Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Michael Knightly, an príomhiriseoir ar Dhíospóireachtaí an Chonartha

TCÉ

Féach isteach

Bhí an plé ar an gConradh ar cheann de na díospóireachtaí ba shuntasaí i stair na Dála. Tráth ríthábhachtach i stair na hÉireann a bhí ann, inar socraíodh conair nua d’Éirinn mar Shaorstát. Ar chrann Michael T. Knightly, iriseoir a throid in Éirí Amach na Cásca a thit sé Tuairisc Oifigiúil na ndíospóireachtaí a chur ar fáil.

In 1955, ba dhuine de na gníomhairí faisnéise ar an taobh istigh ba thábhachtaí ag Micheál Ó Coileáin le linn Chogadh na Saoirse é Ned Brody. Mhaígh Brody i dteistiméireacht a cuireadh ar fáil le haghaidh iarratas Knightley ar phinsean míleata:

I measc rudaí eile a d’inis sé [Ó Coileáin] dom, d’inis sé dom cérbh iad na daoine ar thug sé iontaoibh dóibh agus iad ag troid ar son na saoirse. Ní raibh ach roinnt bheag díobh ann. Duine dá raibh ba ea Micheal Knightly.
Nuair a phléadh Micheál Ó Coileáin ábhar tábhachtach liom, deireadh sé go minic: ‘Fiafróidh mé sin de Mick Knightly’, nó ‘Fiafróidh mé de Mick é sin a fhiosrú’, nó ‘Tá Mick Knightly den tuairim gur é seo nó siúd atá ann’, nó ‘cuirfidh mé fios ar Mick Knightly chun é sin a dhéanamh.’

Rugadh Knightly ar an mBaile Ard i dTrá Lí, Contae Chiarraí, in 1888. Cuireadh síos ar athair Knightly, darbh ainm Michael freisin, ina tuairisc bháis mar fheirmeoir forásach, agus bhíodh sé ina bhall mór le rá de Chonradh na Talún agus Léig Náisiúnta na hÉireann.

D’fhreastail sé ar Scoil na mBráithre Chríostaí i dTrá Lí, agus chuir Knightly tús lena ghairm san iriseoireacht leis an Kerry News agus an Kerry Weekly Reporter. Ansin léirigh sé cruinneas agus luas eisceachtúil sa ghearrscríobh. In 1913, bhog sé go dtí an Cork Free Press, mar a ndearnadh príomhiriseoir de, agus ansin go dtí an Irish Independent sa bhliain chéanna.

Grianghraf de ghrúpa ina bhfuil fir agus mná 1921

Michael Knightly (ar chúl ar chlé) le baill foirne eile i Londain i gcomhair idirbheartaíochtaí an Chonartha, 1921 | Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Bhí cónaí air in árasán i mBaile Átha Cliath in éineacht le Tomás Ághas agus in 1913 chuaigh sé isteach i gComplacht F, 1ú Cathlán, Briogáid Bhaile Átha Cliath d’Óglaigh na hÉireann. Seachtain roimh Éirí Amach na Cásca, chuaigh Knightly chuig oifigí Irish Working Journalists Association ar Shráid na Mainistreach, ar a raibh sé ina uachtarán, áit ar tháinig sé ar chruinniú rúnda idir Piaras Béaslaí, an Ceannfort Ned Daly, deartháir cleamhnais Thomáis Uí Chléirigh, agus Proinsias Ó Fathaigh, a bhí “ag amharc go cruinn ar léarscáil sráide de Bhaile Átha Cliath”. Tugadh cuireadh dó dul chuig an gcruinniú agus iarradh air teacht amach ar an Domhnach ina dhiaidh do shlógadh iomlán. Tugann sé sin le fios go raibh baint mhór ag Knightly le Bráithreachas Phoblacht na hÉireann, nó go raibh sé féin ina bhall de.

