Sa taispeántas seo Seanad 100 “Glórtha ón Tuaisceart” déantar cuid de chomhaltaí an Chéad Seanaid a chur i láthair. Thug an chéad Seanad sin ardán don phobal Aontachtach agus Protastúnach ar mhionlach iad sa Stát nua. De réir a chéile forbraíodh é sin chun go bhféadfadh glórtha ón dá thraidisiún i dTuaisceart Éireann éisteacht a fháil sa Seanad.

Le caoinchead Bibliothèque nationale de France
George Sigerson (1836-1925)
Rugadh George Sigerson in aice leis an Srath Bán i gCo. Thír Eoghain. Ba lia, eolaí agus scríbhneoir é agus bhí sé ina Chomhalta Neamhspleách den Chéad Seanad ó 1922 go 1925.
Rinne sé fónamh ina Chathaoirleach Shealadach ar an Seanad tionscnaimh sa bhliain 1922.
Is éard a dúirt an Seanadóir Alice Stopford Green “We have only had notice handed to us as we came in of the business to-day, and we need a little time for consultation. It would be to us an honour if so learned and faithful an historian of Ireland would take the Chair for this day.”
D’éirigh sé as an Seanad go luath sa bhliain 1923 nuair a bhagair fórsaí i gcoinne an Chonartha go loiscfidís a theach, d’fhill sé ar an Seanad amach sa bhliain 1923. Bhí sé gníomhach le linn athbheochan na nGael, bhí sé ina Uachtarán ar an gCumann Náisiúnta Litríochta ón mbliain 1893 go tráth a bháis, bhí sé ina chomhalta bunaidh d’Fheis Ceoil agus chuir sé Corn Sigerson i láthair don chéad chomórtas peile Gaelaí idir coláistí sa bhliain 1911.

Le caoinchead Bernie Bradley
Brian (Bernard) O'Rourke (1874-1956)
Rugadh Brian (Bernard) O’ Rourke in nDún Dealgan, Co. Lú agus bhí cónaí air in Inis Caoin, Co. Mhuineacháin. Fear gnó a bhí ann, cheannaigh sé Belleek Pottery sa bhliain 1919 agus chomhbhunaigh sé Arklow Pottery sa bhliain 1934.
Gabhadh i mBeairic Richmond é i ndiaidh an Éirí Amach agus i bpríosún Bhéal Feirste sa bhliain 1920.
Bhí sé gníomhach i bpolaitíocht áitiúil agus náisiúnta araon agus bhí sé ina chomhalta de Chumann na nGaedheal, agus ansin ina Chomhalta d’Fhine Gael sa Seanad ó 1922 go 1926. Toghadh é chuig an Dara Seanad sa bhliain 1938 ar an bpainéal Tionscail agus Tráchtála. Dhírigh a chuid oibre sa Seanad ar chúrsaí amhail táillí, curaíocht agus rialtas áitiúil.

Le caoinchead Bibliothèque nationale de France
(Joseph) Henry Greer (1855-1934)
Rugadh (Joseph) Henry Greer ar an Maigh i gCo. Thír Eoghain. D’fhóin sé in Arm na Breataine, san India den chuid is mó, áit ar chuir sé spéis i gcapaill.
Bhunaigh sé graí i mBaile an Bhrúnaigh, ar an Tulaigh, Co. Chill Dara, graí a dhíol sé leis an Aga Khan tráth níos déanaí. Ceapadh ina stiúrthóir ar an nGraí Náisiúnta é sa bhliain 1917 agus bhí sé ina mhaor ar Chumann na Marcach agus ar Chumann Thailte na hÉireann.
D’ainmnigh Uachtarán na hArd-Chomhairle chuig an Seanad é sa bhliain 1922 agus d’fhóin sé ina chomhalta neamhspleách go dtí 1928.
Ina chuid oibre leis an Seanad bhí imní air faoin tionchar a bheadh ag cóiríocht shealadach an Oireachtais i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath ar an gCumann féin agus ar bheostoc a iompar.

