaedheal | Tofa ag Dáil Éireann

Feirmeoir agus polaiteoir ab ea é Bennett. Rugadh i Luimneach é agus ba mhac é leis an gCaptaen Thomas Westropp Bennett. Cé go raibh a n-athair ina bhall d'Eaglais na hÉireann, tógadh na leanaí de réir chreideamh Chaitliceach Rómhánach a máthar. Tar éis dó a chuid oideachais a chríochnú i gColáiste Naomh Sheáin, Cill Chainnigh, agus in Acadamh Seirbhíse na Banríona, Baile Átha Cliath, d'fhill Bennett ar ghabháltas fairsing an teaghlaigh, áit ar dhírigh sé ar an bhfeirmeoireacht déiríochta agus chuaigh sé isteach in go leor eagraíochtaí feirmeoireachta. Toghadh Bennett don chéad Sheanad, agus choimeád sé an suíochán céanna go dtí 1936. Le linn a thréimhse, bhí sé ina Leas-Chathaoirleach (1925–8) agus ina Chathaoirleach (1928–36). Ba iad na príomhchúiseanna imní a bhí aige ná infhaighteacht oideachais a leathnú agus deireadh a chur le taoide na heisimirce. Tar éis dhíothú an tSeanaid in 1936, ní raibh sé in oifig poiblí arís, ach d'fhan sé ina dhuine mór le rá i gcúrsaí feirmeoireachta agus talmhaíochta. Bhí a dheartháir George Cecil Bennett (1877–1963) ina TD Fhine Gael do Luimneach (1927–48) agus ina Sheanadóir (1948–51). 


Bourke, Dermot (Iarla Mhaigh Eo)

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

Rinneadh 7ú hIarla Mhaigh Eo de Bourke tar éis bhás a athar, iar-Phríomh-Rúnaí na hÉireann, a feallmharaíodh in 1872 agus é ina Ghobharnóir agus Ginearál ar Chalcúta. Cuireadh oideachas air in Eton agus chaith sé tamall san arm. Thaistil sé go forleathan ina dhiaidh sin, ag déanamh staidéir ar dhálaí polaitiúla, sóisialta agus eacnamaíocha sna tíortha ar thug sé cuairt orthu. Bhí réimsí móra talún aige i gCill Dara, sa Mhí agus i Maigh Eo, agus ghlac sé páirt ghníomhach i gcúrsaí Gaeilge i dTeach na dTiarnaí. Bhí Bourke ina phátrún ar na healaíona agus chuir sé tionscail cheardaíochta na hÉireann chun cinn. Chuaigh sé isteach sa Chonradh Frith-Chríochdheighilt Aontachtach in 1918, ainmníodh don Chéad Sheanad é in 1922 agus bhí sé gníomhach ina imeachtaí go dtí a bhás in 1927.


Brown, Samuel Lombard

Neamhspleách | Toghadh é i bhfothoghchán ar an 12 Nollaig 1923 ag tógáil áit an Ridire Horace Plunkett

 

  • Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra
  • Téigh chuig Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim

Burgess, Henry Givens

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

Rugadh é in aice le Buiríos Uí Chéin, Co. Thiobráid Árann. Bhí tuismitheoirí Protastúnacha Burgess ag feirmeoireacht i gceantar a raibh chomh cráite sin ag seicteachas agus ag faicseanaíocht gur choinnigh siad neodracht dhaingean sa teaghlach trí garchabhair a thabhairt do na comhraiceoirí go léir beag beann ar a gcreideamh. Dearcadh ab ea é a léirigh an-chuid faoina chaidreamh féin lena chomhthírigh. D’fhág sé scoil nuair a bhí sé 14 bliana d’aois, d'oibrigh Burgess i riarachán iarnróid na hÉireann agus na Ríocht Aontaithe. Éascaitheoir ab ea Burgess le haghaidh teagmhála idir ceannairí pháirtí lucht oibre na hÉireann agus an rúnaí baile chun socrú síochána a idirbheartú in 1921, agus rinne sé an turas chun na hoibre idir Londain agus Dún Laoghaire go minic. Chuir sé a theach i nDún Laoghaire ar fáil do na cruinnithe. In 1924 rinne sé maoirseachta ar bhunú an iarnróid Lár na Tíre agus na hAlban agus rinneadh gar don teaghlach Ríoga. Bhí clú ar an Rí Seoirse V as sult a bhaint as blas Thiobraid Árann Burgess. Fuair Burgess bás i gCo. Loch Garman in 1937 de bharr taom croí agus é i mbun an caitheamh aimsire ab ansa leis – iascaireacht bradán.


Butler, Richard A.

Neamhspleách | Tofa ag Dáil Éireann

 

  • Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra
  • Téigh chuig Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim

Campbell, James (Barún Lann Abhaigh)

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

Dlíodóir agus polaiteoir ab ea Campbell, a rugadh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1851 é. Chreid a shliocht go raibh athair a athar ina chonstábla póilíneachta i Lann Abhaigh, Co. Aontroma agus spreag nach raibh maoin ón mbroinn lena rogha teidil níos déanaí, cé go bhfeictear go raibh sé ina náire sóisialta. Rinne Campbell staidéar i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus in Óstaí an Rí, agus glaodh chun an bharra é in 1878. Abhcóide cumasach uaillmhianach ab ea é, bhí Campbell tiomanta do sheirbhís an Pháirtí Aontachtach, agus chuaigh sé i mbun feachtais i Sasana agus in Éirinn in aghaidh rialtais dúchais. In 1898toghadh é ina Theachta Dála do dháilcheantar Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath. Idir 1901 agus 1905 bhí Campbell ina ard-aturnae d’Éirinn agus in 1903 d’fhill sé ar ais go Westminster mar TP do Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, suíochán a choinnigh sé go dtí 1916. Urlabhraí aontachtach ab ea é. Bhí gráin ag go leor náisiúnaithe ar Campbell agus tugadh ‘Jim Crow’ air – bhain íomhá an phréacháin le haontachtaithe a tharraing suas gach scéal díchreidiúnach faoi chúrsaí na hÉireann le hiad a cur in iúl do lucht féachana na Breataine. Le bunú Saorstát Éireann, ghlac an Tiarna Lann Abhaigh le hainmniúchán don Seanad, ag obair mar chomhalta go dtí 1928. Fuair sé bás in 1931.


