Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Conradh i gComhthéacs

TCÉ

Féach isteach

Ba é an Conradh Angla-Éireannach1 an comhaontú síochána lenar cuireadh deireadh le Cogadh na Saoirse. Thosaigh an choimhlint ar an 21 Eanáir 1919 nuair a rinneadh ionsaí marfach ar phóilíní i Sulchóid Bheag, Co. Thiobraid Árann. Ar thaobh na nÉireannach bhí feachtas treallchogaíochta agus cruthaíodh córas rialtais faoi Dháil Éireann chun an bonn a bhaint as réimeas na Breataine. D’éirigh an troid níos déine go dtí an Sos Cogaidh an 11 Iúil 1921.

Níl aon amhras faoi ach gur corr chinniúnach i stair an dá oileán a bhí sa Chonradh a síníodh ar an 6 Nollaig 1921. Leis an bhfocal ‘Conradh’ san áireamh i dteideal an doiciméid bhíothas ag cur in iúl gur comhaontú a bhí ann idir eintitis dhlíthiúla choibhéiseacha, bunaithe ar leith. D’áitigh na daoine a thacaigh leis sa díospóireacht ina dhiaidh sin i nDáil Éireann gur cruthúnas a bhí san fhocal gur bhain Éire amach a cuspóir maidir le státacht, scartha ón mBreatain.

D’easaontaigh na daoine a chuir i gcoinne an Chonartha. D’áitigh siadsan go raibh Éire ina heintiteas faoi leith ón bhFaisnéis Neamhspleáchais ag céad suí poiblí Dháil Éireann ar an 21 Eanáir 1919, mura raibh sin amhlaidh ó fhorógra na Poblachta Luan Cásca 1916. De bhrí gur sonraíodh sa téacs go raibh an comhaontú idir ‘an Bhreatain Mhór agus Éire’ ba léir go raibh ciall faoi leith ag an gcomhaontú, ní go díreach idir na hoileáin ach iontu. Ní dhearnadh aon tagairt do Thuaisceart Éireann, cé go raibh sí ann go dlíthiúil le roinnt míonna ag an bpointe seo.

Doiciméad leis an téacs ‘Airteagail Chomhaontaithe le haghaidh Conradh idir an Bhreatain Mhór agus Éire a síníodh i Londain an 6 Nollaig 1921’

Clúdach tosaigh Airteagail Chomhaontaithe an Chonartha

Nuair a daingníodh agus a cuireadh i bhfeidhm an comhaontú, chuaigh Éire isteach sa chóras stáit domhanda. Siombail de seo ba é í a ghlacadh isteach go tapa i gConradh na Náisiún. Cor cinniúnach ab ea daingniú an Chonartha áfach, ba é tús an chogaidh cathartha, nach bhfuil a oidhreacht nimhneach fós go hiomlán réitithe, 100 bliain ina dhiaidh sin.

Caibidlí

Le linn chaibidlí an Chonartha ba é sprioc na nÉireannach a thabhairt ar na Briotanaigh oileán na hÉireann a aithint mar ‘chomhlach seachtrach’, seachas ball, d’Impireacht nó Comhlathas na Breataine. Bhí siad ag iarraidh foirm phoblachtach rialtais a bheith ag Éirinn, ina ndíorthófaí ceannas ón bpobal, agus nach n-aithneofaí an Choróin ach mar cheann siombalach ar nasc polaitiúil na hÉireann leis an gComhlathas. Bhí dhá phríomhghné ag na taicticí a úsáideadh chun an chríoch seo a bhaint amach. Phléigh agus chomhaontaigh na toscairí nithe a raibh níos lú tábhachta ag baint leo, amhail cistiú, ar dtús agus chuir siar ceisteanna a bhain le stádas agus an Choróin go dtí céimeanna deiridh na gcainteanna. Shuigh siad an toscaireacht freisin ionas go mbeadh aon chliseadh sna cainteanna dírithe ar ‘Chúige Uladh’ nó ‘aontacht bhunriachtanach’ (is é sin le rá, na sé chontae a chomhtháthú i bhfoirm éigin laistigh de stát Éireannach uileghabhálach) agus ní ar an gCoróin nó ar stádas. Ba é an smaoineamh a bhí ar chúl an chuir chuige seo nach mbeadh tacaíocht ag Rialtas na Breataine ó dhearcadh a bpobail sa bhaile tús a chur arís lena bhfeachtas míleata in Éirinn sa chéad chás, ach bheadh sa dara cás.