Le caoinchead Bibliothèque nationale de France
Sir William Hutcheson Poë (1848-1934)
Rugadh an Ridire William Hutcheson Poë i nDomhnach Daoi, Contae an Dúin, agus chuir sé faoi i gCo. Laoise ina dhiaidh sin. Oifigeach Cabhlaigh de chuid na Breataine a bhí ann agus bhí sé ar dhuine den cheathrar úinéirí talún a bhí ar Chomhdháil Talún na hÉireann, 1902 -1903. Bhí mar aidhm leis an gComhdháil Talún teacht ar réiteach ar cheist na talún in Éirinn trí dhul i mbun rannpháirtíochta le hionadaithe na dtionóntaí.
Ba iad moltaí na comhdhála a bheadh mar bhunús don scéim talamh-cheannaigh a leagadh amach sa (Wyndham) Land Act, 1903.
D’ainmnigh Uachtarán na hArd-Chomhairle chuig an Seanad é sa bhliain 1922 agus d’fhóin sé ina Sheanadóir Neamhspleách go dtí 1925. Bhí an-tionchar aige ar dhíospóireachtaí ar an mBille Talún, 1923.

Le caoinchead Bibliothèque nationale de France
Lord Glenavy (James Henry Mussen Campbell) (1851-1931)
Rugadh James Henry Mussen Campbell i mBaile Átha Cliath agus cuireadh oideachas air in Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide agus in Óstaí an Rí.
Rinneadh an Tiarna Lann Abhaigh de sa bhliain 1921, agus creidtear gur ó athair a athar a tháinig an teideal, a bhí ina chonstábla de chuid na bpóilíní i Lann Abhaigh i gCo. Aontroma.
B’Abhcóide é a ndearnadh Abhcóide na Banríona in Éirinn de sa bhliain 1892 agus toghadh ina Theachta Parlaiminte le Páirtí Aontachtach na hÉireann é chuig suíochán Fhaiche Stiabhna Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1898.
Rinneadh Tiarna Príomh-Ghiúistís na hÉireann de sa bhliain 1916. D’ainmnigh Uachtarán na hArd-Chomhairle chun an tSeanaid é sa bhliain 1922 agus ba é an chéad Chathaoirleach ar an Seanad é. Chuir fórsaí i gcoinne an Chonartha a theach trí thine faoi dhó le linn Chogadh na gCarad.
Bhí ról an-tábhachtach aige i dtaobh an chaoi ar cheart gnó a dhéanamh sa Seanad a bhunú.

Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
James Green Douglas (1887-1954)
Ba fear gnó é James Green Douglas a bhí ina bhall de Chumann na gCarad. Rugadh é i mBaile Átha Cliath agus ba as Co. Thír Eoghain a mhuintir.
Bhí sé ar dhuine de na príomhdhaoine i gCros Bhán na hÉireann, a bunaíodh chun airgead a bhailigh an American Committee for Relief in Ireland a dháileadh.
Cheap Mícheál Ó Coileáin é ina chomhalta den choiste a d’ullmhaigh dréachtaí do chéad bhunreacht na hÉireann sa bhliain 1922.
Bhí sé ina chomhalta de Sheanad Éireann ó 1922-36 agus 1938-1954, toghadh é ina Leas-Chathaoirleach ó 1922 go 1925. Ainmníodh é ina chomhalta neamhspleách chuig an gcéad Seanad (1922-36) agus toghadh ina dhiaidh sin é chuig an bpainéal tionscail agus tráchtála, d’fhóin sé freisin ina ainmní de chuid an Taoisigh.
Bhain a chuid oibre sa Seanad le réimse éagsúil ábhar, ach bhí spéis ar leith aige i gcaidreamh idirnáisiúnta agus síochán ar fud na cruinne agus d’fhreastail sé ar roinnt comhdhálacha idirnáisiúnta thar ceann na hÉireann, lena n-áirítear ar Chomhdháil na hEorpa san Háig sa bhliain 1948.

Le caoinchead Irish Newspaper Archives
Helena Concannon (1878-1952)
Rugadh Helena Concannon i Machaire Fíolta i gContae Dhoire. Scríbhneoir, staraí agus polaiteoir ab ea í. Rinne sí staidéar ar nuatheangacha in Ollscoil Ríoga na hÉireann agus thar lear ina dhiaidh sin in Ollscoil Sorbonne i bPáras, Ollscoil Bheirlín agus sa Róimh. Bhí sí gníomhach i gConradh na Gaeilge, áit ar fhoghlaim sí Gaeilge den chéad uair riamh ó Phádraig Mac Piarais.
Scríobh sí agus d'fhoilsigh sí leabhar inar dhírigh sí ar théamaí an reiligiúin, na staire, mhná na hÉireann agus an méid a chuir siad leis an saol in Éirinn, tháinig a cuid scríbhneoireachta faoi anáil a cuid tuairimí Náisiúnachais agus Reiligiúnach féin.
D’fhóin sí sa Seanad ar feadh tréimhsí i ndiaidh a chéile idir na blianta 1938 go 1952 ina Comhalta d’Fhianna Fáil ar phainéal Ollscoil na hÉireann. Toghadh í ina Teachta Dála le Fianna Fáil do thoghcheantar Ollscoil na hÉireann.