Costello, Eibhlín

Neamhspleách | Tofa ag Dáil Éireann

Rugadh Eibhlín Costello (Edith Drury) i Londain. Bailitheoir amhrán tíre agus gníomhaí polaitiúil a raibh an-suim aici sa Ghaeilge ba ea í. Fuair sí oiliúint mar mhúinteoir agus rinneadh Ceannaire uirthi ar scoil Eaglais Shasana Naomh Mícheál i lár Londan. Ghlac sí ballraíocht sa chraobh Londan de Chonradh na Gaeilge ag a chéad chruinniú in 1896 áit ar fhoghlaim sí Gaeilge agus ar ghlac sí páirt ghníomhach san eagraíocht. Thaistil sí go hArd Fheis an Chonartha i mBaile Átha Cliath in 1902, ag fanacht in Éirinn ar feadh tréimhse ina dhiaidh sin. Is thart ar an am seo a d’iompaigh sí ar Chaitliceachas Rómhánach, d’athraigh sí a hainm go hEibhlín, phós sí an Dr Thomas Bodkin Costello agus bhog sí go Tuaim, Co. na Gaillimhe. D’fhoilsigh sí cnuasach amhrán tíre traidisiúnta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo, dar teideal Amhráin Muighe Seola, in 1923. Tá sé ar cheann de na chéad fhoilseacháin amhrán Ghaeilge ina raibh an téacs agus an ceol chomh maith le haistriúcháin agus nótaí san áireamh. Feachtasóir gníomhach ar chúrsaí sóisialta ba ea í, go háirithe maidir le cearta na mban, agus toghadh í mar bhall de Chumann na nGaedheal ar an gcéad Sheanad in 1922, agus d’fhan sí ina Seanadóir go dtí gur chaill sí toghchán 1934. 


Counihan, John

Neamhspleách | Tofa ag Dáil Éireann

 

  • Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra
  • Téigh chuig Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim

Cuffe, Ellen (Cuntaois Bhaile Mhic Dháith)

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

Rugadh i dteaghlach Giúdach i Londain í, agus ba í Ellen Bischoffsheim an iníon ba shine le baincéir agus milliúnaí agus cuireadh oideachas príobháideach uirthi. Phós sí an t-úrscéalaí William Ulick O’Connor Cuffe, 4ú hIarla Bhaile Mhic Dháith, agus chuir sí fúithi i gCúirt Bhaile Mhic Dháith, Cill Chainnigh. Thacaigh sí le Conradh na Gaeilge agus mhaoinigh sí scéimeanna lena n-áirítear bunú amharclann Chill Chainnigh, Muileann Olla Chill Chainnigh Teo agus Adhmadóirí Chill Chainnigh Teo, a dhíol a cuid earraí ó shiopa i Sráid Nassau, Baile Átha Cliath. Thug sí a lán airgid do chúiseanna charthanachta i gCill Chainnigh, thóg sí agus thug sí feistiú do leabharlann na cathrach, bhunaigh sí ionad áineasa, Halla Bhaile Mhic Dháith, chomh maith le hOspidéal Aut Even. Bronnadh Saoirse Chill Chainnigh ar Chuntaois Bhaile Mhic Dháith in 1910. Ba í an chéad sheanadóir Giúdach in Éirinn í agus d’oibrigh sí go dtí go bhfuair sí bás in 1933. 


Cummins, William

Páirtí an Lucht Oibre | Toghadh é i bhfothoghchán ar an 21 Feabhra 1923 ag tógáil áit Eamonn Mansfield

 

Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra

Téigh chuig Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim


de Loughry, Peter

Cumann na nGaedheal | Tofa ag Dáil Éireann

 

  • Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra
  • Téigh chuig Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim

Douglas, James G.

Neamhspleách | Tofa ag Dáil Éireann

Rugadh Dubhghlas i gCearnóg Brighton, Baile Átha Cliath, agus ba é an duine ba shine as ochtar clainne ag John Douglas agus a bhean Emily. Fuair sé a chuid oideachais i scoil na Caecair áitiúil agus ansin bhí sé ina scoláire cónaithe ag Friends School i Lios na gCearrbhach. Ó 1902 ar aghaidh bhí sé ag obair i siopa éadaitheora a athar i mBaile Átha Cliath, a raibh sé i gceannas ar ina dhiaidh sin ar feadh 30 bliain. Bhí sé faoi dhraíocht ag polaitíocht, bhí tionchar ag Art Ó Gríofa air agus chuaigh sé isteach i gCumann Liobrálach Bhaile Átha Cliath. Tar éis Éirí Amach 1916 chuir sé lánstádas Tiarnais chun cinn d’Éirinn. In 1921 bhunaigh sé Crois Bhán na hÉireann. Ar iarratas ó Mhícheál Ó Coileáin, d’oibrigh Dubhghlas ar an gcoiste a dhréachtaigh Bunreacht an tSaorstáit. Toghadh é ina chomhalta neamhspleách ar an gCéad Sheanad in 1922, bhí sé ag oibriú go 1936 agus bhí sé ina leas-chathaoirleach idir 1922-25. 


Dowdall, Séamus Séarlas

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

Rugadh Séamus Dowdall i Kent agus cuireadh oideachas air i gColáiste na Toirbhirte i gCorcaigh. Nuair a chríochnaigh sé ar scoil, rinne sé féin agus a dheartháir, Tomás, staidéar ar mhonarú ime sa Danmhairg agus chuaigh siad isteach i ngnó uachtarlainne a n-uncail ansin. In 1905, bhunaigh Séamus, Tomás agus a gcol ceathrair JB Ó Mathúna Dowdall, O’Mahoney & Co, gnó uachtarlainne agus déantúsaíochta i gCorcaigh le craobhacha i Manchain, Londain agus Cairdif. Ba bunaitheoir agus uachtarán é ar Chomhlachas Forbartha Tionscail Chorcaí agus bhí sé ina stiúrthóir ar Bhanc na Mumhan agus Laighean, ar an gComhlacht Scéala Éireann agus ar ghnóthaí eile. Bhí sé ar son an Chonartha agus ghlac sé le hainmniúchán don chéad Sheanad in 1922. Ghlac sé ballraíocht i bhFianna Fáil in 1927 agus atoghadh chun an tSeanaid é in 1934, ag oibriú go dtí cuireadh deireadh leis in 1936.  