Tar éis roinnt éiginnteachta go luath ar Dhomhnach Cásca, mar gheall ar fhreasordú Eoin Mhic Néill chun gach gníomh Óglaigh a chur ar ceal, rinne Knightly a shlí chuig Ard-Oifig an Phoist le bualadh lena chathlán, áit a ndeachaigh Séan Mac Diarmada i mbannaí air. Cuireadh ar dtús é i mbialann shealadach ach tugadh raidhfil dó sa deireadh agus cuireadh ar dhualgas fairtheora é i gcuideachta Noel Lemass. D’ól sé tae in Ard-Oifig an Phoist, freisin, le fear eile ó Thrá Lí, J.J. McElligott, a bhí ar dhualgas fairtheora ar an díon agus a rachadh ar aghaidh le bheith ina Rúnaí sa Roinn Airgeadais agus ina údar ar an Státseirbhís ina dhiaidh sin.

Tháinig ionfhabhtú scornaí air agus bogadh Knightly amach as Ard-Oifig an Phoist chuig Ospidéal Shráid Jervis ar an Déardaoin, 27 Aibreán. Cé gur thug dochtúir ospidéil seans dó éalú, dhiúltaigh sé an seans agus dúirt sé nach dtiocfadh leis a chúl a thabhairt dá chomrádaithe. Rinneadh é a imtheorannú i nDún Richmond agus d’éirigh sé cairdiúil le Risteárd Mac Aoidh ann, ansin seoladh ar long é go Príosún Wakefield agus ina dhiaidh sin go campa géibhinn Frongach.

Nuair a scaoileadh saor é i dtreo dheireadh 1916, d’fhill sé ar a phost san Irish Independent. Bhíodh lóistín ag Knightly ag 11 Sráid na Danmhairge Mhór i rith Chogadh na Saoirse. Ba iad Seamus Kavanagh agus Tom Kissane, a bhí sa lóistín céanna leis, a bhí san aonad fiannais a raibh baint aige le hiarracht a rinneadh na hairm a bhaint de ghrúpa ciondála de chuid Arm na Breataine ar Shráid an Rí Thuaidh ar an 20 Meán Fómhair 1920, rud a chríochnaigh le gabháil Chaoimhín de Barra agus a chur chun báis ina dhiaidh sin. Tháinig Kathleen Barry chuig Knightly ag cuardach eolais ar ghabháil a dhearthár. Chuir sé seo in iúl di:

Is cinnte go dtuigeann tú go bhfuil sé seo an-tromchúiseach. Tá beirt saighdiúirí marbh agus is dócha go mbeidh sé ar triail agus a bheatha féin i mbaol.

Fuair Knightly roinnt grianghraf d’fhir a rabhthas sa tóir orthu ó chartlann an Irish Independent don “Cheanncheathrú”. Ar na daoine ab iomráití astu bhí an Captaen J.C. Bowen-Colthurst, a bhí freagrach as dúnmharú Francis Sheehy Skeffington, Thomas Dickson agus Patrick McIntyre ag Dún Portobello i rith Éirí Amach na Cásca, agus Alan Bell, Giúistís Cónaitheach.

Ar an 8 Márta 1920, chuir Alan Bell tús le Cúirt Dlísheomra Réalta i bhfoirgnimh Chúirt Phóilíní Bhaile Átha Cliath, chun fáil amach cá raibh airgead Shinn Féin agus Dháil Éireann, chomh maith leis an Iasacht Phoblachtánach a chuir an Coileánach i bhfolach i mbainc éagsúla. Roimhe sin agus é ina chigire i gConstáblacht Ríoga na hÉireann, d’éirigh le Bell stad a chur le roinnt foinsí maoinithe do Chonradh na Talún. Chuir fiosrúchán Bell míshuaimhneas ar an gCoileánach agus dúirt sé gur chóir dul i ngleic le Bell go tapa. Thug Knightly an t-aon ghrianghraf de Bell a bhí le fáil don “Cheanncheathrú”. Dúirt sé níos faide anonn in 1953 ina ráiteas finné do Bhiúró na Staire Míleata:

Ar an 27 Márta agus mé thíos faoin tír ar obair thuairiscithe, baineadh geit asam nuair a léigh mé sa nuachtán maidine gur baineadh an tUasal Bell ó thram ag Droichead na Dothra agus gur scaoileadh é. D’fhiafraigh mé díom féin ar baineadh úsáid as an ngrianghraf chun é a shainaithint.