Le caoinchead Irish Newspaper Archives
Linda Kearns MacWhinney (1888-1951)
Rugadh Linda Kearns MacWhinney ar an Droim Ard, Co. Shligigh agus chuaigh sí faoi oiliúint ina hAltra in Ospidéal Shráid Bhagóid i mBaile Átha Cliath, chuaigh sí le Cumann na mBan sa bhliain 1914 agus d’oscail sí ospidéal Machaire Chumann na Croise Deirge le linn Éirí Amach 1916.
D’oibrigh sí ina teachtaire agus ina smuglaeir arm le linn Chogadh na Saoirse, a gabhadh í dá bharr. Tugadh go Doire í, cuireadh triail uirthi i mBéal Feirste agus gearradh pianseirbhís 10 mbliana uirthi i Learphoill.
Mar gheall ar dhrochshláinte aistríodh chuig Príosún Mhuinseo í, áit ar éirigh léi éalú as sa bhliain 1921.
Bhí sí ina comhalta bunaigh d’Fhianna Fáil agus toghadh chuig an Dara Seanad í sa bhliain 1938 ar an bpainéal Tionscail agus Tráchtála. Bhain an t-aon chion tairbhe a rinne sí sa Seanad le síneadh a chur le hEagraíochtaí Gairme ina gcomhlachtaí ainmniúcháin, bhí sí ag iarraidh go gcuirfí an Chomhairle Altranais san áireamh. Bronnadh bonn Florence Nightingale uirthi sa bhliain 1951 mar aitheantas ar a seirbhís don altrana.

Le caoinchead Irish Newspaper Archives
Mary Frances Davidson (1900-1986)
Rugadh Mary Frances Davidson i mBéal Feirste. Bhí sí ina Seanadóir le Páirtí an Lucht Oibre ó 1950 go 1951. Toghadh chuig an bpainéal Tionscail agus Tráchtála í ó 1954 go dtí 1969.
Ceapadh í ina hArd-Rúnaí ar Pháirtí an Lucht Oibre sa bhliain 1962, a d’fhág gurb í an cheád Ard-Rúnaí mná riamh ar aon pháirtí polaitiúil in Éirinn.
Dhírigh a cuid oibre sa Seanad ar chaidreamh tionsclaíoch, ar choinníollacha oibre agus ar na coinníollacha i dtithe altranais beaga. Tugadh isteach an tAcht Sláinte (Teaghlaigh do Dhaoine Éagumasaithe), 1964, de bharr a cuid díchill, acht trínar rialaíodh tithe altranais.

Le caoinchead Alan Kinsella - Irish Election Literature
James Dooge (1922-2010)
Rugadh James Dooge in Birkenhead, Learpholl. Bhog a mhuintir go Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath ansin, agus d’fhreastail sé ar Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath. B’innealtóir agus fear léinn é an tUasal Dooge agus d’fhóin dé ina Sheanadóir d’Fhine Gael ó 1961 go 1969 ar an bpainéal saothair agus ansin ar an bpainéal tionscail agus tráchtála ó 1969 go 1977.
Ba é ainmní an Taoisigh é ó 1981 go 1982 agus bhí sé ar phainéal Ollscoil na hÉireann ó 1982 go 1987.
Bhí sé ina Leas-Chathaoirleach ar an Seanad ó 1965 go 1973 agus ceapadh ina Chathaoirleach air ó 1973 go dtí 1977. Bhí sé ina Aire Gnóthaí Eachtracha ó 1981 go 1982, a d’fhág go raibh sé ar dhuine de líon beag Comhaltaí den Seanad a ceapadh ina nAirí rialtais.
Bhí ról tábhachtach aige i bhforbairt an Aontais Eorpaigh agus le linn uachtarántacht na hÉireann sa bhliain 1984, bhí sé ina Chathaoirleach ar choiste a dtabharfaí ‘Coiste Dooge’ air, coiste a thug tuairisc don Chomhairle Eorpach ar an gcreat maidir le hathchóiriú institiúideach laistigh den CEE. D’fhóin sé ina Chathaoirleach ar Choiste Comhairleach Eolaíochta an Choiste Chomhairligh maidir le Tionchar Domhanda Aeráide.