Duffy, Michael

Páirtí an Lucht Oibre | Tofa ag Dáil Éireann

 

Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra

Téigh chuig Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim


Esmonde, An Ridire Thomas Henry Grattan

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

Úinéir talún agus polaiteoir ab ea é Esmonde. Rugadh é sa Fhrainc, agus ba é an duine ba shine de sheachtar clainne. Tar éis dó freastal ar Choláiste Oscott i Birmingham, toghadh Esmonde, náisiúnaí dílis, ina TP do Chontae Átha Cliath Theas in 1885; bhíothas ag súil leis go mbeadh an suíochán buaite ag iarrthóir aontachtach. Sealgaire géim ba ea Esmonde agus chuir sé roinnt samplaí chuig Músaem Stair an Dúlra i mBaile Átha Cliath. Caitliceach Rómhánach ab ea é Esmonde. Ceapadh é ina sheomairlín ar theaghlach na Vatacáine agus bhí an post sin aige faoi cheathrar Pápa. Léiríodh spéis Esmonde i Sinn Féin trína ról mar chomhbhunaitheoir agus mar urraitheoir ar an Enniscorthy Echo, an chéad pháipéar áitiúil a thug tacaíocht iomlán do Shinn Féin. Ba é an príomhthionchar a d’imir Esmonde ar ghluaiseacht Shinn Féin ná an gléas tiomsaithe airgid chun stampaí poist a dhíol, a cheannaigh lucht tacaíochta Shinn Féin agus a cheangail lena gcuid litreacha chomh maith leis na cinn a raibh riachtanach faoin dlí. I Mí na Nollag 1922 ainmníodh é chun an chéad Sheanad agus d’fhan sé ina chomhalta go dtí 1934 (cé nár mhinic a fhreastal sé air mar gheall ar easláinte). 


Everard, An Ridire Nugent

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

 

Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra

Tabhair cuairt ar Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim  


Eyre, Edmund W

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

Rugadh Eyre i nGaillimh, aturnae ab ea a athair. Bhog sé go Baile Átha Cliath agus ghlac sé le post cléireachais i mBardas Bhaile Átha Cliath ag 17 mbliana d'aois. Sa bhliain 1893 ceapadh é ina Chisteoir Cathrach, ról a bhí aige ar feadh 28 bliain. Duine de na ‘hoifigigh phoiblí ba chumasaí’ in Éirinn ab ea é, agus d’éirigh sé as an ról in 1921 tar éis 46 bliana seirbhíse. Ainmníodh é don Seanad ag Uachtarán na hArd-Chomhairle ina dhiaidh sin i 1922 ar feadh 6 bliana. Chuir easláinte cosc air páirt ghníomhach a ghlacadh i ndíospóireachtaí an tSeanaid agus níor raibh sé ag iarraidh go n-atoghfaí arís in 1928 . Fuair sé bás sa bhaile i mBaile Átha Cliath in 1929. 


Farren, Thomas

Páirtí an Lucht Oibre | Tofa ag Dáil Éireann

 

Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra

Téigh chuig Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim


Fitzgerald, Martin

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

Rugadh Fitzgerald i Maigh Eo sa bhliain 1865 agus bhog sé go Baile Átha Cliath nuair a bhí sé óg agus shaothraigh sé a shaibhreas mar cheannaí. B’úinéir deiridh an The Freeman’s Journal é, an nuachtán a bunaíodh sa bhliain 1763 agus bhí ceangal láidir idir an nuachtán agus na hÉireannaigh i Westminster. Mar chuid dá iarrachtaí chun nuachtán lag a thaobhaigh le náisiúnaithe a athbheochan, chaill Fitzgerald suim mhór dá shaibhreas. B’ iontach na deacrachtaí a bhí aige: cuireadh faoi chois é ag údaráis mhíleata na Breataine ar feadh seacht seachtaine agus cuireadh Fitzgerald i bpríosún Mhuinseo ar feadh míosa in 1920 tar éis dó scéal a fhoilsiú faoi bhrúidiúlacht an airm. Bhí ról suntasach aige sa phróiseas as ar tháinig Conradh 1921. Nuair a shocraigh an rialtas féachaint ar dheiseanna socraíochta, bhí Fitzgerald in ann a sheasamh mar dhílseánach nuachtáin a úsáid chun feidhmiú mar idirghabhálaí idir Shinn Féin agus Caisleán Bhaile Átha Cliath. Ainmníodh don Chéad Sheanad é in 1922 agus d’oibrigh sé go dtí a bhás in 1927.


Foran, Thomas

Páirtí an Lucht Oibre | Toghadh é i bhfothoghchán ar an 28 Samhain 1923 ag tógáil áit Thomas MacPartlin

 

Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra

Téigh chuig Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim


Forbes, Bernard (Iarla Ghránaird)

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

Bhí go leor ról tábhachtach riaracháin agus míleata ag Forbes, an 8ú hIarla Ghránaird. Ceapadh é ina Thiarna coimhdeachta ar Éadbhard VII, Aoire an Rialtais i dTeach na dTiarnaí agus Ard-Mháistir an Phoist Cúnta. In 1907 glacadh leis an Ríchomhairle é agus ceapadh ina Mháistir an Chapaill é agus an bhliain dár gcionn ceapadh é mar Leifteanant-Choirnéal i Raidhfilí Oifig an Phoist. Rinne sé seirbhís ina dhiaidh sin mar Leas-Aimiréal Chonnacht, Tiarna Leifteanant Longfoirt agus rinneadh Ridire d’Ord Phádraig de. In 1922 ainmníodh é chuig Seanad Shaorstáit nua na hÉireann ag Uachtarán na hArd-Chomhairle go dtí 1932.


