Bíonn an Ghaeilge le cloisteáil gach lá i seomra na Dála, i seomra an tSeanaid agus ar fud na dTithe i measc Comhaltaí, baill foirne agus cuairteoirí.
Leagtar amach inár Scéim teanga agus Straitéis don Ghaeilge na seirbhísí a sholáthraítear i nGaeilge, i mBéarla agus sa dá theanga.
- Billí agus Achtanna
-
Féadfar Achtanna an Oireachtais a fhoilsiú ar líne i mBéarla nó i nGaeilge, ach foilsítear na leaganacha clóite i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna.
- Díospóireachtaí
-
Féadfaidh comhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas labhairt i nGaeilge nó i mBéarla le linn imeachtaí sa Dáil, sa Seanad agus sna coistí. Doiciméid dhátheangacha atá i gceist le Riar na hOibre de chuid na Dála agus le Riar na hOibre de chuid an tSeanaid, lena n-áirítear Gaeilge agus Béarla.
Nuair a labhraíonn Teachtaí Dála agus Seanadóirí i nGaeilge sna Tithe, déantar an méid a deir siad a aistriú go comhuaineach ar mhaithe leis na Comhaltaí sin nach bhfuil Gaeilge acu. Tá sé de cheart ag daoine den phobal nó ag oifigigh a bhíonn i láthair choistí an Oireachtais Gaeilge nó Béarla a úsáid chomh maith.
Foilsítear an Tuarascáil Oifigiúil ar imeachtaí na Dála, an tSeanaid agus na gCoistí sa teanga a roghnaigh an cainteoir.
- Cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal
-
Féadfaidh daoine teagmháil a dhéanamh le Tithe an Oireachtais i nGaeilge nó i mBéarla. Tugaimid freagra ar chomhfhreagras i scríbhinn sa teanga chéanna inar scríobhadh é a chéaduair.
Cuirtear ár gcomharthaíocht phoiblí agus ár leabhráin eolais ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Tá leathanaigh statacha ar shuíomh gréasáin Thithe an Oireachtais ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla agus is féidir le léitheoirí dul ó theanga go teanga go héasca.
- Rannóg an Aistriúcháin
-
Soláthraíonn Rannóg an Aistriúcháin seirbhísí aistriúcháin do Thithe an Oireachtais. Déanann sí aistriúcháin oifigiúla ar Achtanna an Oireachtais agus táirgeann sí ábhar aistriúcháin le haghaidh Riar na hOibre an dá Theach. Cuireann sí seirbhís ateangaireachta comhuainí ar fáil freisin don Dáil, don Seanad agus do choistí chomh maith le seirbhís aistriúcháin chomhfhreagraigh do Chomhaltaí. Aistríonn an Rannóg ionstraimí reachtúla freisin, Buan-Orduithe na dTithe, pleananna straitéiseacha agus tuarascálacha bliantúla Choimisiún Thithe an Oireachtais agus doiciméid eile le haghaidh Thithe an Oireachtais.
Tá an Rannóg freagrach as graiméar oifigiúil caighdeánach na Gaeilge – An Caighdeán Oifigiúil – agus coinníonn sí gluaiseanna de théarmaíocht oifigiúil a bhíonn in úsáid sna hAchtanna. Faoi threoir an Phríomh-Aistritheora, tugann sí leaganacha oifigiúla ainmneacha Gaeilge na gcomhlachtaí agus scéimeanna Stáit sa reachtaíocht agus is í an Rannóg údarás náisiúnta an Stáit maidir le leagan Gaeilge de chonarthaí an Aontais Eorpaigh.
- An Caighdeán Oifigiúil
-
Cuireann Rannóg an Aistriúcháin de chuid Thithe an Oireachtais an caighdeán oifigiúil le haghaidh scríobh na Gaeilge ar fáil. Tugtar an Caighdeán Oifigiúil air.
Tugadh aitheantas oifigiúil d'údarás Rannóg an Aistriúcháin i dtaca le cúrsaí gramadaí agus ortagrafaíochta sa bhliain 1957 tar éis don Taoiseach iarraidh ar an bpríomh-aistritheoir lámhleabhar a ullmhú lena chur i gcló “mar chaighdeán le haghaidh gnóthaí oifigiúla agus mar threoir do mhúinteoirí agus don phobal i gcoitinne”. De bharr an tionscadail sin, tháinig 'An Caighdeán Oifigiúil – Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge' ar an saol sa bhliain 1958. Tá an Caighdeán fós in úsáid sa lá atá inniu ann.