Le caoinchead Chartlann RTÉ
Billy Fox (1939-1974)
Rugadh Billy Fox i mBaile na Lorgan, Contae Mhuineacháin áit ar oibrigh sé ina fheirmeoir agus, ag tráth níos déanaí, ina pholaiteoir le Fine Gael. D’fhóin sé ina Sheanadóir ar an bPainéal Cultúir agus Oideachais ó 1973 go dtí 1974.
Ba bhall d’Eaglais na hÉireann é agus cháin sé gur úsáid Arm na Breataine piléir rubair chun sluaite a choinneáil faoi smacht agus gur chuir siad poill mhóra sna bóithre ar an teorainn.
Chuir sé go mór le díospóireachtaí sa Seanad ar chúrsaí a bhain le Rialtas áitiúil agus le feirmeoireacht.
Chaith fir ghunna de chuid an IRA é ar an 11 Márta 1974 nuair a chuir sé isteach orthu le linn dóibh a bheith i mbun ruathar ar theach feirme i gContae Mhuineacháin. Ba é an t-aon Chomhalta den Oireachtas a maraíodh mar gheall ar Thrioblóidí Thuaisceart Éireann.
Deirtear gur throid sé go fíochmhar ar son cearta sibhialta ar fud an oileáin seo. Aimníodh Páirc Chuimhneacháin an tSeanadóra Billy Fox ar an teorainn idir Muineachán agus an Cabhán in ómós dó.

Le caoinchead Pharlaimint na hEorpa, Baile Átha Cliath
Brendan Halligan (1936-2020)
I mBaile Átha Cliath a rugadh Brendan Halligan agus b’eacnamaí, polaiteoir agus comhairleoir gnóthaí poiblí é.
Bhí sé ina Ard-Rúnaí ar Pháirtí an Lucht Oibre ó 1967 go 1980 agus ina Sheanadóir do Pháirtí an Lucht Oibre arna ainmniú ag an Taoiseach ó 1973 go 1976.
Is é a bhunaigh an mheitheal mhachnaimh a bhí i bhfabhar an Aontais Eorpaigh, an Institiúid Gnóthaí Eorpacha agus Idirnáisiúnta (IIAE), agus bhí sé ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa ó 1983 go dtí 1984, agus ba ghnóthaí eacnamaíochta agus beartas fuinnimh an saineolas a bhí aige.
D’aithin sé go raibh dhá phobal shoiléire i dTuaisceart Éireann agus d’éirigh leis tús a chur le teagmháil idir an dá phobal sin sular thosaigh na trioblóidí.
Chuir sé brainsí Pháirtí an Lucht Oibre i dTuaisceart Éireann ar scor in 1970 nuair a bhí sé ina Ard-Rúnaí ar Pháirtí an Lucht Oibre d’fhonn cuidiú le páirtí an SDLP a bhunú.

Le caoinchead Wikimedia commons
Catherine McGuinness (1934- )
Rugadh Catherine McGuinness i mBéal Feirste. Bhí sí ina Breitheamh sa Chúirt Chuarda nó gur ceapadh í ina Breitheamh san Ard-Chúirt agus ansin sa Chúirt Uachtarach, an chéad duine ar éirigh léi sin a dhéanamh.
Bhí sí freisin ina hUachtarán ar an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí agus ina comhalta den Chomhairle Stáit faoi dhó.
Tá sí gníomhach in Eaglais na Éireann, inar fhóin sí ina Seansailéir Deoise i mBaile Átha Cliath agus i nGleann Dá Loch le 20 bliain.
Bhí sí ina cathaoirleach ar an bhFóram um Shíocháin agus Athmhuintearas i gCaisleán Bhaile Átha Cliath (comhlacht sainchomhairleoireachta a bhfuil mar aidhm leis síocháin agus athmhuintearas buan a bhaint amach trí chomhaontú idir gach duine de mhuintir na hÉireann).
Ba chomhalta neamhspleách í den 14ú, 15ú agus 17ú Seanad, a toghadh ar Phainéal Ollscoil Bhaile Átha Cliath. Bhí sí i bhfách athchóiriú a dhéanamh ar an dlí teaghlaigh agus í sa Seanad.
Labhair sí os comhair an tSeanaid sa bhliain 2014 ar chearta leanaí in Éirinn agus sa bhliain 2018 labhair sí ina finné os comhair an Choiste um Dhlí agus Ceart agus Comhionannas le linn grinnscrúdú réamhreachtach ar Scéim Ghinearálta an Bhille um an tOchtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Ról na mBan).