Bhí na Briotanaigh sásta freisin plé ar na príomhcheisteanna a chur siar go dtí níos faide anonn sna cainteanna. Nuair nárbh fhéidir na ceisteanna seo a sheachaint a thuilleadh, áfach, bhí difríochtaí bunúsacha ó sheasamh na nÉireannach le feiceáil go soiléir láithreach. Bhí Príomh-Aire na Breataine, David Lloyd George, diongbháilte gurbh éigean dearcadh na Breataine i dtaca leis an gCoróin, agus ballraíocht na hÉireann sa Chomhlathas, a bheith mar chuid den chomhaontú deiridh.

Cárta poist le cúig phortráid ar leithligh i bhfrámaí ubhchruthacha

Cárta poist den chúigear lánchumhachtach | ©Ard-Mhúsaem na hÉireann

Láimhseáil foireann idirbheartaíochta na hÉireann, faoi cheannas Airt Uí Ghríobhtha ach nach raibh Uachtarán Dháil Éireann, Éamon de Valera2, ina bhall di, láimhseáil siad na caibidlí go han-mhaith. Go luath i mí na Samhna bhí siad i suíomh maith chun a chinntiú ‘go gclisfeadh na cainteanna maidir le Cúige Uladh’ dá mbeadh siad i sáinn. D’úsáid Lloyd George, áfach, taicticí cliste reitriciúla chun a shuíomh féin a athrú agus thug sé moladh isteach an chríoch ar an oileán a atarraingt le ‘Coimisiún na Teorann’. Mar sin, thug sé ar Ó Gríobhtha, agus tríd sin ar na hionadaithe Éireannacha eile, glacadh le réiteach lenar aithníodh an Choróin agus lenar tugadh aitheantas do stádas na hÉireann mar thiarnas den Chomhlathas, ach nár dheimhnigh aontacht na hÉireann. Ba iad seo príomhfhorálacha an Chonartha a síníodh ar an 6 Nollaig 1921.

Díospóireachtaí

Tharla an díospóireacht maidir leis an gcomhaontú in Westminster ar feadh trí lá gan aon mhórdheacracht. Mar sin féin, chuir an dream dígeanta den pháirtí i leith comhaltaí Coimeádacha d’fhoireann idirbheartaíochta na mBriotanach, go mór mór an Tiarna Birkenhead, go ndearna siad feall ar thraidisiúin aontachtacha an pháirtí.

Bhí an díospóireacht in Éirinn níos faide agus bhí daoine i bhfad níos tógtha faoi, agus rinneadh i bhfad níos mó dochar polaitiúil agus daonna mar gheall ar an scoilt i dtuairimí. Sa Chonradh féin bhí foráil go bhfaighfí an ceadú riachtanach ó ‘na comhaltaí tofa chun suí i dTeach na dTeachtaí i nDeisceart na hÉireann,’ Dáil Éireann, gurbh é an dara tionól sin a cheap foireann idirbheartaíochta na hÉireann. Ach ní raibh aon amhras ann go ndéanfadh an Dáil díospóireacht ar an téacs dáiríre.

Grianghraf de bheirt fhear ag siúl trí na geataí, 1921 nó 1922

Ag teacht chuig Ardán Phort an Iarla le haghaidh Dhíospóireachtaí an Chonartha | Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Tharla an díospóireacht seo idir an 14 Nollaig 1921 agus an 7 Eanáir 1922, le sos le haghaidh na Nollag agus na bliana úire. Le linn Díospóireacht an Chonartha i nDáil Éireann, bhunaigh na daoine a thacaigh leis an gConradh a n-argóintí den chuid ba mhó ar na buntáistí nithiúla a bhí ar fáil leis, go háirithe státacht agus aslonnú fhórsaí na Breataine ó Shaorstát nua Éireann. Chuir siad béim ar an mbagairt go mbeadh de thoradh ar dhiúltú cogadh scriosach arís. Dhírigh na daoine a chuir i gcoinne an Chonartha a n-aird ar fhealladh ar an bPoblacht dar leo. Cuireadh seo in iúl, a d’áitigh siad, de bhrí go raibh glacadh le stádas tiarnais agus an Choróin, na srianta ar shaoirsí na hÉireann i réimsí mar chosaint, agus an fhíric gur fhan an teorainn pholaitiúil idir an tuaisceart agus an deisceart.

Cartún Punch ina léirítear taistealaí agus tábhairneoir

Cartún mar fhreagairt ar an gConradh | Leabharlann Cartún Punch/TopFoto

Bhí an vóta deiridh, 64 go 57 ar son an Chonartha, cóngarach go leor lena thabhairt orthu siúd ar an taobh a chaill, a thaobhaigh leis an Uachtarán de Valera, leanúint lena bhfeachtais ina choinne lasmuigh den Dáil.