Tugadh stádas reachtúil don Chaighdeán Oifigiúil le halt 2 den Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2013 agus cinneadh gur chóir an chéad athbhreithniú reachtúil a dhéanamh gan mhoill. I mí Mheán Fómhair 2014, iarradh ar dhaoine den phobal agus ar pháirtithe leasmhara eile aighneachtaí a dhéanamh i ndáil leis an gCaighdeán Oifigiúil. Cuireadh coiste comhairleach ar bun freisin agus d'oibrigh sé gan stad gan staonadh ar feadh bliain go leith chun saincheisteanna a aithint agus chun moltaí a dhéanamh. Is é toradh na hoibre seo an t-eagrán athbhreithnithe den Chaighdeán Oifigiúil, arna fhoilsiú ag Seirbhís Thithe an Oireachtais in 2017.
- Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge
-
Bunaíodh Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun úsáid na Gaeilge sa phobal, sna healaíona, san oideachas, sa spórt, sa saol gnó, sna meáin agus sa saol polaitíochta a chur chun cinn. Tá sé ag obair ar son stádas na Gaeilge mar chéad teanga oifigiúil in Éirinn a chomhlíonadh ar bhealach fiúntach infheicthe. Déanann an coiste a ghnó go léir trí mheán na Gaeilge.
Féach
Tionchar na coimhlinte ar shaol na ndaoine
Agus teanga a dídine — an Ghaeilge — á húsáid aici, tugann an dídeanaí Úcránach Nadia Dobrianska cuntas thar a bheith pearsanta ar iarmhairtí na coimhlinte.
Féach
Léacht de chuid Sheachtain na Gaeilge 2023
Mar chuid de cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge 2023, thug an Dr. Conchubhar Ó Crualaoich léacht ar an ábhar ‘Logainmneach: Tobar Feasa agus Oidheachta.
Sraith léachtaí Sheachtain na Gaeilge
- 2022 | An tOllamh Regina Uí Chollatáin
-
Chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge, d’fháiltigh Tithe an Oireachtais roimh léacht speisialta leis an Ollamh Regina Uí Chollatáin dar teideal, ‘An Piarsach agus Iriseoireacht na Gaeilge: Iriseoir Intleachtúil, Oideachasóir, agus Réabhlóidí’.
Féadann tú féachaint ar an léacht anseo.
- 2021 | An Dr Mary MacDiarmada
-
Chun Seachtain na Gaeilge, 2021 a cheiliúradh, d’fháiltigh an Leas-Cheann Comhairle, an Teachta Catherine Connolly, roimh léacht speisialta leis an Dr Mary MacDiarmada faoin gConradh Angla-Éireannach in 1921. Pléann sí bunú Dháil Éireann in 1919, Cogadh na Saoirse agus síniú an Chonartha.
Féadann tú féachaint ar an léacht anseo.
- 2019 | Cuan Ó Seireadáin
-
Ar an 12 Márta 2019 d’fhéach Cuan Ó Seireadáin ar an tábhacht a bhí le 6 Sráid Fhearchair sna chéad chruinnithe a bhí ag Dáil Éireann in 1919.
Féadann tú féachaint ar an léacht anseo.
- 2018 | Máire Geoghegan-Quinn
-
D’eagraigh Tithe an Oireachtais léacht speisialta le Máire Geoghegan-Quinn chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge. Labhair an t-iar-Aire agus an t-iar-Choimisinéir Eorpach faoina thábhachtaí atá ár dteanga náisiúnta di féin agus ina cuid oibre agus faoina saol agus faoina gairm i bpolaitíocht na hÉireann agus na hEorpa.
Féadann tú féachaint ar an léacht anseo.
Frásaí úsáideacha i nGaeilge
Teachtaí Dála agus Seanadóirí: ar mhaith leat níos mó Gaeilge a úsáid i d’óráidí sna Tithe? Féach ár liosta frásaí úsáideacha i nGaeilge.
Dáil Éireann: Céard is ainm ann?
