Rinne na Seanadóirí atá le feiceáil sa taispeántas seo iarracht chun dul i ngleic leis an dúshlán a bhaineann le comhionannas a bhaint amach ó éagsúlacht pheirspictíochtaí polaitiúla: bhain gach duine díobh úsáid as an suíochán a bhí acu sa Seanad mar dheis chun taispeáint a riachtanaí atá sé go mbeadh an guth céanna ag mná i bpolaitíocht agus sochaí na hÉireann.
Tras Honan (1930 - )
Ba Sheanadóir de chuid Fhianna Fáil í Tras Honan a d’fhóin ar an bPainéal Riaracháin idir 1977 agus 1992.
Seanadóirí freisin a bhí ina hathair céile Thomas (T.V.) Honan agus a fear céile Dermot (Derry) Honan.
Shuigh sí féin agus a deirfiúr, an Teachta Caroline (Carrie) Acheson, san Oireachtas sa bhliain 1981, an chéad uair riamh a shuigh deirfiúracha san Oireachtas ag an am céanna.
Ar an 13 Bealtaine 1982, ainmníodh agus toghadh í, gan iomaíocht, ar an gcéad Chathaoirleach mná agus ath-toghadh chuig an bpost sin í ar an 25 Aibreán 1987. Is í an t-aon bhean amháin a d’fhóin ina Cathaoirleach agus ní raibh aon bhean eile ina Cathaoirleach ó shin.
Thug sí “bean tuaithe” uirthi féin. Cé gur thacaigh sí leis an mBille Sláinte (Beartú Muiríne), 1978, a rinne frithghiniúnaigh dleathach ar oideas ó phroifisiúnaigh leighis nuair a achtaíodh é, bhí sí i gcoinne na saoirse breise a bheadh i gceist le frithghiniúnaigh a bheith ar fáil do dhaoine os cionn 18 bliain d’aois.
Le linn na díospóireachta Dara Céime ar an mBille um Chosaint Mháithreachais d'Fhostaithe, 1981, thug sí ardmholadh do mhá ar éirigh leo post lán-aimseartha a chur díobh fad ar thóg siad clann ach chuir sí in iúl freisin gurbh ábhar imní di é folláine na bpáistí a bhí i gceist, agus dúirt: “I have said that now. I may be hauled over the coals at the weekend for saying it, but it is said. I am sure the Minister is accustomed to me by now”.
Mary E. F. Henry (1940-)
Is dochtúir í Mary E.F. Henry agus ba Sheanadóir Neamhspleách í ar phainéal Ollscoil Bhaile Átha Cliath ó 1993 go 2007.
Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Polaitiúil na mBan sna 1970idí, a raibh sé mar aidhm aige rannpháirtíocht na mban sa saol poiblí a spreagadh.
D’urraigh sí Billí Comhaltaí Príobháideacha (BCP) chun turasóireacht ghnéis leanaí a stopadh i 1995 a thug an Rialtas isteach ina reachtaíocht, chomh maith le BCP maidir le Atáirgeadh Daonna Cuidithe (1999) inár féachadh rialú dlí a thabhairt isteach maidir le toirchiú in vitro.
D’fhéach sí le cearta daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn agus a chosaint nuair a d’urraigh sí An Bille um Choimisinéir Míchumais 2001 (BCP).
Sa bhliain 1994, chuir sí Ceist ar Atráth i láthair chun clár náisiúnta scagthástála cíoch a mholadh agus tugadh an clár sin isteach sé bliana ina dhiaidh sin.
Bhí sí i gcónaí i bhfách le saincheisteanna a bhain le cearta ban agus daonna: díchoiriúlú na homaighnéasachta, síneadh a chur le clúdach saoire máithreachais, chomh maith le fadhbanna a bhí le sárú ag máithreacha aonair.
Insealbhaíodh í ina Leas-Sainsailéir i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath in 2012, mar aitheantas ar an méid atá curtha aici le cúrsaí leighis, acadúla agus polaitíochta le linn a gairme a mhair breis is ceathracha bliain.
Jan O'Sullivan (1950- )
Toghadh Jan O'Sullivan ar Phainéal Riaracháin an 20ú Seanad sa bhliain 1993 do Pháirtí an Lucht Oibre.
Nuair a bhí sí ag caint faoi Thuarascáil an Dara Coimisiún ar Stádas na mBan agus ar an mBille um Chosaint Mháithreachais, 1994, bhí sí i bhfách le comhrannpháirtíocht na bhfear agus na mban maidir leis an gclann a thógáil.
Thacaigh sí le saoire atharthachta a thabhairt isteach.
Le linn di a bheith ag caint faoin mBille Sláinte (Beartú Muiríne) (Leasú), 1993 chun tuilleadh liobrálaithe a thabhairt do fhrithghiniúint in Éirinn le linn na heipidéime SEIF, dúirt sí: “Tá áthas orm a bheith i mo Bhall den Oireachtas a bheidh ag glacadh páirt in achtú na reachtaíochta seo ó tharla céim bainte amach faoi dheireadh againn ina bhfuilimid á n-iompar féin go freagrach agus ina bhfuilimid réalaíoch sa chur chuige atá againn déileáil leis na fadhbanna seo a bhfuil pobal na hÉireann trí chéile ag déileáil leo le fada i mbealach atá fimíneach.”
Bhí sí ina hAire Stáit sna Ranna Gnóthaí Eachtracha, Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, agus bhí sí ina hAire Oideachais agus Scileanna ó 2014 go 2016.
Bhain sí céim amach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus cháiligh sí ina múinteoir i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
Catherine McGuinness (1934 - )
Cé go bhfuil sí ar scor anois, Catherine McGuinness chaith sí tréimhse ina habhcóide, bhí sí ina huachtarán ar an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, ba í an chéad bhreitheamh mná í a ceapadh chuig an gCúirt Chuarda, bhí sí ina breitheamh san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Uachtarach, agus cheap beirt uachtarán chuig an gComhairle Stáit í.
Is céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus de chuid Óstaí an Rí í agus rinneadh Abhcóide Sinsearach di i 1989.