Le caoinchead Irish Newspaper Archives
John Robb (1932-2018)
Ba Sheanadóir Neamhspleách sa Seanad é John Robb ó 1981 go 1989, ba é ainmní an Taoisigh Charles Haughey (faoi dhó) agus Garret Fitzgerald, faoi seach é. Ba Phreispitéireach as Baile Monaidh, Contae Aontroma é, máinlia comhairleach ab ea é in Ospidéal Ríoga Victoria Bhéal Feirste, inar thug sé faoi ghnáthaimh a thug íospartaigh a gortaíodh i mbuamáil slán ón mbás le linn na coimhlinte i dTuaisceart Éireann nó ‘na Trioblóidí’ san 1970idí.
Bhí sé ina cheannródaí maidir le teacht ar réiteach ar na fadhbanna a bhí i dTuaisceart Éireann trí chomhaontas uile-Éireann i gcomhair Éire nua.
Bhunaigh sé an New Ireland Movement sa bhliain 1972 agus bhí ina chomhbhunaitheoir ar an New Ireland Group sa bhliain 1982 a d’fhéach le bealaí nua smaointeoireachta a chur chun cinn i measc Aontachtaithe agus Náisiúnaithe ar fud na hÉireann. Chuir sé tionscnamh i láthair an Fhóraim Nua-Éireann, tionscnamh a d’fhorbair polaiteoirí ó thuaidh agus ó dheas araon. Cé nach raibh mórán tóir ag daoine ar thuarascáil an Fhóraim ag an am, bhíothas den tuairim ina dhiaidh sin gurb é a chur tús leis an gComhaontú Angla-Éireannach idir an Ríocht Aontaithe agus Poblacht na hÉireann sa bhliain 1985 a raibh mar aidhm leis deireadh a chur leis na Trioblóidí.
D’fhoghlaim sé Gaeilge d'ardchaighdeán nuair a d’éirigh sé as an obair.

Le caoinchead Irish News
Seamus Mallon (1936-2020)
Ba Sheanadóir Neamhspleách é Seamus Mallon. D’ainmnigh an Taoiseach, Charles Haughey chuig an 16ú Seanad é sa bhliain 1982.
Bhí sé ina ardmháistir ar Scoil Náisiúnta San Séamas ina bhaile dúchais féin, Cnoc an Mhargaidh i gContae Ard Mhacha, áit ar thosaigh sé ag glacadh páirt sa ghluaiseacht cearta sibhialta.
Ba as cúlra poblachtach é ó thús, dhiúltaigh sé foréigean agus chuidigh sé an Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre (SDLP) a bhunú sa bhliain 1970, páirtí a bhí i gcoinne seicteachais agus ar a raibh sé ina leascheannaire ón mbliain 1979 go 2001.
D’fhóin sé ina Leas Chéad-Aire ar Thionól comhroinnte cumhachta Thuaisceart Éireann nach raibh i bhfad bunaithe (1998-2001). Ba é a mhian, mar aon le mian a chomhghleacaithe san SDLP, rud éigin nua a chruthú.
Leag sé béim sa Seanad ar an dualgas atá ar pholaiteoirí, ní hamháin ionsaithe foréigneacha a cháineadh, ach réiteach buan a fháil chun deireadh a chur leis an bhforéigean agus leis an slad. Bhí sé i bhfách comhoibriú trasteorann agus beart a dhéanamh i gcomhar chun oidhreacht chomhroinnte na hÉireann a thabhairt chun cinn agus chun saincheisteanna áitiúla i gceantair leis an teorainn a réiteach.

Le caoinchead Irish News
Bríd Rodgers (1935- )
Ba Sheanadóir Neamhspleách í Bríd Rodgers. D’ainmnigh an Taoiseach, Garret Fitzgerald, chuig an 17ú Seanad í (1983-1987).
Rugadh Bríd Stratford (Rodgers tar éis di pósadh) i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Chontae Dhún na nGall. Rinne sí staidéar ar theangacha in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath agus bhí sí ina múinteoir i mBaile Átha Cliath agus i nDún na nGall.
Duine de chuid an Deiscirt ó Thuaidh a bhí inti nuair a bhog sí go hArd Mhacha lena fear Antoin Rodgers thart ar an mbliain 1960. Chuir an mhian a bhí aice cuidiú le daoine leochaileacha borradh lena rannpháirtíochta san Fheachtas ar son Ceartas Sóisialta agus i gCumann Cearta Sibhialta Thuaisceart Éireann.
Rinneadh Cathaoirleach, Ard-Rúnaí agus ansin Leascheannaire ina dhiaidh sin di de Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre (SDLP) agus bhí ina ceannródaí i gcainteanna a raibh Comhaontú Aoine an Chéasta, 1998, mar thoradh orthu. Níor chuir sé fiacail ann sa Seanad nuair a cháin sí na hainghníomhartha i dTuaisceart Éireann agus ghlac sí seasamh liobrálaithe sa díospóireacht ar rochtain ar fhrithghiniúint.

