Is é an Dáil Teach Íochtarach an Oireachtais. Is “Teachta Dála” an teideal oifigiúil Gaeilge atá ar Chomhalta den Dáil. Tugtar “Teachtaí Dála” nó “Teachtaí” ar Chomhaltaí de ghnáth.
Teachtaí Dála
Níl líon na gComhaltaí den Dáil socraithe. Foráiltear leis an mBunreacht, áfach, nach mór TD amháin ar a laghad a bheith ann in aghaidh gach 20,000 nó 30,000 duine. Tá 160 Teachta Dála ann faoi láthair.
Comhaltaí de pháirtí polaitíochta iad formhór na dTeachtaí Dála. Is iomaí Teachta atá ann ar Comhaltaí Neamhspleácha iad, áfach. Gníomhaíonn Teachtaí Dála mar nasc idir a dtoghthóirí agus an Rialtas agus an tOireachtas. Mar shampla, i gcás ina dtarraingíonn toghthóir aird TD ar shaincheist ar leith, féadfaidh an TD an tsaincheist sin a tharraingt anuas sa Dáil mar Shaincheist Thráthúil nó ceist pharlaiminte a chur i dtaca léi.
An Ceann Comhairle
Tar éis olltoghcháin, tagann an Dáil nuathofa le chéile agus toghann sí an Ceann Comhairle, a ghníomhaíonn mar Chathaoirleach ar an Dáil. Toghann an Dáil Leas-Cheann Comhairle freisin. Cuireann an Ceann Comhairle tús leis an bpróiseas chun Rialtas a chruthú trí iarraidh ar chomhalta den pháirtí nó den ghrúpa is mó sa Teach a cheannaire páirtí a thoghadh chuig an bpost mar Thaoiseach. Má bhíonn níos mó ná ainmní amháin ann, reáchtálfar vóta.
Airí
Ceapann an Taoiseach Teachtaí Dála chuig poist mar Airí agus Airí Stáit sna Ranna éagsúla Rialtais. Tugtar Binse Tosaigh an Rialtais ar na Teachtaí sin. Tugtar Cúlbhinseoirí ar na Teachtaí nach dtugtar ról mar Airí dóibh. Ceapann na páirtithe Freasúra urlabhraithe ar na hAireachtaí éagsúla. Tríd sin, cruthaíonn siad a mBinsí Tosaigh agus a gCúlbhinsí féin.
Aoirí
Ceapann gach páirtí Aoire freisin. Tá freagracht ar na hAoirí as a chinntiú go bhfreastalaíonn Teachtaí Dála an pháirtí ar vótálacha sa Dáil. Tagann siad le chéile gach seachtain chun an clár oibre a shocrú don ghnó a dhéanfar sa Dáil an chéad seachtain eile. Tugtar an Príomh-Aoire ar Aoire an Rialtais.
Díospóireachtaí
Is gnách go dtagann Comhaltaí Dháil Éireann le chéile i seisiún iomlánach ar an Máirt, ar an gCéadaoin agus ar an Déardaoin. Is féidir amharc ar na díospóireachtaí beo ar an suíomh gréasáin seo. Is féidir freisin an Tuairisc Oifigiúil ar na díospóireachtaí a léamh. Foilsítear anseo í an lá dar gcionn ar a dhéanaí.
Ar ghnáthlá suí, féadfaidh an Dáil díospóireacht a dhéanamh ar dhlí molta, ar a dtugtar Bille, agus a chinneadh cé acu a rithfidh nó nach rithfidh sí é chuig an gcéad Chéim eile. Féadfaidh Comhaltaí ceisteanna a chur ar an Taoiseach, ar an Tánaiste nó ar Aire ar leith. Tugann an tAire ábhartha freagra i scríbhinn ar aon cheisteanna nach dtugtar freagra orthu sa Dáil.
Ina theannta sin, féadfaidh Teachtaí Dála ceist a chur ar an Rialtas faoin dul chun cinn atá déanta i leith píosa reachtaíochta. Cuirtear am i leataobh sa Dáil ar féidir le Comhaltaí Saincheisteanna Tráthúla a tharraingt anuas lena linn. Is minic gur saincheisteanna sonracha dáilcheantair iad sin. Is féidir go gcuirfear am Comhaltaí Príobháideacha ar fáil freisin. Lena linn sin, féadfaidh Comhaltaí den Fhreasúra rúin a mholadh nó Billí a chur i láthair.
Nuashonraithe go deireanach: 19 Deireadh Fómhair 2020