Ba Sheanadóir Neamhspleách do thoghcheantar Ollscoil Bhaile Átha Cliath í Catherine McGuinness agus d’fhóin sí i dtrí Sheanad idir 1979 agus 1987.
Bhí sí gníomhach i saincheisteanna a bhain le cearta leanaí le linn na gluaiseachta maidir le hathchóiriú oideachais sna 1960í, bhí sí lárnach i dtaobh an Acht um Stádas Leanaí 1987 a rith, a chuir deireadh le coincheap na neamhdhlisteanachta, agus bhí sí ar son cearta leanaí in Éirinn trí chur i bhfeidhm iomlán Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh a lorg.
Bhí sí i gceannas fhoireann imscrúdaithe ciorraithe coil Chill Chainnigh ar cuireadh a gcuid moltaí sa bhliain 1993 faoi bhráid an phobail sa Reifreann a bhain le Leanaí in 2012 agus ar glacadh leo. Is mar gheall air sin ar cuireadh an fhoclaíocht seo a leanas leis an mBunreacht - “Admhaíonn agus deimhníonn an Stát cearta nádúrtha dochloíte na leanaí uile agus ní foláir dó na cearta sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é” in Airteagal 42A den Bhunreacht.
Mary Harney (1953 - )
Is céimí le hEacnamaíocht ó Choláiste na Tríonóide í Mary Harney agus mhúin sí mata agus eacnamaíocht sular ainmnigh an Taoiseach Jack Lynch í ina Seanadóir Neamhspleách.
D’fhóin sí ó 1977 go 1981. Labhair sí sa Seanad faoi áit na mban agus na bacainní a bhí rompu, go háirithe sa saol oibre.
Nuair a bhí díospóireacht á déanamh ar an mBille um Chosaint Mháithreachais d’Fhostaithe, 1981, rinne sí cur síos ar an aisling a bhí aici i dtaobh timpeallacht oibre a bhí níos oiriúnaí don teaghlach a bheith laistigh den Oireachtas féin.
Sa bhliain 1990, d’éirigh léi nuair a bhí sí ina hAire Stáit sa Roinn Comhshaoil Ionstraim Reachtúil a rith faoinar cuireadh cosc ar ghual biotúmanach nó ‘toite’ a dhó i mBaile Átha Cliath. Is mar gheall ar chosc ar nós é seo agus cinn eile go bhfuil feabhas ollmhór curtha ar an gcaighdeán aeir i mBaile Átha Cliath agus timpeall na tíre.
Rinne sí maoirseacht i 1992 ar reachtaíocht chun an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a bhunú.
I 1993, ba í an chéad bhean in Éirinn í le bheith i gceannas ar pháirtí polaitíochta, an Páirtí Daonlathach, agus ina dhiaidh sin ba í an chéad Tánaiste mná í.
Nuair a bhí sí ina hAire Sláinte agus Leanaí sa bhliain 2009, thug sí isteach an tAcht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais nó an scéim “Fair Deal” chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do dhaoine i leith seirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarma.
Bhronn Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath dochtúireacht oinigh uirthi sa bhliain 2019 mar aitheantas ar an méid a rinne sí ar son an tsaoil phoiblí.
Evelyn Owens (1931-2010)
Chuir Evelyn Owens tús lena gairm le Bardas Bhaile Átha Cliath agus bhain sí Dioplóma amach i Riarachán Poiblí ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Chuaigh sí isteach in Aontas Oifigigh Rialtas Áitiúil na hÉireann sula i bhfad - aontas IMPACT mar a thabharfaí air níos déanaí - agus ceapadh í ina hUachtarán air sa bhliain 1967, agus í ar an gcéad bhean leis an ról sin a bheith aici.
Ba chomhalta í den Choimisiún ar Stádas na mBan, den Choiste Comhairleach Speisialta ar Oifig an Ombudsman, agus d’fhóraim ardleibhéil eile.
Ba chomhalta den 12ú Seanad agus den 13ú Seanad (1969-1977) í Owens, agus í ar Phainéal an Lucht Oibre thar ceann Pháirtí an Lucht Oibre.
Ó thaobh a cuid oibre sa Seanad, chomhurraigh sí Bille Comhaltaí Príobháideacha (BCP), an Bille Uchtála, 1971, a thug an rialtas isteach i bpáirt sa Bhille Uchtála, 1974.
Toghadh í ina Leas-Chathaoirleach i Meitheamh 1973 agus choinnigh sí an ról sin sa 13ú Seanad. Ba í an chéad bhean ról an Leas-Chathaoirligh a bheith aici.
Bhí sí ar Choiste an Oireachtais ar Ionstraimí Reachtúla agus ba chomhalta ex officio den Choiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí í.
Ceapadh í ina Leas-Chathaoirleach sa Chúirt Oibreachais sa bhliain 1984 agus ina Cathaoirleach sa bhliain 1994.
Ba í an chéad bhean í le bheith sna róil sin araon. Thug Cathaoirleach na Cúirte, Kevin Duffy, aitheantas di i dTuarascáil Bhliantúil na Cúirte Oibreachais, 2010: “Bhí sí tiomanta do dhul chun cinn na mban san ionad oibre agus sa sochaí le linn a gairme. …”
Ivana Bacik (1968 - )
Toghadh Ivana Bacik, Abhcóide, Ollamh Reid agus Comhalta de Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, údar, feachtasóir ar son cearta daonna agus comhionannais, chuig Seanad Éireann ina hiarrthóir Neamhspleách ar thoghcheantar Ollscoil Bhaile Átha Cliath chuig an 23ú Seanad in 2007, agus ina Seanadóir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre in 2011, 2016 agus 2020.
Thug sí suas an suíochán a bhí aici sa Seanad nuair a toghadh chuig Dáil Éireann í i bhfo-thoghchán na bliana 2021.
Chaith sí blianta fada ina feachtasóir ar son rogha d’athrú bunreachtúil a chur ar shaincheisteanna sláinte a bhaineann le toirchis ban. Chuaigh sí i mbun feachtais ar son an Bhille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2018 a rinne aisghairm ar chosc bunreachtúil an Ochtú Leasú ar ghinmhilleadh.
