Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oifig na gComhairleoirí Dlí Parlaiminte

Is í Oifig na gComhairleoirí Dlí Parlaiminte (OCDP) an fhoireann dlí intí atá ag Tithe an Oireachtais.

Mar dhlíodóirí na Parlaiminte, táimid go hiomlán neamhspleách ar an Rialtas, agus cuirimid comhairle dlí speisialtóra, neamhchlaonta ar fáil maidir le réimse leathan saincheisteanna dlí parlaiminteacha, bunreachtúla agus corparáideacha don Pharlaimint, dá Comhaltaí agus dá foireann.

Ár seirbhísí

Comhairle dlí pharlaiminteach do Chomhaltaí
Comhairle dlí agus seirbhísí dréachtaithe i leith Bhillí Comhaltaí Príobháideacha
Dlíthíocht
Na réimsí dlí a dtugann OCDP comhairle fúthu

Treoracha

Treoracha maidir lenár seirbhísí

Sna treoracha seo, gheobhaidh tú tuilleadh sonraí faoinár gcuid seirbhísí. D’fhéadfadh Comhaltaí den Oireachtas teagmháil a dhéanamh linn chun ár seirbhísí a úsáid.

Príomhchomhairleoir Dlí Parlaiminte

Mellissa English

Príomhchomhairleoir Dlí Parlaiminte

Tá an Príomhchomhairleoir Dlí Parlaiminte, Mellissa English, Abhcóide Sinsearach, Rúnaí Cúnta, i gceannas ar OCDP. Mar Rúnaí Cúnta, suíonn Mellissa ar Bhord Bainistíochta Sheirbhís Thithe an Oireachtais.

Tá Mellissa i gceannas ar fhoireann 22 dhlíodóir, a bhfuil taithí agus cáilíochtaí gairmiúla acu ar fad mar dhlíodóir nó mar abhcóide sa Stát, i dteannta taighdeoirí dlí agus foireann um thacaíocht riaracháin.

Foireann OCDP

Sinéad O’Brien, Kieran Mooney, Mellissa English, Cathy Egan agus Ramona Quinn

Foireann OCDP

Agus 33 bhall san iomlán san fhoireann, tá Abhcóide Comhairleach, Dréachtóir Parlaiminte Cúnta, taighdeoirí dlí agus foireann um thacaíocht riaracháin i bhfoireann OCDP. Cuireann siad seirbhísí ar fáil sna ceithre chomhpháirt a leanas, agus Príomhoifigeach i gceannas ar gach ceann díobh:

  • Ramona Quinn, dlíodóir – Comhairleoir Dlí um Sheirbhísí Parlaiminte
  • Sinéad O’Brien, dlíodóir - Comhairleoir Dlí Corparáideach
  • Cathy Egan, dlíodóir - Comhairleoir Dlí Billí Comhaltaí Príobháideacha
  • Kieran Mooney BL - Dréachtóir Reachtach Parlaiminte

Cad é sainchúram OPLA?

Déantar foráil d’fheidhmeanna an OPLA agus an Phríomhchomhairleora Dlí Parlaiminte in Achtanna um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003 go 2021. Cuirtear comhdhlúthú neamhoifigiúil ar Achtanna um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003 go 2021 ar fáil anseo.

Sonraí teagmhála

Oifig na gComhairleoirí Dlí Parlaiminte
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20

 

(01) 618 3657

opla@oireachtas.ie

Barr
Roinn