Le caoinchead Irish Newspaper Archives
Stephen McGonagle (1914-2002)
Seanadóir Neamhspleách a bhí in Stephen McGonagle a d’ainmnigh an Taoiseach Garret Fitzgerald chuig an 17ú Seanad (1983-1987). Ba as Dún na nGall a shinsir, d’fhás sé aníos i nDoire agus d’oibrigh sna longlanna ina phluiméir. Thug an bhochtaineacht a chonaic sé, chomh maith leis an bpá íseal a íocadh le lucht saothair an tionscail déanta léinte (mná den chuid is mó) spreagadh dó beart a dhéanamh. Rinneadh rúnaí de chraobh Dhoire d’Aontas Náisiúnta na dTáilliúirí agus na nOibreoirí Éadaí de.
Thug sé daoine le chéile laistigh de ghluaiseacht na gceardchumann ar oileán na hÉireann agus idir Páirtí an Lucht Oibre agus na ceardchumainn.
Bhí sé ina uachtarán ar Chomhdháil na gCeardchumann (ICTU) sa bhliain 1972.
D’fhóin sé ina Choimisinéir Parlaiminte um Riarachán agus Gearáin nó ina “Ombudsman” sna 1970idí freisin, an chéad Chaitliceach agus duine nach státseirbhíseach é a raibh post dá leithéid aige.
Bhí sé ina aoire do Pháirtí an Lucht Oibre sa Seanad. Chuir sé go mór leis an bhFóram Nua-Éireann agus dúirt a leanas faoin tuarascáil: “The work of the Forum must be regarded as a unique exercise: a positive, well-thought-out contribution to progress in a most difficult situation.”

Le caoinchead Collins Photo Agency
Brian Friel (1929-2015)
Ba Sheanadóir Neamhspleách é Brian Friel. D’ainmnigh an Taoiseach, Charles Haughey, chuig an 18ú Seanad é (1987-1989). Tógadh san Ómaigh i gContae Thír Eoghain agus i nDoire é, áit ar oibrigh sé ina mhúinteoir sula ndeachaigh sé leis an scríbhneoireacht go lánaimseartha.
Thacaigh sé le náisiúnachas Éireannach. Chomhbhunaigh sé an Field Day Theatre Company i nDoire sa bhliain 1980 mar fhreagairt chultúir agus intleachtúil ar an ngéarchéim pholaitiúil i dTuaisceart Éireann.
Bhain sé roinnt mhaith gradam amach ar fud na cruinne de bharr a shaothar bisiúil de dhrámaí, gearrscéalta agus aistí a bhain le gnéithe polaitiúil, sóisialta agus sainiúlachta in Éirinn.
Bhronn an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa torc óir air sa bhliain 2006 mar aitheantas ar gur thogh Aosdána ina Shaoi nó fear críonna é, an onóir is mó a bhronnann an cumann ealaíontóirí sármhaith in Éirinn.
Is mar seo a leanas a labhair an Seanadóir Paul Bradford faoi sa Seanad ar an 27 Eanáir 2016: “Brian Friel … forced us all to try to look in a broader fashion at the conflict on the island and … to try to accept that change, compromise and movement would be required. … Different voices … were very helpful in making us look at some of the big problems in a new light.”
No words in more than twenty-five years of violence in Northern Ireland had such a powerful, emotional impact.

Le caoinchead Boston College
Gordon Wilson (1927-1995)
Ba Sheanadóir Neamhspleách é Gordon Wilson a d’ainmnigh an Taoiseach Albert Reynolds chuig an 20ú Seanad (1993-1995). Bhásaigh sé agus é fós in oifig sa bhliain 1995.
Ba Mheitidisteach a bhí ann agus rugadh é sa Chluainín, Contae Liatroma. Chuaigh sé ag obair i ngnó an teaghlaigh in Inis Ceithleann i gContae Fhear Manach nuair a chríochnaigh sé a chuid oideachais i mBaile Átha Cliath.
Gortaíodh é féin agus maraíodh a iníon Marie nuair a phléasc buama de chuid an IRA fad a bhí siad ag searmanas cuimhneacháin ar an gCogadh Domhanda a bhí ar siúl ag leacht cuimhneacháin Inis Ceithleann ar an 8 Samhain 1987.
Tháinig sé chun cinn i saol na polaitíochta nuair a thug sé maithiúnas go poiblí don dream a rinne an bhuamáil, as a chuid abhcóideachta ar son na síochána agus as tús a chur le cainteanna idir paraimíleataigh ar an dá thaobh. Sa Seanad, labhair sé ar son na síochána i roinnt díospóireachtaí a bhain le Tuaisceart Éireann.
D'fhreastail sé, i gcáil phearsanta, ar an bhFóram um Shíocháin agus Athmhuintearas a bunaíodh i mBaile Átha Cliath i 1994 ar mhaithe le síocháin bhuan agus athmhuintearas le comhaontú a bhaint amach i measc mhuintir na hÉireann ar fad.