Gogarty, Oliver St John

Cumann na nGaedheal | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

 

Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra

Téigh chuig Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim


Goodbody, James Perry

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

 

Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra

Téigh chuig Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim


Green, Alice Stopford

Neamhspleách | Tofa ag Dáil Éireann

Rugadh Alice Stopford i gCeanannas, Co. na Mí, an seachtú bpáiste de naonúr, agus cuireadh oideachas ar Alice Stopford sa bhaile den chuid is mó. Tar éis bogadh go Sasana sa bhliain 1874 phós sí John Richard Green, ceannródaí na staire sóisialta, in 1877 agus chomhoibrigh siad le chéile ar obair go dtí a bhás in 1883. Staraí agus scríbhneoir torthúil ab ea í. D’éirigh sí ina náisiúnaí dílis d’Éirinn agus bhog sí go Baile Átha Cliath in 1918. Bhí a baile in aice le Faiche Stiabhna ina áit chruinnithe do náisiúnaithe ceannródaíocha le linn Chogadh na Saoirse agus thug fórsaí na Corónach ruathar uirthi go minic. Bhí sí ar son an Chonartha, chuaigh sí isteach i gCumann na Saoirse agus tháinig sí ina comhalta den Chéad Sheanad in 1922. Mar sheanadóir, rinne sí an cás ar son an cholscartha a choinneáil agus bhí sí ina ball de choistí an tSeanaid ar lámhscríbhinní Gaeilge agus ar Bhille an Gharda Síochána. Fuair sí bás in 1929.


Greer, Henry

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

Rugadh Greer i dteaghlach míleata i Maigh, Co. agus fuair sé a chuid oideachais i Wellington agus sa Choláiste Míleata Ríoga. Le linn seirbhíse airm san India, d'fhorbair sé suim i gcapaill agus nuair nach raibh sé ag rásaíocht capall, d'imir sé póló. In 1888 bhunaigh sé graífheirm, Baile an Bhrúnaigh i gCo. Chill Dara, a dhíol sé níos déanaí leis an Aga Khan. Tar éis gairmréim rathúil mar thógálaí capall, bhí Greer ina stiúrthóir ar an nGraí Náisiúnta idir 1915 agus 1933. Toghadh é ina chomhalta neamhspleách don Chéad Sheanad in 1922 agus rinne sé seirbhís go 1928. Rinneadh ridire de in 1925 as seirbhísí do phorú folaíochta agus fuair sé bás in 1934.


Griffith, An Ridire John Purser

Neamhspleách | Tofa ag Dáil Éireann

Innealtóir sibhialta ba ea é Griffith a rugadh i Holyhead in 1848, ministir san eaglais Moravian ab ea a athair Tháinig máthair Uí Ghríofa, Alice, ó theaghlach mór le rá ón mBreatain Bheag agus rinneadh abhcóide bráthar de Griffith féin san eaglais Moravian. Tar éis dó scoil a chríochnú i Sasana, rinne sé staidéar ar innealtóireacht shibhialta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Phós sé iníon seanchara a athar, Anna Benigna Purser, agus fuair an lánúin Caisleán Ráth Maonais le hoidhreacht ó dheartháir Anna. Ceapadh Griffith ina phríomhinnealtóir ar Bhord Poirt agus Duganna Bhaile Átha Cliath in 1899. Rinneadh ridire de in 1911 go príomha as a chuid oibre mar ionadaí na hÉireann ar Choimisiún Ríoga ag tuairisciú ar staid canálacha an RA. Chuaigh sé ar luathscor in 1912 agus bhunaigh sé gnólacht comhairleach innealtóireachta lena bheirt mhac. Bhí sé ar son forbartha acmhainní le haghaidh cumhachta uisce agus móna na tíre le haghaidh fuinnimh. Tugadh ‘the grand old man of Irish engineering’ air. Tháinig sé ina chomhalta de Sheanad Éireann in 1922 agus thug sé seirbhís go dtí 1936. Fuair sé bás in 1938. Tá portráid lena neacht, Sarah Purser, RHA, ar crochadh i bhFoirgneamh an Mhúsaeim i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.


Guinness, Anraí

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

Sirriam agus stiúrthóir ar Arthur Guinness agus Banc na hÉireann, ba é Guinness an duine ba shine de dháréag deirfiúracha. Cé nár pholaiteoir é ó thaobh gairme de, agus in ainneoin a chlaonadh nádúrtha i dtreo na n-aontachtach, ghlac sé le dosheachantacht neamhspleáchais na hÉireann. Chreid sé go raibh tacaíocht an phobail ghnó ag teastáil ó Shaorstát na hÉireann chun anord agus ainrialachas a sheachaint. Ceapadh chun an tSeanaid é in 1922 de bharr a thuairimí ar an stát nua agus an ról suntasach a bhí aige sa bhunaíocht ghnó agus bhaincéireachta a raibh ceannas ag aontachtaithe air. Tar éis do Mhicheál Ó Coileáin tacaíocht a iarraidh ó Bhanc na hÉireann, thacaigh Guinness le maoiniú rialtais nua na hÉireann agus é ag iarraidh an dlí agus an t-ord a choinneáil - rud a bhí riachtanach do leasanna an bhainc. Phós Guinness Marry Middleton Bainbridge. Bhí ceathrar iníonacha acu agus bhí cónaí orthu i Stigh Lorgan, Co. Bhaile Átha Cliath sula bhfuair sé bás i Sasana in 1945.


Haughton, Benjamin

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

Rugadh Haughton i dteaghlach de chuid Chumann na gCarad i gCorcaigh sa bhliain 1855, agus bhí sé ina fhear gnó gníomhach áitiúil agus rinneadh cathaoirleacht de ar an gcomhlacht Cork Timber & Iron. Le linn Chogadh na Saoirse bhí sé i measc roinnt aontachtaithe liobrálacha sa Deisceart a lorg athmhuintearas le Sinn Féin roimh an sos cogaidh in 1921. In 1922, ainmníodh é do Sheanad Shaorstáit nua na hÉireann ag Uachtarán na hArd-Chomhairle le haghaidh tréimhse 6 bliana.


Howard, Ralph (Iarla Chill Mhantáin)

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

 

Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra

Téigh chuig Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim


Hyde, Douglas

Neamhspleách | Toghadh é i bhfothoghchán ar an 4 Feabhra 1925 ag tógáil áit an Ridire Horace Plunkett an Ridire Hutcheson Poë

 

Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra

Téigh chuig Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim


Irwin, Cornelius

Cumann na nGaedheal | Tofa ag Dáil Éireann

Rugadh Irwin i nGaillimh, agus bhog sé go hInis Córthaidh sna 1890idí. Úinéir loinge agus feidhmeannach nuachtáin ab ea é, agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Enniscorthy Echo. Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge agus le Sinn Féin, agus cuireadh i bpríosún é i bPríosún Stafford agus i gCampa Imtheorannaithe Frongoch tar éis Éirí Amach 1916 é. Toghadh chun an chéad Sheanad é idir 1922 agus 1925 ach chaill sé i dtoghchán an tSeanaid 1925. 