Tá téarmaíocht ár bparlaiminte náisiúnta uathúil d’Éirinn. Céard iad bunús focal ar nós “Oireachtas”, “Dáil” agus “Teachta Dála”?
An Ghaeilge sa Chéad Dáil
Bhí mearbhall ar na hiriseoirí iasachta a bhí i láthair ag an gcéad suí a bhí ag an gCéad Dáil ar an 21 Eanáir 1919 gur i nGaeilge a reáchtáladh na himeachtaí. Bhí na Teachtaí Dála a cruthaíodh as nua ar a míle dícheall a thaispeáint go bhfuil teanga uathúil in Éirinn, is í sin an Ghaeilge.
Seasamh reachtúil na Gaeilge
- Bunreacht na hÉireann
-
Leagtar stádas na Gaeilge amach mar seo a leanas in Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann:
1. Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.
2. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.
3. Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d'fhonn ceachtar den dá theanga sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de.
- Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003
-
Chuir Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 bonn reachtúil faoi sholáthar seirbhísí an Stáit go ginearálta trí mheán na Ghaeilge. Is é aidhm an Achta líon agus caighdeán na seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal trí mheán Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Cruthaíonn an reachtaíocht áit agus spás don teanga i saol poiblí na tíre.
Maidir le halt 6 den Acht, is mar seo a leanas a phléitear le húsáid na dteangacha oifigiúla i dTithe an Oireachtais:
6.—(1) Beidh ceart ag comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid in aon díospóireachtaí nó in aon imeachtaí eile sa Teach sin nó de chuid coiste de cheachtar Teach,
comhchoiste den dá Theach nó fochoiste de choiste nó de chomhchoiste den sórt sin.(2) Beidh ceart ag duine a bheidh ag láithriú os comhair ceachtar Tí den Oireachtas nó os comhair coiste, comhchoiste nó fochoiste den sórt sin a dúradh ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid.
(3) Déanfar gach tuairisc oifigiúil ar dhíospóireachtaí agus ar imeachtaí eile Thithe an Oireachtais a fhoilsiú i ngach ceann de na teangacha oifigiúla, ach amháin go bhféadfar óráidí daoine (cibé acu ó bhéal nó i scríbhinn) i gceachtar de na teangacha oifigiúla a fhoilsiú inti sa teanga sin amháin.
Tagraíonn alt 7 den Acht d'Achtanna an Oireachtais:
7.—A luaithe is féidir tar éis aon Acht den Oireachtas a achtú, déanfar an téacs den chéanna a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.
- An Coimisinéir Teanga
-
Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 mar oifig reachtúil neamhspleách. Is seirbhís ombudsman í agus is gníomhaireacht chomhlíonta í freisin. Déanann an Coimisinéir Teanga faireachán ar mar a chomhlíonann comhlachtaí poiblí forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.
- An tAontas Eorpach
-
Tá an Ghaeilge ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus is teanga oibre í de chuid Pharlaimint na hEorpa. Is féidir le saoránaigh an Aontais Eorpaigh dul i dteagmháil le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh, agus freagra a fháil, i nGaeilge.
Rinneadh teanga oibre oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh den Ghaeilge sa bhliain 2007 faoi Rialachán (CE) Uimh. 920/2005 ón gComhairle. Ciallaíonn sé sin go ndéantar reachtaíocht a cheadaíonn Parlaimint na hEorpa agus Comhairle na nAirí araon a aistriú go Gaeilge, agus go bhfuil ateangaireacht ón nGaeilge ar fáil ag seisiúin iomlánacha Pharlaimint na hEorpa agus ag roinnt cruinnithe de chuid na Comhairle Eorpaí. Foráladh le maolú an rialacháin nach gcaithfear na doiciméid go léir a aistriú go Gaeilge.
Sa bhliain 2015, leagadh amach i Rialachán (AE, Euratom) 2015/2264 ón gComhairle sceideal cinntitheach le haghaidh laghdú ar mhaolú na Gaeilge de réir a chéile. Tá an laghdú seo le tarlú thar chúig bliana – ag tosú in 2016 agus ag críochnú roimh Eanáir 2022.
Téigh i dteagmháil le Rannóg an Aistriúcháin
Rannóg an Aistriúcháin
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20
(01) 618 3922