Le caoinchead Irish Newspaper Archives
Sam McAughtry (1921-2014)
Scríbhneoir, craoltóir ionadaí ceardchumainn agus comhaltaí de Pháirtí Lucht Oibre Thuaisceart Éireann ab ea Sam McAughtry.
Rugadh é sa cheantar a dtugtar Tiger’s Bay air i mBéal Feirste, ba dhuine den phobal Protastúnach é.
Bhí sé ina chathaoirleach bunaidh ar an bhfeachtas Traein na Síochána sa bhliain 1989, eagraíocht a socraíodh suas i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann mar fhreagairt ar an mbuamáil a rinneadh go mion minic ar an líne iarnróid idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste.
Toghadh é ina chomhalta de Sheanad Éireann sa bhliain 1996 ar an bPainéal Tionscail agus Tráchtála, an chéad duine as Tuaisceart Éireann nár ceapadh ach a toghadh chuig an Seanad.
Bhain a chuid oibre sa Seanad le saincheisteanna i ndáil le Tuaisceart Éireann agus cháin sé an IRA go láidir. Ina chéad óráid sa Teach is mar ‘Aontachtaí hibride’ a chuir sé síos air féin, duine atá sásta a bheith ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe agus atá sásta a fhógairt gur Éireannach é.

Le caoinchead Irish Newspaper Archives
Edward Haughey (1944 -2014) (Lord Ballyedmond)
Rugadh Edward Haughey i gCo. Lú, fear gnó a bhí ann a bhunaigh Norbrook International, cuideachta chógaisíochta lonnaithe ar an Iúr, Co. an Dúin.
Ba é an chéad chathaoirleach ar Údarás Eitlíochta na hÉireann é.
D’ainmnigh an Taoiseach chuig an Seanad é ó 1994 go dtí 2002 agus bhí ina Chomhalta de Pháirtí Aontachtach Uladh agus ina Seanadóir d’Fhianna Fáil ag an am céanna.
Shuigh sé freisin i dTeach Tiarnaí na Breataine sa bhliain 2004 ina Theachta neamhspleách agus ansin ina chomhpháirtí ar an bPáirtí Coimeádach, an tríú polaiteoir a shuí i dTithe Uachtaracha na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe araon i tréimhse 80 bliain.
Bhain a chuid oibre sa Seanad le hábhair a bhain le Tuaisceart Éireann, le hEolaíocht agus le Teicneolaíocht den chuid is mó. “Northern Ireland is on course for disaster over these marching weeks if these issues are not addressed. Compromise is the order of the day and should not be viewed as defeat. Compromise is not a policy of the weak but of those who hold strength”.

Le caoinchead Wikimedia commons
Dr. Maurice Hayes (1927-2017)
Ba as Cill Loch i gContae an Dúin an Dr. Maurice Hayes agus is in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste a fuair sé a chuid oideachais.
Bhí sé ina Chomhalta den Choimisiún Neamhspleách ar Phóilíneacht i dTuaisceart Éireann, ar a tugadh Coimisiún Patten, a chuidigh leis an RUC a athchóiriú go dtí PSNI an lae inniu.
Ba chomhalta Neamhspleách é sa 21ú agus 22ú Seanad ó 1997 go 2007, a bhí ainmnithe ag an Taoiseach, agus labhair sé faoi réimse leathan ábhar lena n-áirítear riarachán poiblí, próiseas na síochána agus cúrsaí póilíneachta. Chaith sé seal ina Chathaoirleach ar an bhFóram Náisiúnta um an Eoraip i bPoblacht na hÉireann.