Jackson, Arthur

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

Rugadh i gCo. Ard Mhacha é in 1853. Bhog Jackson go Jackson go Co. Shligigh tar éis a phósadh le hiníon as teaghlach ceannaí áitiúil, muintir Pollexfen. Bhí sé ina fhear gnó mór le rá ann féin mar stiúrthóir bainistíochta ar an Sligo Steam Navigation Company, ina stiúrthóir ar an Sligo Gas Company agus ar an Great Southern Railways Company, agus ina chomhalta boird de Bhord Chuan Shligigh. In 1922 ainmníodh é don chéad Sheanad ag Uachtarán na hArd-Chomhairle le haghaidh tréimhse 6 bliana. Ní dhearna sé iarracht go n-atoghfaí arís é in 1928.


Jameson, Andrew

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

Stiléir, baincéir agus polaiteoir ab ea é Jameson a rugadh in Albain. Bhí a athair, Andrew Jameson sinsearach, ina chomhpháirtí ar dhrioglann John Jameson & Son. Tar éis dó a chuid oideachais a chríochnú in Cambridge, bhog Jameson go Baile Átha Cliath agus d’oibrigh sé i ngrúdlann Jameson ar Shráid Anne Thuaidh agus rinneadh stiúrthóir é ar Bhanc na hÉireann sa bhliain 1887. Duine a raibh tionchar aige, bhunaigh Jameson Léig Aontachtach na hÉireann ar son Cealú na Teorann agus le linn an chogaidh Angla-Éireannaigh d'oibrigh sé chun socrú síochána a chur le chéile. I mí an Mheithimh 1921, bhuail sé le hÉamon de Valera agus chabhraigh sé le idirbheartaíocht a dhéanamh ar théarmaí an tsosa le rialtas na Breataine. Chuaigh an rialtas sealadach agus rialtas na Breataine i gcomhairle go forleathan le Jameson agus d’fheidhmigh sé mar idirghabhálaí idir an dá rialtais go minic. D’éirigh sé as an saol poiblí nuair a cuireadh deireadh leis an Seanad in 1936. Pósta faoi dhó, fuair Jameson bás i mBaile Átha Cliath in 1941.


Keane, An Ridire John

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

Rugadh é i dteaghlach a raibh talamh aige i Belmont, Ceapach Choinn, Co. Phort Láirge. Cuireadh oideachas ar Keane i gColáiste Clifton i Bristol agus san Acadamh Ríoga Míleata. Chuaigh sé isteach san arm in 1893 agus throid sé i gCogadh na mBórach 1899-1902. Rinneadh abhcóide de níos déanaí agus rinne sé staidéar ar chuntasaíocht. D’fhreastal Keane ar chomhairle chontae Phort Láirge agus bhí sé ar thaobh an All-for-Ireland League. Rinne sé seirbhís mhíleata sa Chéad Chogadh Domhanda freisin. Ainmníodh don Chéad Sheanad é in 1922 agus d’fhreastail sé go dtí 1934. Dódh suíochán a mhuintire sa Chogadh Cathartha le linn an fheachtais in aghaidh na Seanadóirí. Ainmníodh é chuig an tSeanaid athbhunaithe ag Taoiseach Eamon De Valera in 1938 agus arís in 1943. Fear mór díospóireachta ba ea é agus bhí sé ina stiúrthóir agus ina ghobharnóir ar Bhanc na hÉireann.


Kenny, Patrick W.

Cumann na nGaedheal | Tofa ag Dáil Éireann

 

Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra

Téigh chuig Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim


Linehan, Thomas

Páirtí na bhFeirmeoirí | Tofa ag Dáil Éireann

 

Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra

Téigh chuig Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim


Love, Joseph Clayton

Cumann na nGaedheal | Tofa ag Dáil Éireann

 

Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra

Tabhair cuairt ar Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim  


MacEvoy, Edward

Cumann na nGaedheal | Tofa ag Dáil Éireann

 

Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra

Téigh chuig Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim


MacKean, James J.

Cumann na nGaedheal | Tofa ag Dáil Éireann

 

Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra

Téigh chuig Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim


MacLoughlin, John

Neamhspleách | Tofa ag Dáil Éireann

 

Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra

Téigh chuig Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim


Mac Giolla Iasachta, Edward

Neamhspleách | Tofa ag Dáil Éireann

Rugadh Edward (Ned) Mac Giolla Iasachta i dteaghlach mór le rá a tháirg cruach in Bristol sa bhliain 1887. Bhog sé go Co. an Chláir agus chuaigh sé i mbun feirmeoireachta ar eastát a athar tar éis seal gairid in Oxford. Rinneadh radacú ar a thuairimí pholaitiúla Mac Giolla Iasachta tar éis imeachtaí sheachtain na Cásca 1916, agus na básaithe agus imtheorannaithe a lean. D’athraigh sé a ainm go Mac Giolla Iasachta le béim a chur ar a bhunús Gaelach. Cé go raibh sé ar son chúis Shinn Féin, níor ghlac Mac Giolla Iasachta páirt ar bith sa chogaíocht armtha idir 1919 agus 1921. Bhí sé ar son Conartha 1921 agus in 1922 toghadh é ina chomhalta neamhspleách ar Sheanad Shaorstáit nua na hÉireann ag comhaltaí na Dála. Níor fhóin sé ach téarma amháin mar gur buaileadh é i dtoghchán 1925.


Mac Parthaláin, Tomás

Páirtí an Lucht Oibre |Tofa ag Dáil Éireann | Fuair sé bás ar 20 Deireadh Fómhair 1923

 

Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra

Téigh chuig Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim


Mahon, An Ridire Bryan

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

Rugadh Mahon i dteaghlach a raibh talamh aige i mBéal an Átha, Co. na Gaillimhe, agus coimisiúnaíodh é in Arm na Breataine in 1883. Rinne sé seirbhís sa tSúdáin, san Éigipt, san Afraic Theas agus san India, ag fáil ardú céime trí na ranganna. Rinneadh ridire de in 1902 agus tugadh ardú céime dó mar Ard-Ghinearál in 1906, bhí sé i gceannas ar an 10ú Rannán (Éireannach) ag Gallipoli in 1915. Tar éis Éirí Amach na Cásca, bhí an Ginearál Mahon ina Cheannasaí ar Fórsaí na Breataine in Éirinn go dtí 1918 agus chuaigh sé ar scor in 1921. Ainmníodh é don Chéad Sheanad in 1922 ag Uachtarán WT Cosgrave. Toghadh chun an tSeanaid é in 1928 agus d’oibrigh sé go dtí a bhás in 1930.