Nuair a bhí sí ina Seanadóir, d’urraigh sí breis is tríocha Billí Comhaltaí Príobháideacha agus tá roinnt cosaintí tugtha ag achtú péire díobh sin dóibh sin i bhfostaíocht neamhghnách agus deireadh curtha acu le cineálacha áirithe idirdhealuithe i bhfostaíocht.
Roghnaigh Comhlachas Dlíodóirí Mná na hÉireann í mar Dhlíodóir Mná na Bliana d’Éirinn sa bhliain 2019 mar aitheantas ar “an méid ollmhór atá curtha aici le cúrsaí dlí in Éirinn, agus go háirithe ar an mbéim a chuireann sí ar chomhionannas inscne agus ar cheartas sóisialta”.
Frances Fitzgerald (1950 - )
Toghadh Frances Fitzgerald chuig an 23ú Seanad in 2007 d’Fhine Gael ar Phainéal an Lucht Oibre.
Is céimí í de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus an London School of Economics.
Bhíodh sí ag obair ina hoibrí sóisialta agus ina teiripeoir teaghlaigh i mBaile Átha Cliath agus le pobail i lár na cathrach.
Bhí sí ina cathaoirleach tráth ar Chomhairle Náisiúnta na mBan agus is í iarLeas-Uacharán Bhrúghrúpa Mhná na hEorpa.
Bhí sí ina comhalta den Chomhchoiste ar an Leasú Bunreachtúil ar Leanaí a mhol an Reifreann a Bhaineann le Leanaí a reáchtáil.
Ba í Ceannaire an fhreasúra í sa 23ú Seanad sula ndeachaigh Fine Gael isteach sa rialtas.
Bhí trí phost aireachta aici
- Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige (2011-2014),
- Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannas (2014-2017)
- agus Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta (2017)
agus tá sí ar dhuine den cheathrar ban a raibh post an Tánaiste aici.
Fad is a bhí sí in oifig thug sí isteach reachtaíocht a bhain le leas leanaí agus teaghlaigh, cionta gnéasacha, cúrsaí ban, agus a bhain le póilíneacht agus rinne sí maoirseacht ar an Reifreann maidir le Comhionannas Pósta.
Mary O’Rourke (1937-)
Ba Sheanadóir de chuid Fhianna Fáil Mary O’Rourke ó 1981 go 1982 ar an bPainéal Cultúir agus Oideachais agus ba í ainmní an Taoisigh Bertie Ahern ón mbliain 2002 go 2007.
Bhain sí céim amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad agus ba mhúinteoir í sula ndeachaigh sí leis an bpolaitíocht.
Le linn dhíospóireacht an tSeanaid ar an mBille um Ghníomhaireacht Fostaíocht don Aos Óg, 1981, d’éiligh sí gur mná a bheadh i leath d’ainmnithe na gníomhaireachta agus go mbeadh comhdheiseanna fostaíochta ann do mhná agus fir.
Bhí ceithre phost aireachta aici fad is a bhí sí ag fónamh ina Teachta Dála. Fad is a bhí sí ina hAire Stáit do Ghnóthaí Oibre, thug sí isteach reachtaíocht i 1993 chun forais um dhífhostú éagórach a mhéadú chun go mbeadh gnéaschlaonadh, aois agus baill de phobal an lucht siúil san áireamh ann.
Le linn di a bheith ag caint sa Seanad ar Sheirbhísí d’Íospartaigh Foréigin Baile i Eanáir 2004, thug sí le fios go dtaitneodh léi go mbeadh mná cantalach agus muiníneach, go labhróidís le daoine agus nach mbeadh faitíos orthu.
Bhí sí ina cathaoirleach ar an gComhchoiste maidir le Leasú a dhéanamh ar an mBunreacht faoi Leanaí a raibh an Reifreann a bhain le Leanaí sa bhliain 2012 mar thoradh ar na moltaí a rinne sé i bhFeabhra 2010. Chuaigh sí i mbun feachtais chun an Seanad a choinneáil ag reifreann na bliana 2013 agus bhí sí ina comhalta den Ghrúpa Oibre maidir le Athchóiriú an tSeanaid 2015.
Averil Power (1978 - )
Bhain Averil Power céim sa Dlí, Eacnamaíocht agus Eolaíocht Shóisialta amach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Toghadh sí ina Seanadóir de chuid Fhianna Fáil chuig an 24ú Seanad in 2011 ar an bPainéal Tionscail agus Tráchtála. Bíonn sí i mbun feachtais ar son seirbhísí pobail agus ar shaincheisteanna eile sóisialta lena n-áirítear comhionannas, uchtú agus cearta LGBT+.
Rinne sí tagairt le linn na díospóireachta ar an dara céim den Bhille um Pósadh 2015 don Reifreann Comhionannais ar éirigh leis agus dúirt sí nach raibh an oiread bróid uirthi riamh gur Éireannach í agus a bhí uirthi ar an 23 Bealtaine, nuair ab í Éire an chéad tír ar domhan chun comhionannas pósta a thabhairt isteach le tromlach na vótaí.
D’urraigh sí an Bille Uchtála (Faisnéis agus Rianú) BCP a cheadaigh an Seanad agus a tháinig roimh thograí reachtaíochta rialtais agus an Bille um Chomhionannas Fostaíochta (Leasú) 2012.
Bhí sí páirteach i gClár Forbartha Polaiteoirí Voluntary Service Overseas sa Mhósaimbíc in 2011 áit ar thacaigh sí le cur i bhfeidhm seirbhísí deonacha áitiúla.
In Iúil 2014, rinne sí féin agus an Seanadóir iarratas go ndéanfaí Seanad Éireann a athghairm chun ráitis a thabhairt ar an gcás in Gaza.
I nDeireadh Fómhair 2014 chuir sí Tairiscint síos ag éileamh ar an Rialtas aitheantas a thabhairt do stát na Palaistíne agus chomhaontaigh an dá Theach é sin.