Fiosraíodh buntáistí agus míbhuntáistí an dá sheasamh go mion, le mórán athrá idir cainteoirí agus naimhdeas pearsanta a bhí faoi cheilt roimhe sin nochta agus le feiceáil go poiblí. Bhí an vóta deiridh, 64 in aghaidh 57 ar son an Chonartha, cóngarach go leor lena áitiú orthu siúd ar an taobh a chaill, a thaobhaigh leis an Uachtarán de Valera, leanúint lena bhfeachtas ina choinne lasmuigh den Dáil. Chuaigh na buaiteoirí i gcumann leis an líon beag aontachtaithe a toghadh i dtoghcheantair ó dheas in olltoghchán 1921 chun an faomhadh foirmiúil a chur ar fáil a leagadh síos sa Chonradh. Tionóladh suí ar an 14 Eanáir 1922, gan na teachtaí poblachtacha a bhí in éadan an Chonartha i láthair, agus daingníodh an Conradh.

Forfheidhmiú

Thosaigh forfheidhmiú an Chonartha láithreach. Ainmníodh Micheál Ó Coileáin mar Chathaoirleach an Rialtais Shealadaigh. Cheap sé coiste a raibh de dhualgas acu bunreacht a dhréachtú don Saorstát agus thosaigh sé earcaíocht le haghaidh Arm Náisiúnta nua. Bhí foráil lena n-aghaidh seo beirt sa chomhaontú.

Saighdiúirí ag máirseáil lasmuigh de gheataí beairice 1922

An tArm Náisiúnta ag teacht in áit Arm na Breataine ag Beairic Richmond | Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Bhí mearbhall in aigne a lán daoine maidir leis an difríocht idir an Rialtas Sealadach nua seo agus Feidhmeannas na Dála a bhí ann cheana. Bhí Feidhmeannas na Dála faoi uachtaránacht Uí Ghríobhtha tar éis do de Valera éirí as mar agóid in aghaidh vóta an Chonartha. Lean an déchumhacht seo ar aghaidh go dtí gur tionóladh an Tríú Dáil san fhómhar 1922. Fuair Ó Coileáin agus Ó Gríobhtha, chomh maith le roinnt poblachtach a bhí i gcoinne an Chonartha, bás san idirlinn de dheasca an Chogaidh Chathartha. Dhearbhaigh an Tríú Dáil, a toghadh ní ba luaithe sa samhradh ar bhonn 26 contae, William Cosgrave ina ról mar Cheannaire an Rialtais.

Triúr fear ag siúl, 1921 nó 1922

W.T. Cosgrave (sa lár) ag teacht chuig Ardán Phort an Iarla le haghaidh Dhíospóireachtaí an Chonartha | Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Tháinig ann do Shaorstát Éireann go foirmiúil ar an 6 Nollaig 1922, bliain agus lá tar éis don Chonradh a bheith sínithe. Tharla seo gan sé chontae Thuaisceart Éireann. Bhí rialtas Thuaisceart Éireann tar éis úsáid a bhaint as foráil den Chonradh lenar ceadaíodh dó é féin a vótáil amach as dlínse an tSaorstáit. Ón bpointe seo ar aghaidh, thosaigh an tOireachtas mar is eol dó anois ag feidhmiú. Shuigh Dáil Éireann ar an 6 Nollaig agus chruinnigh an teach uachtarach nua, Seanad Éireann, le chéile den chéad uair ar an 11 Nollaig 1922.


Fonótaí

1 Nó ‘An Conradh idir an Bhreatain Mhór agus Éire’ mar a tugadh air freisin, agus uaireanta ‘Airteagail Chomhaontaithe’. Ní raibh an focal ‘Conradh’ sa téacs a síníodh go luath maidin an 6 Nollaig 1921, ach ba é ‘Airteagail Chomhaontaithe’ an teideal a bhí air. Níos moille an mhaidin sin cuireadh scéala chuig toscaireacht na Breataine go raibh na hÉireannaigh ag iarraidh é a bheith san áireamh sa teideal, agus ag cruinniú Chomh-aireacht na Breataine, a tionóladh ag 12.30pm an lá sin, faomhadh an leasú. Faoin am seo, áfach, bhí Éamonn Ó Dubhgháin imithe cheana féin ó Londain ar a bhealach go hÉirinn leis an aon chóip shínithe den chomhaontú (gan an tagairt do ‘Chonradh’) a choinnigh an taobh Éireannach. Ba é seo an chóip a thug Ó Dhubhgháin don Uachtarán de Valera an tráthnóna sin.

2 Ba iad Micheál Ó Coileáin, Éamonn Ó Dubhgáin, Seoirse Gabhánach Ó Dubhthaigh agus Riobárd Bartún na lánchumhachtaigh eile. D’fhóin ceathrar eile – Erskine Childers, Fionán Ó Loingsigh, Diarmuid Ó hÉigeartaigh, agus John Chartres – mar rúnaithe don toscaireacht.

Barr
Roinn