Le caoinchead James Connolly/Model Niland
Dr Martin Mansergh (1946 - )
In Woking, Surrey a rugadh an Dr Martin Mansergh agus ba Angla-Éireannaigh iad a mhuintir.
Thosaigh sé ag obair sa Roinn Gnóthaí Eachtracha sa bhliain 1974 bhí sé ina Stiúrthóir Taighde agus ina Chomhairleoir Speisialta ar Thuaisceart Éireann ag Fianna Fáil ó 1981 go 2002.
Bhí ról tábhachtach aige sa chaibidlíocht maidir le sos cogaidh an IRA agus sna cainteanna a raibh Comhaontú Aoine an Chéasta mar thoradh orthu. Toghadh ina Sheanadóir ar an Rolla Talmhaíochta é ó 2002 go 2007 áit a raibh sé ina urlabhraí Airgeadais ag Fianna Fáil. Ina sheanadóir dó labhair sé faoi réimse leathan ábhar lena n-áirítear an geilleagar, gnóthaí eachtracha, Tuaisceart Éireann agus Próiseas na Síochána.
I nDíospóireacht Seanaid faoi chur i bhfeidhm Chomhaontú Aoine an Chéasta, thug sé ar aird nach raibh an cosán i dtreo na síochána réidh, ach mar sin féin “it is still a vast improvement on the endless coffins, shattered lives and the broken limbs of the 30 year conflict”.

Le caoinchead ó Thithe an Oireachtais
Martin McAleese (1951 -)
I mBéal Feirste a rugadh Martin McAleese. Tá sé pósta ag iar-Uachtarán na hÉireann, Mary McAleese. Bhog sé go Baile Átha Cliath in 1972 agus chuaigh faoi oiliúint le bheith ina chuntasóir agus ina fhiaclóir ina dhiaidh sin.
Fad a bhí a bhean ina hUachtarán, bhí tionchar mór aige i dtaobh cuidiú le grúpaí dílseoirí a bheith páirteach i bpróiseas na síochána.
D’ainmnigh an Taoiseach ina Sheanadóir Neamhspleách é sa 24ú Seanad in 2011.
Le linn a thréimhse ina Sheanadóir dhírigh sé ar shaincheisteanna amhail oideachas sóisialta, pearsanta agus sláinte i scoileanna agus an tsíocháin agus an t-athmhuintearas a chur chun cinn ar oileán na hÉireann.
Ceapadh ina Chathaoirleach ar an gCoiste Idir-rannach é chun na fíricí maidir le Baint an Stáit leis na Neachtlanna Maigdiléanacha a fháil amach.

Le caoinchead ó Thithe an Oireachtais
Máiría Cahill (1981- )
Rugadh Máiría Cahill in Iarthar Bhéal Feirste. Tharscaoil sí a ceart dlí gan ainmníocht sa bhliain 2014 maidir le maíomh mí-úsáide gnéis nuair a roinn sí a scéal sa chlár faisnéise ‘Spotlight – A Woman Alone With the IRA’ do BBC Thuaisceart Éireann. Rinneadh an scéal a thuairisciú go forleathan sna meáin agus rinneadh é a phlé i dTionól Thuaisceart Éireann agus i dTithe an Oireachtais.
Chuaigh sí i bPáirtí an Lucht Oibre sa bhliain 2015, an bhliain chéanna ar toghadh í chuig an 24ú Seanad ar an bPainéal Tionscail agus Tráchtála.
Ina Seanadóir chuir sí go mór le díospóireachtaí ar fhoréigean baile, cionta gnéasacha agus saincheisteanna oidhreachta ó na Trioblóidí i dTuaisceart Éireann. Thacaigh sí leis an mBille um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2015. Is éard a dúirt sí le linn chéim Tuarascála an Bhille seo “As a victim of sexual abuse, it is hugely important legislation that will protect not only children but also women. I express my support for the Bill in its entirety.” .

Le caoinchead ó Thithe an Oireachtais
Ian Marshall (1968 - )
I gCnoc an Mhargaidh, i gContae Ard Mhacha a rugadh Ian Marshall. Is feirmeoir déiríochta é agus chaith sé seal ina uachtarán ar Aontas Feirmeoirí Uladh ó 2014 go 2016.
Toghadh chuig an 25ú Seanad é ina Sheanadóir Neamhspleách i bhfothoghchán ar an Rolla Talmhaíochta, an chéad Aontachtaí Uladh riamh a toghadh, seachas a ainmníodh, chuig an Seanad.
Ina Sheanadóir dó, bhí sé ina Chomhalta den Chomhchoiste ar Athrú Aeráide agus an Comhshaol, agus ina Chomhalta den Chomhchoiste Forbartha Tuaithe agus Pobail.
Bhí sé i gcoinne an Bhreatimeachta agus i Ráitis Seanaid ar Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach dúirt sé: “It takes strong leaders to make hard decisions. It takes stronger leaders to admit when they have been misguided and have got things wrong”.