Jillian van Turnhout (1968 - )
Tacaíonn Jillian van Turnhout le cearta leanaí agus bhí sí ina Príomhchoimisinéir tráth ar Bhanóglaigh na hÉireann agus ina hUachtarán ar Chomhairle Náisiúnta na nÓg.
I 1995 a bunaíodh an Chomhghuaillíocht chun monatóireacht ghníomhach a dhéanamh agus tacaíocht ghníomhach a thabhairt lena chinntiú go mbeadh meas ag dlíthe, beartais agus seirbhísí na hÉireann ar chearta leanaí agus go dtabharfaí cosaint dóibh.
Bhí sí ina Príomhfheidhmeannach ar an gComhghuaillíocht um Chearta Leanaí suas go dtí 2011.
An Taoiseach Enda Kenny a d’ainmnigh Jillian van Turnhout chuig an 24ú Seanad áit ar fhóin sí ina Seanadóir Neamhspleách ó 2011 go 2016 agus a raibh sí i gceannas ar an nGrúpa Neamhspleách (ainmnithe an Taoisigh).
Bhí sí i mbun feachtais go gníomhach ina Seanadóir agus ina Príomhfheidhmeannach ar an gComhghuaillíocht um Chearta Leanaí don Reifreann a Bhaineann le Leanaí ar éirigh leis in 2012.
Dúirt sí, agus í a cur fáilte roimh an Dara Tuarascáil Eatramhach ón gComhchoiste ar an Leasú Bunreachtúil ar Leanaí in 2009, go raibh athrú bunreachtúil riachtanach chun go mbeadh Éire ar cheann de na háiteanna is fearr ar domhan le bheith i do leanbh.
Alice Stopford Green (1847–1929)
Rugadh Alice Stopford Green le linn aimsir an Ghorta i gCeanannas, Co. na Mí áit a raibh cónaí uirthi nó gur bhog an teaghlach go Sasana.
Ba staraí a bhí inti agus bhí a gcuid leabhar The Making of Ireland and its Undoing (1908), Irish Nationality (1911) agus The Old Irish World (1912) dírithe ar stair náisiúnach d’Éirinn Ghaelach a léiriú.
D’fhill sí ar Bhaile Átha Cliath in 1918 agus ba áit tionóil a bhí ina teach cónaithe ar Fhaiche Stiabhna ag náisiúnaithe mór le rá na tréimhse sin.
Toghadh sí ina Comhalta Neamhspleách sa Chéad Seanad in 1922, 1925 agus 1928.
Ceapadh chuig an gCoiste Seanaid ar Lámhscríbhinní Éireannacha í sa bhliain 1923. Le linn na díospóireachta ar thuarascáil dheiridh an Choiste, labhair sí faoin gcaoi ar chreid sí go bhféadfaí an t-easaontas a bhí ann nuair a cruthaíodh Saorstát Éireann a mhaolú trí seantraidisiúin agus creideamh a thabhairt ar ais.
Bhronn sí Cisteog ar an gCéad Seanad sa bhliain 1924 ina raibh rolla veillim le síniú gach duine de na chéad Seanadóirí. Tugadh é seo mar bhronntanas d’Acadamh Ríoga na hÉireann ar an 19 Bealtaine 1936 i rith chruinniú deiridh Sheanad an tSaorstáit sular cuireadh deireadh leis.
Tá na focail “Historian of the Irish People” greanta ar a leac uaighe.
Mary Robinson (1944-)
Ba Sheanadóir í Mary Robinson ó 1969 go 1989 ar phainéal Ollscoil Bhaile Átha Cliath, ina Seanadóir Neamhspleách den chuid is mó, agus ina comhalta de chuid Pháirtí an Lucht Oibre sa 14ú agus 15ú Seanad (1977-1982).
I gColáiste na Tríonóide agus in Ollscoil Harvard a fuair sí a cuid oideachais, ba Ollamh Reid le Dlí í i gColáiste na Tríonóide agus is í Seansailéir Ollscoil Bhaile Átha Cliath í faoi láthair.
Ina habhcóide di, d’éirigh léi roinnt cásanna cúirte cinniúnacha a bhuachan anseo in Éirinn agus san Eoraip - díchoiriúlú na homaighnéasachta, ceart na mban fónamh ar ghiúiré, cúnamh dlíthiúil agus an ceart i leith príobháideachas maidir le frithghiniúint.
Thug sí trí Bhille Comhaltaí Príobháideacha isteach a réitigh an bealach i dtreo dhlíthe na hÉireann ar fhrithghiniúint agus ar chúrsaí pleanála teaghlaigh a liobrálú. Ba í an 7ú Uachtarán ar Éirinn í agus ba í an chéad uachtarán mná freisin í.
Is í a chuir tús leis an traidisiún Éireannach in Áras an Uachtaráin, solas a chur san fhuinneog chun strainséirí a threorú san oíche d’fhonn fáilte a chur roimh dhiaspóra na hÉireann chuig a dtír dhúchais, traidisiún atá fós ar siúl san Áras go dtí an lá inniu.
Nuair a chríochnaigh a téarma uachtaránachta, ceapadh ina hArd-Choimisinéir ar na Náisiún Aontaithe do Chearta an Duine í agus ó mhí na Samhna 2018, tá sí ina Cathaoirleach ar The Elders, grúpa neamhspleách de cheannairí domhanda ag obair ar son na síochána, an cheartais agus chearta an duine.
Nora Connolly O'Brien (1892–1981)
Cheap beirt Thaoiseach, Éamon de Valera agus Seán Lemass, ina Seanadóir Neamhspleách Nora Connolly O’Brien agus d'fhóin sí ón mbliain 1957 go dtí 1969.
B’í iníon James Connolly í, an ceannaire sóisialach poblachtánach.
Rugadh i nDún Éideann í agus d’fhás sí aníos i mBaile Átha Cliath, i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i mBéal Feirste.