Mansfield, Eamonn

Neamhspleách | Tofa ag Dáil Éireann | Éirithe as ar an 12 Nollaig 1922

 

Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra

Téigh chuig Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim


Molloy, William

Neamhspleách | Tofa ag Dáil Éireann

Rugadh Molloy i gContae Mhaigh Eo sa bhliain 1884. Feirmeoir agus fear gnó ba ea é. Nuair a bhí sé ina fhear óg chuaigh sé ar imirce go Meiriceá, áit a raibh sé gníomhach i gCairde na hÉireann, sular fhill sé ar Éirinn timpeall 1920. Toghadh é don Chéad Sheanad in 1922 ag comhaltaí an Dála ach chaill sé a shuíochán in 1931. Fuair sé bás in 1964.


Moore, Maurice George

Neamhspleách | Tofa ag Dáil Éireann

Saighdiúir agus polaiteoir ab ea é. Rugadh Moore i gCo. Mhaigh Eo sa bhliain 1854 agus ba é an dara mac le George Henry Moore, TP do Mhaigh Eo agus ceannaire ar ghluaiseacht chearta na dtionóntaí sna 1860idí. Ba é an t-úrscéalaí George Moore a dheartháir ba shine. Rinne Maurice seirbhís mar Leifteanant sna Fiannóglaigh Chonnacht le linn chogaí Kaffir agus Zulu na hAfraice Theas, agus rinneadh Maor de faoi 1883. Le linn dara cogadh na mBórach, chuir an chaoi ar pléadh le sibhialtaigh na mBórach uafás air agus d'fhoilsigh sé ailt gan ainm in The Freeman's Journal agus in áiteanna eile ag cáineadh úsáid na gcampaí géibhinn. D’éirigh sé as an arm in 1906. Bhí sé ar son Chonradh na Gaeilge, mhúin sé Gaeilge dó féin agus bhí sé ar son na Gaeilge a bheith mar ábhar éigeantach in Ollscoil na hÉireann. In 1921 chuaigh sé go dtí an Afraic Theas ar son Dháil Éireann chun tacaíocht Jan Christiaan Smuts do neamhspleáchas na hÉireann a lorg. Bhí sé ina chomhalta den Seanad ó bunaíodh é in 1922 go dtí cuireadh deireadh leis in 1936, agus arís ó 1937 go dtí go bhfuair sé bás in 1939.  


Moran, James

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

 

Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra

Téigh chuig Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim


Nesbitt, George

Neamhspleách | Tofa ag Dáil Éireann

Rugadh Nesbitt i mBaile Átha Cliath timpeall 1870/71 agus cuireadh oideachas air i SBC Shráid Synge agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí sé ina bhainisteoir ar Kernan & Co, déantóir uiscí mianraí, ar feadh na mblianta fada agus ina stiúrthóir ar roinnt cuideachtaí Éireannacha le linn a shaoil gnó. Bhí sé ar dhuine den 50 duine a d’fhreastail ar chéad chruinniú Shinn Féin, agus ar deireadh ghlac sé róil mar chisteoir an pháirtí agus mar stiúrthóir airgeadais don olltoghchán in 1918. Bhí sé ar dhuine de roinnt comhaltaí mór le rá de chuid Shinn Féin a gabhadh i mBealtaine 1918 mar gheall ar a pháirt sa ‘German Plot’. Gabhadh arís é sa bhliain 1920 agus imtheorannaíodh é i mBaile Coinnleora, an chéad ollchampa imtheorannaithe a bhunaigh údaráis na Breataine chun cogadh an neamhspleáchais a chur faoi chois. Toghadh don Chéad Sheanad é ag comhaltaí Dála in 1922 agus d’fhreastail sé go dtí 1925. Fuair sé bás in 1954, nuair a bhí sé 80 bliain d’aois.


Ó Deághaidh, Mícheál

Cumann na nGaedheal | Tofa ag Dáil Éireann

 

Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra

Téigh chuig Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim


Ó Fearghail, J.T.

Páirtí an Lucht Oibre | Tofa ag Dáil Éireann

 

Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra

Téigh chuig Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim


O'Neill, John

Cumann na nGaedheal | Toghadh é i bhfothoghchán ar an 5 Márta 1925 in áit George Sigerson

 

Féach ar stair chomhaltais Oireachtais an tSeanadóra

Téigh chuig Dictionary of Irish Biography chun tuilleadh a fhoghlaim


O'Rourke, Brian (Bernard)

Cumann na nGaedheal | Tofa ag Dáil Éireann

Rugadh é in Inis Caoin agus cuireadh oideachais air ar scoil náisiúnta áitiúil, agus ina dhaidh sin chuaigh O’Rourke isteach i ngnó muilleoireachta a athar. Cheannaigh O'Rourke Potaireacht Bhéal Leice agus chomhbhunaigh sé potaireacht an Inbhir Mhóir. Toghadh ar Chomhairle Ceantair Charraig Mhachaire Rois é sa bhliain 1899, agus ina dhiaidh sin toghadh ar an gComhairle Contae é agus rinneadh giúistís síochána de in 1906. Tugadh bata agus bóthar do O’Rourke mar ghiúistís síochána, mar go raibh sé ar son Éirí Amach 1916. Cuireadh i bpríosún é in 1916 agus arís in 1920. Bhí O’Rourke ina Chomhalta den Seanad ó 1922 go dtí gur cuireadh deireadh leis i 1936. Toghadh don Seanad nua ansin é in 1937 ar an bPainéal Tionscail agus Tráchtála.