Three weeks later I was sentenced to a month's imprisonment for refusing to allow the British to photograph me. They had wanted to take my finger prints, but I said that they would have to do it by force.
Michael Knightly

Ní raibh ann ach ceist ama é sula dtiocfadh Knightly ar aire údaráis na Breataine. Dúirt tuairisceoir ó The Irish Times, agus é ag cur síos ar thuairisc Knightly san Evening Herald faoi theith Robert Barton ó Mhuinseo, nár chuir leibhéal sonraí na tuairisce aon ionadh air, de bhrí go mb’fhear Frongoch a bhí ann. Fostaíodh an tuairisceoir ag an nuachtán Hansard i mBéal Feirste ina dhiaidh sin.

Tar éis go ndearnadh ruathar ar a iostas ag uimhir 11 Sráid na Danmhairge Móire, cuireadh i bpríosún é ar feadh míosa i bPríosún Mhuinseo. Dúirt sé:

Trí seachtaine ina dhiaidh sin, cuireadh i bpríosún ar feadh míosa mé toisc nár lig mé cead do ghrianghrafadóirí na Breataine grianghraif a ghlacadh díom. Bhí siad ag iarraidh taifead a dhéanamh ar mo mhéarloirg, ach dúirt mé leo go mbeadh orthu é a dhéanamh le tréan urra. Ní dhearna siad iarracht air sin, agus níor bhac siad ach cúiseamh a chur i mo leith de shárú rialacháin ‘Defence of the Realm’. Thug mé freagra gonta dóibh. Is éard a bhí ann ná gur shéan mé ceart rialtais choimhthíoch rialacháin a chur i bhfeidhm a rialaíonn mo bhearta i mo thír féin.

Dréachtchlúdach lámhscríofa den tuairisc ar Dhíospóireachtaí an Chonartha

Dréacht-imlíne lámhscríofa de leathanach teidil dhíospóireachtaí na Dála maidir leis an gConradh / Cartlann Náisiúnta na hÉireann (CC BY-NC-ND 4.0)

Lean Knightly ar aghaidh ag obair mar iriseoir taobh lena obair faisnéise, agus bhíodh scúip ar eachtraí áirithe aige a thit amach le linn Chogadh na Saoirse i mBaile Átha Cliath. Chlúdaigh sé toghchán an Chabháin Thoir agus tuairiscí ar óráidí áirithe dá chuid ag dul i gcoinne chinsireacht Chaisleáin Bhaile Átha Cliatha. Dhéanadh sé taifead ar chruinnithe Sinn Féin i ngearrscríbhneoireacht agus scríobh sé tuairiscí ar Choimisiún fiosrúcháin na Chéad Dála faoi Acmhainní agus Earnálacha in Éirinn. In 1921 chuaigh sé go Londain le foireann toscaireachta an Chonartha, mar thuairisceoir preasa.

Rinneadh tuairisceoir oifigiúil ar Dhíospóireachtaí an Chonartha de ina dhiaidh sin. Ceapadh Knightly ina chéad Eagarthóir ar Dhíospóireachtaí Thithe an Oireachtais, post a bhí aige go dtí 1955, seachas le linn Aimsir na hÉigeandála, nuair a bhí sé ina Phríomh-Chinsire Preasa. Chuaigh sé ar scor in 1955 agus d’aistrigh sé go Dún Mór, Contae na Gaillimhe. Ina tuairisc bháis, scríobhadh go mba chara mór é le hÉamon de Valera, Micheál Ó Coileáin, Art Ó Gríobhtha, Aibhistín de Staic agus baill eile mór le rá de Shinn Féin tráth Chogadh na Saoirse.

Stair Oifig na nDíospóireachtaí

Bunaíodh Oifig na nDíospóireachtaí in 1922 chun an tuairisc oifigiúil a sholáthar, agus, go bunúsach, is é an jab céanna atá á dhéanamh aici sa lá atá inniu ann. Foghlaim tuilleadh faoi thuairisciú parlaiminte síos trí na blianta ar shuíomh gréasáin Dáil100.

Barr
Roinn