Bhí sí tugtha do chúiseanna poblachtánacha agus sóisialta ar feadh a saoil: thacaigh sí le hoibrithe le linn Fhrithdhúnadh Bhaile Átha Cliath i 1913, bhí sí páirteach i gCumann na mBan i 1916 agus le linn Chogadh na Saoire, agus ina dhiaidh sin, ba aontachtóir trádála í le Ceardchumann Oibrithe Iompair & Ilsaothair na hÉireann.
Sa bhliain 1958, fad is a bhí sí ag cur i gcoinne mholadh an rialtais an córas vótála a athrú ó ionadaíocht chionmhar go dtí an chéad duine abhaile, thacaigh sí le reifreann a reáchtáil chun an t-ábhar a réiteach. Vótáil an pobal i bhfabhar ionadaíocht chionmhar a choinneáil.
Chuir sí in aghaidh foráil sa Bhille um Cheartas Coiriúil, 1960, ina bhféadfaí “ciontóirí ar cailín iad” neamhchiontaithe a chur isteach i dTithe Maighdilíneacha. Dúirt sí dá lorgófaí comhairle uirthi i dtaobh cé acu ar chóir dóibh dul sa phríosún nó isteach i dTeach Maighdilíneach gurb é an chomhairle a thabharfadh sí dóibh gan dabht ar bith dul sa phríosún.
Valerie Goulding (1918–2003)
Ba Chomhalta de chuid Fhianna Fáil í Valerie Goulding i Seanad Éireann ó 1977 go 1981, a d’ainmnigh an Taoiseach Jack Lynch.
In Kent a rugadh í agus ba Aire Rialtais sa Ríocht Aontaithe a hathair. Tar éis di pósadh agus an Dara Cogadh Domhanda a bheith thart, bhog sí féin agus a clann go Baile Átha Cliath.
Thosaigh sí ag déanamh obair shóisialta chun cuidiú le deireadh a chur leis an mbochtanas a chonaic sí i mBaile Átha Cliath.
D'aithin sí an gá a bhí le tacaíocht agus teiripí chun cuidiú leis na daoine sin a raibh tionchar ag ráigeanna póilió sna 1940idí/1950idí orthu teacht chucu féin arís ó na míchumais a bhí anois acu agus caighdeán maith saoil a bheith arís acu.
Chun na críche sin, bhunaigh sí féin agus Kathleen O’Rourke, teiripeoir athshlánúcháin, an Clinic Lárnach Íocshláinteach (CRC) sa bhliain 1951.
Ba thiomsaitheoir airgid díograiseach agus éifeachtach í a thug lucht gnó ardleibhéil le chéile ar mhaithe le maoiniú a fháil d’obair an CRC.
Ina Sheanadóir di, bhí sí ag iarraidh go mbeadh sé de cheart ag daoine faoi mhíchumas dul ag obair agus rochtain a bheith acu ar oideachas aosaigh. Labhair sí freisin faoi ionaid cúraim sláinte a bhunú i mbailte agus sráidbhailte in Éirinn. Nuair a bhí díospóireacht á déanamh ar an Dara Céim den Bhille Leasa Shóisialaigh dúirt sí go gcuideodh sé le daoine scothaosta agus le daoine a raibh tinnis ainsealacha orthu fanacht ina gcuid árais chónaithe féin chun “go mbeidís fós páirteach i saol an teaghlaigh”, cosúil le héiteas an CRC.
Gemma Hussey (1938 - )
Is céimí í Gemma Hussey de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Toghadh í ina cathaoirleach ar Chumann Polaitiúil na mBan sa bhliain 1973 a raibh sé mar aidhm aige cur le rannpháirtíocht na mban sa pholaitíocht.
Ba Sheanadóir í ó 1977 go dtí 1982 ar phainéal Ollscoil na hÉireann, ina hiarrthóir Neamhspleách ar dtús agus ina hiarrthóir le Fine Gael ina dhiaidh sin.
Labhair sí faoin easpa ban a bhí ar bhoird leighis agus ar an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí agus d’áitigh sí ar son saoire mháithreachais le pá agus comhphá ar obair chomhluacha do mhná.
Thug sí isteach Bille Comhaltaí Príobháideach (BCP), an Bille um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 1980 chun cion a dhéanamh d’éigniú pósta. Áiríodh an fhoráil sin san Acht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú), 1990.
Dar léi ní dheachthas i gcomhairle sách maith le mná ar an mBille Sláinte (Beartú Muiríne), 1978 agus dúirt: “It is a very bad situation to have celibate, elderly Catholic bishops beating a path to the Minister’s door to discuss this issue [rialáil frithghiniúnach], and to ignore the people who have most to do with – it is grotesque”.
Fad a bhí sí ina Teachta Dála (1982-1989) bhí sí ina hAire Oideachais, ina hAire Leasa Shóisialaigh agus ina hAire Saothair.
Mary Ann O'Brien (1960 - )
Is Mary Ann O'Brien í bunaitheoir agus cathaoirleach Lily O’Brien Chocolates í.
De bharr a gcuid taithí phearsanta bunaigh sí féin agus a fear céile, Jonathan Irwin, an Jack and Jill Foundation chun cúram altranais baile, tacaíocht agus abhcóideacht a chur ar fáil do leanaí iontach tinn agus dá dteaghlaigh.
An Taoiseach sí a d’ainmnigh Mary Ann O'Brien ina Seanadóir Neamhspleách chuig an 24ú Seanad.
Cuir sí Rúin síos ar Riochtaí a Chiorraíonn Saol Leanaí agus ar Sheirbhísí do Dhaoine faoi Mhíchumas in 2012.
Thacaigh sí le rialachas corparáideach, trédhearcacht agus freagracht a neartú, mar a fhoráiltear sa Bhille um Rásaíocht Capall Éireann, 2015.
Ag labhairt di i bhfabhar an Rúin maidir le Carthanais a Rialáil i mBealtaine 2013 dúirt sí: “Looking to best international practice … we cannot in 2013 continue to allow this sector, to which we give €4 billion of taxpayers' money, to go unregulated.”