O'Sullivan, William

Cumann na nGaedheal | Tofa ag Dáil Éireann

Rugadh Uilliam (Bill) Ó Súilleabháin i gCiarraí sa bhliain 1873 agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Naomh Bhreandáin, Cill Áirne, Coláiste na Banríona, Corcaigh agus i Halla na Máinlianna, Dún Éideann. Dochtúir Ginearálta ab ea é a raibh ag cleachtadh a ghairme go rialta, bhí sé ina Oifigeach Leighis do Chiarraí ar feadh 60 bliain agus ina chróinéir contae do Chiarraí Thoir. Bhí sé go mór ar son an Chonartha, agus toghadh comhaltaí an Dála chun an tSeanaid den chéad uair é in 1922 ar feadh 9 mbliana agus atoghadh é in 1931 ar feadh 6 bliana. Rinne sé seirbhís go dtí cuireadh deireadh leis an Seanad in 1936. Fuair sé bás in 1953.


Parkinson, James

Cumann na nGaedheal | Tofa ag Dáil Éireann

Ba as Trá Mhór i gCo. Phort Láirge Parkinson, agus chuaigh sé faoi oiliúint mar thréidlia i Londain, agus bhain sé amach céadonóracha. D’fhill sé ar Éirinn agus rinne sé printíseacht le traenálaí capall mór le rá ag an gCurrach i gCill Dara. Thuill sé cáil dó féin mar thraenálaí ag Maddenstown Lodge ina dhiaidh sin agus ba é an traenálaí agus an t-úinéir ba rathúla dá ré. Seasann curiarracht a bhuanna (mar phríomhthraenálaí) fós tar éis 21 bhliain nár buaileadh. Ba é an póraitheoir agus an easpórtálaí capall ba mhó le rá in Éirinn freisin. Toghadh Parkinson don chéad Sheanad agus d'fhóin sé go dtí gur lánscoireadh é in 1936. Toghadh don Seanad é a bunaíodh le Bunreacht 1937 ina dhiaidh sin agus d’fhóin sé go dtí go ndeachaigh sé ar scor de bharr easláinte in 1947, an bhliain roimh a bháis. 


Petty-Fitzmaurice, Anraí (Marcas Lansdún, Iarla Chiarraí)

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

Rugadh Petty-Fitzmaurice sa bhliain 1872 agus ba é an 6ú Marcas Lansdún agus Iarla Chiarraí é. Bhí eastát Éireannach an teaghlaigh, Log an Churraigh, i gCo. Laoise agus bhí breis agus 122,000 acra ann. Coimisiúnaíodh é in Arm na Breataine agus d’éirigh sé go Leifteanant-Choirnéal faoi dheireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Ainmníodh é don chéad Sheanad in 1922 ag an Uachtarán choinnigh sé a shuíochán go dtí 1931. Bhí sé ina fheisire i dTeach na dTiarnaí Parlaimint na Breataine ó 1927, nuair a tháinig sé i gcomharbas ar a athair ina Mharcas Lansdún.


Plunkett, An Ridire Horace

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)| Éirithe as ar an 28 Samhain 1923

Rinneadh Ridire de in 1903 agus rinneadh ceiliúradh idirnáisiúnta air as a chuid oibre ar athchóiriú na tuaithe. Mac leis an 16ú Barún Dhún Samhnaí ba ea Pluincéad. Rugadh Pluincéad i Gloucestershire, agus cuireadh oideachas air in Eton agus in Oxford, áit ar léigh sé an stair. D’oscail sé siopa do thionóntaí a athar in Éirinn sa bhliain 1878 agus bhunaigh sé a chéad comharchumann uachtarlann i mBaile Dhá Thuile, Co. Luimnigh, in 1891. Toghadh é mar aontachtaí TP do Bhaile Átha Cliath Theas, agus rinneadh uachtarán de ar Chumann Eagraíochtaí Talmhaíochta na hÉireann in 1894. D’oibrigh sé le haontachtaithe agus náisiúnaithe chun éileamh ar rialtas na hÉireann roinn a bhunú le díriú ar leasanna talmhaíochta, agus ar deireadh rinneadh céad leas-uachtarán ar Roinn Talmhaíochta agus Teagaisc Theicniúil na hÉireann de in 1899. Cé gur éirigh sé as an bpolaitíocht sna 1900í, ghlac Plunkett le hainmniúchán don Seanad in 1922. Tar éis buamáil a bhaile i mBaile Átha Cliath in 1923 d’fhill sé ar Shasana agus fuair sé bás ann in 1932. 


Poë, An Ridire Hutcheson

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)| Éirithe as ar an 9 Nollaig 1924

Rugadh Poë i gCo. an Dúin agus chuaigh sé isteach sna Muirshaighdiúirí Ríoga in 1867 agus rinne sé seirbhís ghníomhach sa tSúdáin agus san Éigipt. Tugadh ardú céime dó mar Leifteanant-Choirnéal agus fuair sé Compánach d’Ord na bhFolcadán (Companion of the Order of the Bath) mar aitheantas ar a chuid seirbhísí míleata sular éirigh sé as oifig in 1888. In 1891 rinneadh Ard-Sirriam de do Chontae na Banríona, agus in 1893 do Chontae Thír Eoghain. Bhí sé ina bhall de Chomhdháil Talún in 1902 agus in 1904 ceapadh é ina Ghobharnóir ar an nGailearaí Náisiúnta. Rinneadh bairnéad de in 1912. Bhí sé ina Ard-Leifteanant ar Chontae na Banríona idir 1920 agus 1922 agus, cé gurb Aontachtaí é, glacadh é le hainmniúchán do Sheanad Shaorstáit nua na hÉireann ag Uachtarán na hArd-Chomhairle in 1922 le haghaidh tréimhse 12 bhliain. D’éirigh sé as i mí na Nollag 1924 ar chuntas a shláinte. Fuair sé bás in Sussex in 1934.