Sa bhliain 2016, le linn Ráitis ar Nuálaíocht 2020 labhair sí i bhfabhar tionscnaimh chlár ETIM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic) chun daonra níos feasaí i dtaobh chúrsaí digiteacha a chruthú.
Bhí sí ina comhalta den Chomhchoiste ar Chúrsaí Talmhaíochta, Bia agus Mara agus labhair os comhair an tSeanaid ar ábhair amhail bunáitíocht bia, an earnáil grósaeireachta, cearta i ndáil le baint an fhómhair, foraoiseacht, dobharshaothrú agus go leor eile.
Joan Freeman (1958 - )
Tá MSc sa tSíceolaíocht aici, is gníomhaire agus údar ar chúrsaí meabhairshláinte í.
Bhunaigh sí Pieta House sa bhliain 2006, carthanacht a chuireann cur chuige teiripeach saor in aisce ar fáil do dhaoine a bhfuil smaointe féinmharaithe ag cur isteach orthu agus daoine a bhíonn i mbun féindochair.
Is í a chur tús leis an ócáid bailithe airgid shuaitheanta idirnáisiúnta Darkness into Light.
An Taoiseach Enda Kenny a d’ainmnigh Joan Freeman ina Seanadóir Neamhspleách chuig an 25ú Seanad.
Sa bhliain 2016, nuair a labhair sí ar an Ábhar Tosach Feidhme a chur sí síos ar Sholáthar Seirbhísí Meabhairshláinte, dúirt sí go n-oibreodh sí gan stad gan staonadh chun cuidiú le grúpaí meabhairshláinte atá ag iarraidh an córas meabhairshláinte a athrú agus go dtacódh sí go huile agus go hiomlán leo.
Rinne sí comh-urraíocht ar an mBille Comhaltaí Príobháideacha, an Bille Meabhair-Shláinte (Leasú), 2016, a ritheadh i ngach céim Seanaid ach ar tháinig deiridh leis nuair a díscaoileadh an 25ú Seanad. Ba é an aidhm a bhí leis an mBille a chinntiú go mbeadh cúram síciatracha chónaitheacha aoisoiriúnach do leanaí agus do dhaoine óga.
Labhair sí ar son rochtain 24 uair an chloig a bheith ar fáil d’úsáideoirí na seirbhíse agus í ag cur a Rúin síos ar Sheirbhísí Meabhairshláinte sa bhliain 2017.
Bhí sí ina cathaoirleach ar an gComhchoiste ar Thodhchaí an Chúraim Meabhairshláinte a d’fhoilsigh a thuarascáil deiridh i nDeireadh Fómhair 2018 ina raibh moltaí ar sheirbhís meabhairshláinte na hÉireann a athnuachan.
Margaret Mary Pearse (1878–1968)
Ba mhúinteoir Margaret Mary Pearse i Scoil Éanna, Ráth Fearnáin a rith sí féin agus a máthair go dtí gur dúnadh an scoil sa bhliain 1935.
Ba é a deartháir, Pádraig J. Mac Piarais, duine de shínitheoirí fhorógra 1916, a bhunaigh an scoil sa bhliain 1908, agus bhí cur chuige ceannródaíoch ag an scoil i dtaobh oideachas dátheangach agus i dtaobh an bhéim a leag an scoil ar shamhlaíocht agus ar chumais na ndaltaí aonair.
Toghadh Margaret Mary Pearse ina Seanadóir de chuid Fhianna Fáil chuig an dara Seanad sa bhliain 1938. D’fhóin sí go leanúnach i ndeich Seanad go dtí gur bhásaigh sí sa bhliain 1968.
Toghadh cúig uaire í ar an bPainéal Riaracháin agus ba í ainmniúchán an Taoisigh í sé huaire.
D’fhóin sí ina Teachta Dála ar an 8ú Dáil (1933-1937).
Le linn na díospóireachta i gCéim an Choiste ar Bhille Phoblacht na hÉireann, 1948 dúirt sí: "First, there has been no confusion in my mind as to whether or not we had a republic. … We all know that the republic was first declared in 1916 outside the G.P.O. …”
In Aibreán na bliana 1966, le linn chomóradh Iubhaile Leathchéad Bliain Éirí Amach Sheachtain na Cásca, bronnadh céim oinigh Dochtúir le Dlí uirthi. Nuair a bhásaigh sí sa bhliain 1968 bronnadh teach agus tailte Scoil Éanna ar náisiún na hÉireann agus bhí sochraid stáit uirthi.
Eileen Desmond (1932–2005)
Bhí Eileen Desmond ina Seanadóir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre ar an bPainéal Tionscail agus Tráchtála chuig an 12ú Seanad (1969-1973).
Chuir sí tús lena gairm ina státseirbhíseach sa Roinn Poist agus Telegrafa.
D’fhóin sí ar an Dáil seacht n-uaire idir 1965 agus 1987 agus bhí sí ina hAire Sláinte agus Leasa Shóisialaigh sa bhliain 1981.
Bhí sí ina Ball de Pharlaimint na hEorpa ón mbliain 1979 go dtí 1984.
In Aibreán 1972, leag sí amach na hábhair imní a bhí aici sa Seanad, an lá roimh an reifreann ar aontachas na hÉireann leis an gComhphobal Eorpach, maidir leis an tionchar a bheidh aige sin ar ghuth mhuintir na hÉireann san Eoraip agus ar phoist agus praghsanna.
Bhí toradh an reifrinn go mór i bhfabhar Éire dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Thacaigh sí le comhionannas na mban i gcúrsaí fostaíochta, bhí sí i bhfabhar deireadh a chur leis an “urchosc ar phósadh” mar a bhí molta i mBille na Státseirbhíse (Fostú Ban Pósta), 1973. Dúirt sí: “I sincerely hope that this is just the first of a long series of measures to end the many forms of discrimination against women that still exist in our society.”
Bhí sí ar son an liobrálachais le linn díospóireachtaí ar mBille Sláinte (Beartú Muiríne) (Leasú), 1978 a raibh sé i gceist leis frithghiniúint ar oideas a dhéanamh dleathach, agus maidir le saincheisteanna níos leithne a bhain le mná.