Power, Jennie Wyse

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

Rugadh Jane (Jennie) O’Toole i dteaghlach náisiúnach i gCill Mhantáin agus d’éirigh sí gníomhach go polaitiúil nuair a chuaigh sí isteach i gConradh Talún na mBan in 1881. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, phós sí John Wyse Power, iriseoir a thug tacaíocht do Parnell freisin. Chomh maith le teaghlach a thógáil, bhí gnó beag aici freisin, an ‘Irish Farm Produce Company’, ar Shráid Anraí i mBaile Átha Cliath. Bhí sí ina ball de Chumann Bhaile Átha Cliath um Chearta Vótála do Mhná agus d’Inghinidhe na hÉireann. D’fhreastail sé ar fheidhmeannach Shinn Féin agus bhí sí ar cheann de bhunaitheoirí Chumann na mBan. Le linn Éirí Amach 1916 chuir sí béilí ar fáil do na reibiliúnaigh in Ard-Oifig an Phoist. Bhí sí ar son an Chonartha agus ceapadh í d’fheidhmeannach ar Chumann na nGaedheal. Ainmníodh í chun an tSeanaid in 1922, d’éirigh sí as Cumann na nGaedheal in 1925 agus lean sí mar dhuine Neamhspleách sa Teach. Atoghadh chun an tSeanaid í in 1934 le Fianna Fáil. D’éirigh sí as in 1936 agus fuair sí bás i mBaile Átha Cliath in 1941. 


Sigerson, George

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)| Fuair sé bás ar an 17 Feabhra 1925

Rugadh Sigerson sa Srath Bán, Co. Thír Eoghain, sa bhliain 1836 agus cuireadh oideachas air in Acadamh Leitir Ceanainn agus i gColáiste Naomh Seosamh i Montrouge na Fraince. Bhí sé ar fheabhas ar go leor ábhair ar scoil agus rinne sé staidéar ar leigheas i nGaillimh, i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath áit ar fhoghlaim sé an Ghaeilge freisin agus ar chuir sé spéis ar feadh an tsaoil san fhilíocht agus sa litríocht. Thug Sigerson léachtaí faoi luibheolaíocht agus bhí sé ina ollamh le bitheolaíocht i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí sé ina uachtarán ar an gCumann Náisiúnta Litríochta freisin. Ainmníodh don Chéad Sheanad é in 1922 agus d’fhreastail sé go hachomair mar an chéad chathaoirleach roimh thoghadh Thiarna Glenavy. Tar éis a bháis i bhFeabhra 1925, thug an Seanad ómós dó. Tá corn peile an choláiste CLG, Corn Sigerson, ainmnithe ina onóir.


Taylour, Geoffrey (Marcas Lios na gCeann)

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

Rugadh Geoffrey Thomas Taylour sa bhliain 1878, an t-aon mhac ag 3ú Marcas Lios na gCeann ón dara pósadh. Fuair a leathdheartháir ba shine Tomás bás roimhe, agus tháinig sé i gcomharbacht ar an Marcas i 1894. Ba iad na suíocháin teaghlaigh ná Páirc Achadh an Iúir, Co. an Chabháin agus Teach Lios na gCeann i gCo. na Mí. Chomh maith le gairm bheatha in Arm na Breataine, bhí sé ina Ghiúistís Síochána agus ina Leas-Leifteanant do Chontae na Mí. In 1922, ainmníodh é don Seanad le haghaidh tréimhse sé bliana, ach níor labhair sé riamh sa Seomra. Ba ghairneoir díograiseach é agus ceapadh é ina Chomhalta de Chumann Linnean in 1929 agus ina Chomhalta de Chumann Zó-eolaíochta in 1937. Fuair sé bás in 1943.


Wyndham-Quin, Windham (Iarla Dunraven agus Mount-Earl)

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

Rugadh Wyndham-Quin in Áth Dara, Co. Luimnigh, Ba mhac é leis an 3ú Iarla Dunraven, agus cuireadh oideachas air sa Róimh agus i bPáras sula ndeachaigh sé ar ollscoil in Oxford. Tar éis seal gairid a chaitheamh san arm, rinneadh comhfhreagraí cogaidh de don Daily Telegraph agus chlúdaigh sé Cogadh Franco-Prúiseach 1871, agus an bhliain chéanna a fuair sé teidil agus tailte a athar le hoidhreacht. Sealgaire agus taiscéalaí díograiseach ab ea Dunraven agus rinne sé cuntas ar a chuid taistil i Meiriceá agus i gCeanada. In Éirinn, spreag sé tionscail áitiúla, rinne sé iarracht iascaigh na hÉireann a fheabhsú, bhí sé i gceannas ar ghraífheirm capaill rása ag Áth Dara, agus bhunaigh sé club gailf Mhainéar Áth Dara. Chreid sé gurbh fhéidir le hidirbheartaíocht ceist na hÉireann a réiteach trí chineachadh laistigh den Impireacht. Chuidigh sé le daingniú an Chonartha Angla-Éireannach i dTeach na dTiarnaí agus ainmníodh don Chéad Sheanad é in 1922, cé go raibh sé neamhghníomhach de bharr aoise agus easláinte. Fuair sé bás in Londain in 1926. 


Yeats, W. B.

Neamhspleách | Arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chomhairle (Taoiseach)

Rugadh William i nDúmhach Thrá, Baile Átha Cliath, duine de sheisear páistí leis an bpéintéir agus an léirmheastóir John Butler Yeats agus a bhean Susan, agus cuireadh oideachais ar William i Londain agus i mBaile Átha Cliath. Thosaigh sé ag scríobh filíochta agus drámaíochta in 1884 agus dhírigh a chéad saothar foilsithe aird ar thallann liteartha thar a bheith tábhachtach. Chaith Yeats a chuid ama idir Londain, Baile Átha Cliath agus Sligeach, agus chuaigh an náisiúnachas Éireannach i bhfeidhm air, rud a bhí le sonrú ina chuid filíochta agus drámaíochta. Ainmníodh don Chéad Seanad é i 1922 ar feadh tréimhse sé bliana agus chuir sé le díospóireachtaí ar chúrsaí sóisialta agus cultúrtha; ba chosaint láidir ar shaoirse phearsanta ba ea a óráid in 1925 ar cholscaradh a tharraing conspóid shuntasach. Ba é an chéad scríbhneoir Éireannach ar bronnadh Duais Nobel na Litríochta air in 1923, fuair sé bás sa Fhrainc in 1938 agus tugadh a chorp ar ais ina dhiaidh sin lena adhlacadh i nDroim Chliabh, Sligeach. D'fhreastail a mhac Mícheál mar Sheanadóir freisin idir 1961 agus 1980. 


Is cóirithe iad go leor de na beathaisnéisí ar an leathanach seo ar iontrálacha sa Dictionary of Irish Biography faoi CC 4.0

Barr
Roinn