Labhair sí ar son feabhas a chur ar bhearta maolaithe in aghaidh an chruatain dóibhsean a bhíonn ag brath ar sheirbhísí leasa shóisialaigh.
Avril Doyle (1949 - )
Ba Sheanadóir de chuid Fhine Gael ar an bPainéal Talmhaíochta sa 19ú Seanad agus sa 21ú Seanad í Avril Doyle.
Tar éis di céim a bhaint amach sa bhithcheimic i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, chuir sí tús lena gairm pholaitíochta agus í ag plé le cúrsaí polaitíochta áitiúla.
Rinneadh Méara Loch Garman di sa bhliain 1976, agus í ar an gcéad bhean an post sin a bheith aici.
Bhí a hathair, Richard Belton, ina chomhalta den 12ú Seanad.
Bhí roinnt post éagsúil aici ina hAire Stáit fad a bhí sí ina Teachta Dála idir 1982-1989 agus idir 1992-1997.
Chaith sí dhá théarma ina Feisire de Pharlaimint na hEorpa.
Is éard a dúirt sí i Samhain 1989 le linn dhíospóireacht an tSeanaid ar thuarascáil na Comhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta, Ireland in the European Community : “Ní mór dúinn a bheith réamhghníomhach seachas frithghníomhach — mar a dúirt an té a dúirt — sa chur chuige atá againn i leith na hEorpa i ndiaidh na bliana 1992.”
Chuir sí tionchar phacáiste athchóirithe an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) ar struchtúr thalmhaíocht na hÉireann faoi chaibidil sa bhliain 1992.
Thug sí dearcadh na hEorpa le fios sa mhéid a dúirt sí agus í ag tacú le Rún Tionscail Mairteola an tSeanaid sa bhliain 2002: “Ní hamháin go bhfuil mé anseo i gcáil Comhalta den Seanad, ach i gcáil comhalta de Pharlaimint na hEorpa freisin agus mé i mo chomhalta de choistí Pharlaimint na hEorpa, an coiste um thalmhaíocht agus an coiste um an gcomhshaol, um shláinte phoiblí agus um ghnóthaí tomhaltóirí.
Bhí sí go mór ar son comhdheiseanna i gcúrsaí oideachais agus labhair sí ar cheisteanna sóisialta agus ar cheisteanna airgeadais.
Catherine Noone (1976 - )
Toghadh Noone ina hiarrthóir le Fine Gael ar an bPainéal Tionscail agus Tráchtála sa 24ú agus 25ú Seanad.
Rinne sí staidéar ar an dlí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus is aturnae í atá ag cleachtadh a gairme.
Bhí sí ina comhalta de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ón mbliain 2009 go dtí 2011.
D’fhóin sí ina Leas-Treoraí sa Seanad agus ina hUrlabhraí thar ceann Fhine Gael ar Chúrsaí Ealaíon agus Cultúir agus ar Gnóthaí Eorpacha.
Bhí sí ina comhalta de Thionól Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann.
Bhí sí ina cathaoirleach ar an gComhchoiste ar an Ochtú Leasú den Bhunreacht, a bunaíodh in Aibreán 2017 chun machnamh a dhéanamh ar Thuarascáil Thionól na Saoránach ar an Ochtú Leasú.
Sa Phreasráiteas a foilsíodh in éineacht le Tuarascáil Deiridh agus Moltaí an Chomhchoiste i mí na Nollag, 2017, tuairiscíodh go ndúirt sí: “Is fíor a rá go bhfuil ceist an ghinmhillte fós ar cheann de na ceisteanna is conspóidí i saol na hÉireann agus tá tuairimí láidre ag daoine ar an gceist. Chuige sin, níorbh é a bhí i gceist le hobair an Chomhchoiste dul i bpáirt le taobh amháin nó leis an taobh eile. Ba é sláinte na mban bun agus barr an scéil, mar aon leis an mbealach is fearr tacaíocht gasta sábháilte a chinntiú i ndáil le cásanna íogaire deacra.”
Susan O’Keeffe (1960 - )
Cháiligh Susan O’Keefe ina heolaí déirí agus bia i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh i dtosach, sula ndeachaigh sí le gairm na hiriseoireachta.
Ba de bharr a ‘cláir mairteola’ do World in Action ar theilifís Granada sa bhliain 1991 a bunaíodh an Binse Fiosrúcháin maidir leis an Tionscal Próiseála Mairteola. Ar an iomlán, chomhthacaigh conclúidí an Bhinse le torthaí O’Keefe.
Fuair sí Gradam Saorála Faisnéise sa bhliain 1994 as “cloí le prionsabal iriseoireachta ríthábhachtach a chosnaíonn an sreabhadh faisnéise don phobal”.
Gabhadh O’Keefe i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1995, cuireadh faoi thriail í ar chúis díspeagtha cúirte as diúltú a cuid foinsí a nochtadh don Bhinse Fiosrúcháin, agus fuarthas neamhchiontach í ina dhiaidh sin.
Toghadh sí chuig an bPainéal Talmhaíochta den 24ú Seanad thar ceann Pháirtí an Lucht Oibre.
Ba í an t-aon bhean ar Chomhchoiste Fiosrúcháin an Oireachtais i dtaobh na Géarchéime Baincéireachta í, a raibh aon chomhalta déag air. Bunaíodh an Comhchoiste i Samhain 2014 chun na cúiseanna a bhí taobh thiar den ghéarchéim chórasach bhaincéireachta a thit amach in Éirinn a fhiosrú.
Ag labhairt di sa Seanad ar an 2 Feabhra 2016, ar fhoilsiú Thuarascáil Deiridh an Chomhchoiste, dúirt sí: “Ní foláir dúinn, inár bparlaiminteoirí, thar ceann na ndaoine agus inár n-ionadaithe poiblí, gan an deis seo a chur amú chun iarracht a dhéanamh daoine a thabhairt chun cuntais.”
Grace O'Sullivan (1962 - )
Is céimí san éiceolaíocht allamuigh ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh í O’Sullivan agus tá Dioplóma Iarchéime aici san Fhorbairt Fiontraíochta Gnó ó Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge.
Chaith sí fiche bliain ag obair le Greenpeace, an líonra domhanda a bhíonn ag feachtasaíocht ar son an chomhshaoil agus ag cur síochána chun cinn.
Toghadh sí chuig an bPainéal Talmhaíochta den 25ú Seanad thar ceann an Chomhaontais Ghlais.
Ba chomhalta de ghrúpa teicniúil an tSeanaid um Rannpháirtíocht Saoránach í.
Labhair sí ar cheisteanna sóisialta agus ar cheisteanna a bhaineann leis an gcomhshaol, lena n-áirítear foraoiseacht, caomhnú portach, tithíocht agus iompar agus seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas.
D’urraigh sí Bille Comhaltaí Príobháideacha (BCP), an Bille um Thruailliú ó Mhicreaphlaisteach agus ó Mhicreachlocha a Chosc, 2016.
Chomhurraigh sí BCP, an Bille um Chosaint Idirnáisiúnta (Athaontú Teaghlaigh) (Leasú), 2017, a ceadaíodh ag gach céim den Seanad agus atá anois ag Céim an Choiste sa Dáil. Is é is aidhm leis an mbille foráil a dhéanamh do theifigh chun iarratas a dhéanamh ar chead dá ndaoine muinteartha teacht isteach sa Stát agus cónaí a bheith orthu ann.
Bhí sí ina comhalta den Chomhchoiste ar Ghníomhú ar son na hAeráide a bunaíodh chun na moltaí sa Tríú Tuarascáil den Tionól Saoránach, How the State can make Ireland a Leader in Tackling Climate Change, sa bhliain 2018 a bhreithniú. Ag labhairt di ar chúrsaí Iompair: Ráitis in Aibreán 2019, dúirt sí: “Ó thaobh an athraithe aeráide de, ní leor prionsabail; tá gníomh ag teastáil uainn agus tá sé ag teastáil láithreach.”
Monica Barnes (1936–2018)
Toghadh Monica Barnes chuig an 16ú Seanad (1982) d’Fhine Gael ar Phainéal an Lucht Oibre.
Ba é a cuid taithí phearsanta féin ag tús a saoil a spreag í a bheith ar son comhionannais agus chearta na mban.
Bhí sí ar dhuine de na chéad chomhaltaí den Chomhairle um Stádas na mBan sa bhliain 1973 (ar a dtugtar Comhairle Náisiúnta na mBan anois) agus bhí sí ina Leas-chathaoirleach ar Chumann Polaitíochta na mBan.
Sa Seanad, bhí sí ina hUrlabhraí d’Fhine Gael ar Athchóiriú Dlí agus ina hAoire Cúnta (Aibreán go Samhain 1982).
Le linn dhíospóireacht Seanaid i Meitheamh 1982 ar an Rún chun Comhchoiste ar Chomhlachtaí Stát-Tionscanta a bhunú, chuir sí in iúl go raibh sí ag súil go ndéanfadh an coiste an chothromaíocht inscne i mboird gníomhaireachtaí stáit a scrúdú.
Thug sí a barúil nach bhfeictear ionchur na mban i gcomhlachtaí den sórt sin, in ainneoin go raibh deich mbliana d’obair curtha isteach aici agus go raibh reachtaíocht chomhionannais ann. Dúirt sí: “Feictear dom gur díothacht agus bochtú iomlán chóras an Stáit agus Leathstáit ar fad é agus is féidir cuid de na drochthorthaí de sin a fheiceáil mar gheall nach bhfuil ionchur níos cothroime ann, b’fhéidir.”
Le linn a téarma ina Teachta Dála (1982-1992 agus 1997-2022) bhí sí ina cathaoirleach ar an gComhchoiste ar Chearta na mBan nuair a foilsíodh tuarascálacha uaidh sa bhliain 1988 agus sa bhliain 1991. Bhí sí ina comhalta den Chomhairle Stáit sna 1990idí.
Katherine Zappone (1953 - )
Is de bhunadh Mheiriceá agus de bhunadh na hÉireann í Katherine Zappone. Tá dochtúireacht aici ó Choláiste Bhostúin, SAM agus tá MBA sa Riarachán Gnó aici ó Scoil Ghnó Smurfit.
Bhí sí ar an gcéad Chomhalta de Thithe an Oireachtais le bheith ina leispiach oscailte agus i gcaidreamh comhghnéis a raibh aitheantas dlíthiúil aige, faoi dhlí Cheanada.
D’ainmnigh an Taoiseach Enda Kenny í chuig an 24ú Seanad (2011-2016) ina hiarrthóir Neamhspleách.
Sa Chomhchoiste ar Oideachas agus Cosaint Shóisialta sa bhliain 2013, bhí ionchur aici sa dréacht den Bhille um Inscne a Aithint, Bille rialtais a tionscnaíodh sa Seanad sa bhliain 2015. Le linn chéimeanna Seanaid, tharraing sí anuas ceist na forála d’athbhreithniú iar-achtaithe a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta. Tá an fhoráil seo istigh sa Bhille mar a achtaíodh agus tugadh an t-athbhreithniú scrúdain iar-reachtach chun críche sa bhliain 2018.
Fad a bhí sí ina Seanadóir, chomhbhunaigh sí ‘Democracy Matters’, a raibh an feachtas chun an Seanad a choinneáil nuair a moladh go gcuirfí deireadh leis i reifreann na bliana 2013 mar thoradh air.
Chomhurraigh sí an Bille um an Seanad, 2013 (BCP) inar moladh roinnt bearta athchóirithe, lena n-áirítear toghchóras an tSeanaid a oscailt do thoghthóirí níos leithne.
Ba chomhalta bunaigh de Marriage Equality í, a rinne feachtasaíocht roimh an reifreann ar chomhionannas pósta a ritheadh sa bhliain 2015.
Fad a bhí sí ina Teachta Dála, bhí sí ina hAire Leanaí agus Gnóthaí Óige (2016-2020).